Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta15 Meán Fómhair 2022An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 5 nóiméad

Rialacha nua cibearshlándála AE a chinnteoidh go mbeidh táirgí crua-earra agus bogearra níos sláine

Thíolaic an Coimisiún togra, inniu, le haghaidh Gníomh nua um an gCibear-Athléimneacht chun tomhaltóirí agus gnólachtaí a chosaint ar tháirgí nach leor na gnéithe slándála a bhaineann leo.

Visual with text: EU Cyber Resilience Act - for safer and more secure digital products

Bheadh sé sin ar an gcéad reachtaíocht uile-AE dá cineál, óir thabharfaí isteach leis ceanglais éigeantacha cibearshlándála maidir le táirgí ina bhfuil eilimintí digiteacha, ar feadh a saolré.

Gach 11 soicind déantar ionsaithe bogearraí éirice ar eagraíochtaí áit éigin ar fud an domhain agus meastar go raibh an t-ollchostas bliantúil a ghabh leis an gcibearchoireacht chomh hard le €5.5 trilliún in 2021 (tuarascáil ón Airmheán Comhpháirteach Taighde (2020): ‘Cybersecurity – Our Digital Anchor, a European perspective' (‘An chibearshlándáil, ár n-ancaire digiteach – peirspictíocht Eorpach') agus, dá réir sin, is tábhachtaí ná riamh a chinntiú go mbeidh ardleibhéal cibearshlándála ag táirgí digiteacha agus go bhfuiltear ag laghdú a leochaileachta – óir tá na táirgí digiteacha ar cheann de na príomhbhealaí a úsáidtear sna hionsaithe a n-éiríonn leo. Leis an bhfás atá faoi mhargadh na dtáirgí cliste agus nasctha, is féidir do theagmhas cibearshlándála i dtáirge amháin tionchar a bheith aige ar an slabhra iomlán soláthair, agus d'fhéadfadh sé sin cur isteach go mór ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta, ar fud an mhargaidh inmheánaigh, agus an tslándáil a chur ó éifeacht agus fiú beatha daoine a chur i mbaol.

Na bearta atá sa togra a tíolacadh inniu, bunaíodh iad ar an gCreat Reachtach Nua um reachtaíocht an Aontais maidir le táirgí, agus leagfar síos leo an méid seo a leanas:

(a) rialacha maidir le táirgí ina bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh, lena gcinnteofar cibearshlándáil na dtáirgí sin;

(b) ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le dearadh agus forbairt táirgí ina bhfuil eilimintí digiteacha, agus oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha i dtaca leis na táirgí sin;

(c) ceanglais fhíor-riachtanacha maidir leis an próisis lena láimhseáiltear leochaileachtaí agus atá curtha ar bun ag na monaróirí chun cibearshlándáil na dtáirgí ina bhfuil eilimintí digiteacha a chinntiú ar feadh a saolré, agus oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha i dtaca leis na próisis sin. Beidh ar na monaróirí leochaileachtaí atá ina sprioc ag ionsaithe gníomhacha a thuairisciú chomh maith le teagmhais;

(d) rialacha maidir le faireachas ar an margadh agus maidir le forfheidhmiú.

Leis na rialacha nua, déantar coigeartú ar an meá ionas gur mó freagracht a bheidh ar na monaróirí, a mbeidh orthu a chinntiú, i dtaca le táirgí ina bhfuil eilimintí digiteacha agus a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais, go bhfuil na táirgí sin i gcomhréir leis na ceanglais shlándála a ghabhann leis na táirgí. Dá thoradh sin, rachaidh na rialacha chun tairbhe do na tomhaltóirí agus do na saoránaigh, agus do ghnólachtaí a úsáideann táirgí digiteacha, trí fheabhas a chur ar thrédhearcacht na n-airíonna slándála agus trí neartú na hiontaoibhe as táirgí ina bhfuil eilimintí digiteacha agus, chomh maith leis sin, trína chinntiú gur fearr an chosaint a bheidh ag a gcearta bunúsacha, i dtaca leis an bpríobháideachas agus le cosaint sonraí, mar shampla.

Agus dlínsí eile ar fud an domhain ag féachaint ar bhealaí le haghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, is dócha go mbeidh an Gníomh um an gCibear-Athléimneacht ina phointe tagartha idirnáisiúnta amach, lasmuigh de mhargadh inmheanacha an Aontais. Na caighdeáin AE a bhunófar ar an nGníomh um an gCibear-Athléimneacht, déanfaidh siad éascaíocht do chur chun feidhme an Ghnímh agus beidh siad ina sócmhainn ag tionscal cibearshlándála an Aontais sna margaí domhanda.

An rialachán atá beartaithe, beidh sé infheidhme maidir le gach táirge atá nasctha go díreach nó go hindíreach le gaireas eile nó le líonra eile. Déanfar roinnt eisceachtaí i gcás táirgí a bhfuil ceanglais chibearshlándála leagtha amach cheana maidir leo i rialacha de chuid an Aontais, i gcás feistí leighis, i gcás na heitlíochta nó carranna, mar shampla.

Na Chéad Chéimeanna Eile

Is faoi Pharlaimint na hEorpa agus faoin gComhairle atá sé anois an dréacht-Ghníomh um an gCibear-Athléimneacht a scrúdú. Ón uair a ghlacfar an Gníomh, beidh dhá bhliain ag na hoibreoirí eacnamaíocha agus ag na Ballstáit le hiad féin a chur in oiriúint do na ceanglais nua. Déanfar eisceacht ón riail sin a mhéid a bhaineann leis an oibleagáid tuairiscithe a bheidh ar mhonaróirí maidir le leochaileachtaí atá ina sprioc ag ionsaithe gníomhacha agus maidir le teagmhais, arae tiocfaidh an oibleagáid sin chun infheidhme bliain ón dáta teacht i bhfeidhm, ó tharla gur lú coigeartuithe eagraíochtúla a theastaíonn ina cás siúd ná i gcás oibleagáidí nua eile. Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn tráthrialta, an Gníomh um an gCibear-Athléiimneacht a athbhreithniú agus tuairisceoidh sé mar an gcéanna maidir lena fheidhmiú.

Tuilleadh eolais

Ceisteanna agus Freagraí: Gníomh um an gCibear-Athléimneacht

Bileog eolais maidir leis an nGníomh um an gCibear-Athléimneacht

Togra le haghaidh Gníomh um an gCibear-Athléimneacht

Bileog eolais maidir le Straitéis nua Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh  

Bileog eolais maidir leis an Togra le haghaidh Treoir maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais (an Treoir athbhreithnithe maidir le Cibearshlándáil)

Bileog eolais maidir leis an gCibearshlándáil: Gníomhaíocht Sheachtrach an Aontais

Ceisteanna agus Freagraí:  Straitéis nua Chibearshlándála an Aontais agus rialacha nua chun eintitis chriticiúla fhisiciúla agus dhigiteacha a dhéanamh níos athléimní

Togra le haghaidh Treoir maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais (an Treoir athbhreithnithe maidir le Cibearshlándáil)

Togra le haghaidh Treoir maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil

Sonraí

Dáta foilsithe
15 Meán Fómhair 2022
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn