Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta27 Aibreán 2022An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Buaiteoirí an chomórtais Aistritheoirí Óga 2022 fógartha

Fógraíodh buaiteoirí an chomórtais Aistritheoirí Óga 2022 ag searmanas bronnta i mBaile Átha Cliath inniu. 

The winners of the 2022 Aistritheoirí Óga competition with Minister Jack Chambers, Barbara Nolan and Seán Hade

Cúigear daltaí meánscoile a bhain an liosta amach – duine as gach cúige in Éirinn (as na haistriúcháin a rinne siad ó Bhéarla go Gaeilge) agus duine a roghnaíodh as a sár-aistriúchán ó Fhraincis go Gaeilge. 

Is as Ceatharlach, Gaillimh, Ciarraí, Ros Comáin agus Tír Eoghain buaiteoirí na bliana seo.

Is é aistriúchán Chainnear Nic Réamoinn as Coláiste Chroí Mhuire i nGaillimh, a roghnaíodh mar an t-aistriúchán ab fhearr ar fad sa tír. 

Ag labhairt dó ag searmanas bronnta an lae inniu, mheabhraigh an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers TD, do bhuaiteoirí na bliana seo gur tháinig deireadh le maolú na Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh ar an 31 Nollaig 2021.  Dúirt sé go bhfuil sé ‘thar a bheith tábhachtach go mbeidh scileanna aistriúcháin den scoth ag na daoine atá ag iarraidh na poist san AE a líonadh sna blianta amach romhainn.’  Ag labhairt dó, bhí an méid seo le rá aige ‘Tá scileanna iontacha léirithe ag na buaiteoirí agus ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a ghabháil leis na buaiteoirí agus leis na hiarratasóirí uile a ghlac páirt sa chomórtas i mbliana. Maith sibh!’

Dúirt Seán Hade, Ceann Roinn na Gaeilge sa Choimisiún Eorpach, gur cheart do na daltaí a ghlac páirt i gcomórtas na bliana seo ‘a bheith an-bhródúil as an méid atá bainte amach acu’ agus ‘go n-ardaíonn sé [a] chroí an t-ardchaighdeán agus an cruinneas a léirigh na buaiteoirí ina n-aistriúcháin.’ Thagair Seán don raon teangacha a d’úsáid na daltaí i gcomórtas na bliana seo, agus dúirt sé gur ‘díol sásaimh’ é agus go bhfuil ‘súil againn cur leis an raon sin sna blianta amach romhainn.’ Ar deireadh, dúirt sé go raibh súil aige ‘gur spreag an obair seo [na hiarrthóirí] le smaoineamh faoi ghairm an aistriúcháin amach anseo.’

An Comórtas

Ba é seo an cúigiú heagrán den chomórtas Aistritheoirí Óga, a bhíonn á reáchtáil ar bhonn bliantúil ag an gCoimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann i gcomhar le chéile. Tá trí sprioc ag an gcomórtas seo: ardchaighdeán Gaeilge a chur chun cinn, an t-ilteangachas a spreagadh i measc daltaí meánscoile agus suim na ndaltaí céanna a mhúscailt i ngairmeacha le teangacha.

Ghlac daltaí ó 22 scoil páirt i gcomórtas na bliana seo agus d’aistrigh siad téacsanna ó Bhéarla, Fraincis, Gearmáinis agus Spáinnis go Gaeilge. 

Sé chatagóir atá sa chomórtas: duais as an aistriúchán is fearr ó Bhéarla i ngach cúige, príomhdhuais as an aistriúchán is fearr i gceithre chúige Éireann, agus duais as an aistriúchán is fearr ó theanga seachas an Béarla.

Liosta buaiteoirí 2022:

An t-aistriúchán is fearr i gceithre chúige Éireann:

Cainnear Nic Réamoinn, Coláiste Chroí Mhuire, Gaillimh

An t-aistriúchán is fearr (ó Bhéarla go Gaeilge) a rinneadh i gCúige Chonnacht

Tomás Ó hUiginn, Coláiste Pobail Ros Comáin, Ros Comáin

An t-aistriúchán is fearr (ó Bhéarla go Gaeilge) a rinneadh i gCúige Laighean

Seán Holt, Gaelcholáiste Cheatharlach, Ceatharlach

An t-aistriúchán is fearr (ó Bhéarla go Gaeilge) a rinneadh i gCúige Mumhan

Liam Ó hÓgáin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Ciarraí

An t-aistriúchán is fearr (ó Bhéarla go Gaeilge) a rinneadh i gCúige Uladh

Niamh Ní Mhuirí, Scoil Iósaef, Tír Eoghain

An t-aistriúchán is fearr ó theanga seachas an Béarla (aistriúchán ó Fhraincis go Gaeilge):

Cainnear Nic Réamoinn, Coláiste Chroí Mhuire, Gaillimh                                            

Cúlra an chomórtais

Seoladh an chéad eagrán den chomórtas i mí Dheireadh Fómhair 2017. Tá cead cur isteach air ag daltaí a bhfuil 15 bliana nó níos mó slánaithe acu.

Tá an comórtas mar chuid d’iarracht fhorleathan feasacht a ardú maidir leis an tábhacht agus an tairbhe a bhaineann le stádas iomlán na Gaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais Eorpaigh. Ó bhí an 1 Eanáir 2022 ann, ní mór an reachtaíocht go léir a achtaítear san Aontas a aistriú go Gaeilge (mar a dhéantar cheana i gcás na 23 theanga oifigiúla eile).  Chuige sin, beidh ar institiúidí an Aontais Eorpaigh a chinntiú go mbeidh foireann cháilithe leordhóthanach acu chun na hoibleagáidí nua a chomhlíonadh.

Sonraí

Dáta foilsithe
27 Aibreán 2022
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn