Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta19 Aibreán 2023An Ionadaíocht in Éirinn

Óráid ón Uachtarán von der Leyen ag an gcomhdháil ‘Comhaontú 25' arna heagrú ag Ollscoil na Banríona Béal Feirste

Óráid ón Uachtarán von der Leyen ag an gcomhdháil ‘Comhaontú 25' arna heagrú ag Ollscoil na Banríona Béal Feirste

A aíonna oirirce,

A dhaoine uaisle,

A chairde,

I dtosach báire, is mian liom mo bhuíochas a ghabháil le hOllscoil na Banríona Béal Feirste agus leis an Rúnaí Clinton as an ócáid iontach seo a eagrú. Deis atá ann buíochas a ghabháil le tionscnóirí Chomhaontú Aoine an Chéasta (Comhaontú Bhéal Feirste) agus iad a mholadh, sin agus níos tábhachtaí fós, deis atá ann féachaint ar thodhchaí na síochána i dTuaisceart Éireann agus ar an gcairdeas idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach. Ba mhaith liom tosú amach le cuimhne phearsanta. Nuair a bhí mé sna fichidí, bhí mé ag déanamh staidéir i Londain agus thit mé i ngrá leis an gcathair bheoga ríthábhachtach, cathair a bhí idir shuimiúil agus chosmapolaiteach. Bhí sé sin déanach sna 1970í, agus cúpla bliain roimhe sin bhí Duais Nobel na Síochána bainte ag gluaiseacht síochána na mban i dTuaisceart Éireann. É sin ráite, níorbh ann a thuilleadh don dóchas a spreag an t-aitheantas sin. Le linn mo chuid ama i Londain, nuair a chuala mé faoi Thuaisceart Éireann ar an nuacht, agus scéalta faoi choinbhleacht, faoi bhuamaí agus faoi fhoréigean ar na sráideanna a bhí ann.

Sa lá atá inniu ann, tá mo chuid páistí féin sna fichidí. Ní hionann an dearcadh atá acu anois agus an dearcadh a bhí agam féin. Athmhuintearais agus dóchas; sin a fheiceann siadsan. Dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta. Dar le daoine óga na hEorpa, is áit ar leith í Tuaisceart Éireann. Is áit í atá lán de cheol, de sheiteanna scannán agus de thírdhreacha áille. Is ann don todhchaí ghléigeal sin i ngeall ar an méid a thit amach ar Aoine an Chéasta 25 bliana ó shin. Bheartaigh ceannairí agus muintir Thuaisceart Éireann síol a chur san ithir a bhí daite roimhe sin le fuil agus le deora. Síol na síochána agus na féidearthachta a bhí ann do na glúnta nua, agus síol atá ag fás leis gan náire ó shin i leith. Inniu, gabhaimid buíochas leis na daoine go léir a chuir an síol sin. Gabhaimid buíochas leis na ceannairí aislingeacha – as gach pobal i dTuaisceart Éireann, sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn a chreid, cé go mbíonn na daoine á múnlú ag an stair, gur féidir leis na daoine an stair a mhúnlú freisin. Agus is é sin atá ag tarlú ó shin i leith. Muintir Thuaisceart Éireann, tá siad tar éis stair nua a mhúnlú. Dar ndóigh, ní féidir dearmad a dhéanamh choíche ar bhlianta fada na dTrioblóidí. Ní féidir insint eile a chur ar an stair. Ach is féidir insint eile a chur ar an am i láthair agus an todhchaí i gcónaí. Agus chinn muintir Thuaisceart Éireann díriú go baileach ar an méid sin – a gcinniúint féin a ghlacadh chucu féin.

Agus nuair a bhuail mé le Príomh-Aire Sunak den chéad uair, ba léir an dearcadh áirithe sin. Is ag Comhdháil Aeráide na Náisiún Aontaithe san Éigipt ag deireadh na bliana seo caite a tharla sé. Agus ón gcéad chruinniú sin i leith, chinneamar díriú ar an mbealach amach romhainn seachas ar an easaontas a d'fhágamar inár ndiaidh. Ach is iomaí dúshlán mór atá le sárú againn go fóill. Den chéad uair leis na blianta fada, tá an chogaíocht mórscála san Eoraip arís. Tá ionsaí á dhéanamh ar bhunchloch na cómhaireachtála síochánta ar an mór-roinn seo againne. Agus is le muintir na hEorpa i gcoitinne a bhaineann an t-ionsaí sin, ní comharsana díreacha na Rúise amháin. Tá an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ar aon fhocal i dtaca leis an méid sin: Is mian linn araon seasamh le ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine. Is mian linn araon go dteipfidh ar fhogha na Rúise. Agus is mian linn araon an tsíocháin chóir a chur ar bun arís san Eoraip. Tá an dearcadh céanna againn go fóill ar an saol seo. Is ionann i gcónaí na luachanna agus an cuspóir atá againn. Creidimid fós go bhfuil an tsíocháin luachmhar agus nach féidir talamh slán a dhéanamh di.

Agus i dtaca lenár gcairde Briotanacha, is mór agam i gcónaí an tacaíocht bhuanseasmhach a thugann siad don Úcráin agus do shlándáil na hEorpa. Ach ní hamháin sin, ach an diongbháilteacht ó shin i leith chun na difríochtaí atá againn a shárú agus chun teacht ar réitigh inoibrithe ar na dúshláin a tháinig chun cinn tar éis Brexit. Tús nua do sheanchairde is ea Creat Windsor. Leis an gCreat sin, fágtar na blianta easaontais agus díospóide inár ndiaidh. Tugann sé an deis dúinn díriú ar an gcomhpháirtíocht eadrainn amach anseo, mar aon leis an méid a thugann le chéile sinn.

Faoi mar a dúirt an tUachtarán Biden an tseachtain seo caite, tá buntáistí na síochána mórthimpeall orainn. Ó 1998 i leith, tá níos mó ná méadú faoi dhó tagtha ar OTI Thuaisceart Éireann, agus d'fhéadfadh sé go dtiocfadh méadú 50% breise air sin sna deich mbliana amach romhainn. Tá infheistíochtaí príobháideacha nua ann atá ag spreagadh gníomhaíochtaí amhail an teicneolaíocht airgeadais agus an chibearshlándáil. Agus tá níos mó infheisteoirí ann anois atá ag breathnú go géar ar Thuaisceart Éireann. Deis ar leith is ea é sin do Thuaisceart Éireann. Is iomaí rud is féidir linn a bhaint amach i dteannta a chéile, ach an chiall agus an fhís a bheith againn. Is ionann an chiall agus an fhís sin agus an méid atá léirithe ag ceannairí Thuaisceart Éireann le cúig bliana is fiche anuas.

Is mian liom anois duine de na ceannairí sin a lua. Ceannaire nach raibh ar aon fhocal leis an méid a leagadh amach i gComhaontú Aoine an Chéasta (Comhaontú Bhéal Feirste) cúig bliana is fiche ó shin. An tOirmhinneach Ian Paisley atá i gceist agam. Ach níos lú ná 10 mbliana tar éis Aoine an Chéasta na bliana sin, ceapadh Ian Paisley mar Chéad-Aire Thuaisceart Éireann, é ag obair faoi struchtúir comhroinnte cumhachta Chill Rímhinn in éineacht leis an LeasChéad-Aire Martin McGuinness, duine de na naimhde ba mhó a bhíodh aige. Is é sin ceann de na míorúiltí a bhain le Comhaontú Aoine an Chéasta (Comhaontú Bhéal Feirste). Agus léiríonn aistear Ian Paisley aistear na mílte daoine ar an oileán seo. Éilíonn an stair ar cheannairí an lae inniu tabhairt faoin aistear céanna. Agus an t-aistear chun todhchaí Thuaisceart Éireann a mhúnlú i dteannta a chéile.

A dhaoine uaisle,

Is le muintir Thuaisceart Éireann todhchaí Thuaisceart Éireann. Is fúibh féin atá sé a chinntiú go mbeidh idir rath agus rathúnas ar fhís Chomhaontú Aoine an Chéasta (Comhaontú Bhéal Feirste). Is fúibh féin atá sé an chéad chéim eile a ghlacadh ar aistear an rathúnais agus na féidearthachta. Is mian liom aithris a dhéanamh ar na focail chríonna a bhí ag Anne Patterson, bean as Tuaisceart Éireann. Rugadh iníon di cúpla nóiméad tar éis do na ceannairí Comhaontú Aoine an Chéasta (Comhaontú Bhéal Feirste) a shíniú. In éineacht lena fear céile, bheartaigh siad ‘Hope' a thabhairt ar a n-iníon mar ainm. Seo chugaibh an méid a deir sí inniu: “Ní imeacht atá sa tsíocháin, ach próiseas. Bíonn gach aon duine freagrach aisti, agus is leat féin a thosaíonn an t-athrú.” Deireadh an athfhriotail. Tá an ceart ar fad aici.

Geallaim daoibh go leanfaimid san Aontas Eorpach dár gcion a dhéanamh agus de bheith in éineacht libh ar aistear na síochána agus an rathúnais. Is tachráin iad mo chuid garpháistí féin anois. An chuma a bheidh ar Thuaisceart Éireann – agus ar oileán na hÉireann i gcoitinne – nuair a bheidh siadsan sna fichidí, braitheann an méid sin orainn go léir. Ach is agaibhse, muintir Thuaisceart Éireann, an rogha deiridh bhur stair a mhúnlú, mar aon le stair na chéad ghlúine eile. Tá tairseach na todhchaí gile ag fanacht libh. Ach is fúibh atá sé é a ghlacadh chugaibh féin.

Mo bhuíochas libh go léir.

Sonraí

Dáta foilsithe
19 Aibreán 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn