Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta10 Márta 2023An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 6 nóiméad

Slándáil Mhuirí: An straitéis chun an réimse muirí a chosaint i gcoinne bagairtí nua tugtha cothrom le dáta ag an Aontas

Ghlac an Coimisiún Eorpach agus an tArdionadaí Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Straitéis fheabhsaithe Slándála Muirí de chuid an Aontais Eorpaigh chun úsáid shíochánta na bhfarraigí a chinntiú agus chun an réimse muirí a chosaint i gcoinne bagairtí nua. .

Ships taking part in an Exercise in the Baltic Sea in 2020

Plean Gníomhaíochta a tugadh cothrom le dáta glactha acu freisin, plean trína gcuirfear an straitéis chun feidhme.

Tá an tslándáil mhuirí ríthábhachtach don Aontas Eorpach agus do na Ballstáit. Ballstáit an Aontais Eorpaigh le chéile, is iadsan an limistéar eacnamaíoch eisiach is mó ar domhan. Tá geilleagar an Aontais ag brath go mór ar aigéan slán sábháilte. Trádáil mhuiriompartha atá in os cionn 80 % den trádáil dhomhanda agus déantar thart ar dhá thrian d'ola agus de ghás an domhain a eastóscadh ar muir nó a iompar ar muir. Déantar suas le 99 % de shreafaí sonraí domhanda a tharchur trí cháblaí faoin bhfarraige. Ní mór an réimse muirí domhanda a bheith slán chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na n-aigéan agus as an ngeilleagar gorm inbhuanaithe. Tá sé beartaithe ag an Aontas an réimse leathan uirlisí atá ar fáil dó a threisiú chun an tslándáil mhuirí, idir shibhialta agus mhíleata, a chur chun cinn.

Chomh maith leis an aer, leis an gcianspás agus leis an gcibearspás, is réimse straitéiseach í an fharraige atá ag éirí níos conspóidí de réir a chéile. Agus an teannas geopholaitiúil ag dul i méid, ní mór don Aontas foghlaim friotal na cumhachta a tharraingt chuige féin ar muir freisin. Leis an Straitéis seo a tugadh cothrom le dáta, táimid ag baint lánúsáid as ár n-uirlisí chun ár leasanna a shaothrú agus chun an t-ord riailbhunaithe ar muir a chur chun cinn, in éineacht lenár gcomhpháirtithe. Táimid ag comhlíonadh ár dtiomantais ról an Aontais mar sholáthraí slándála muirí domhanda a neartú, mar a iarradh sa Chompás Straitéiseach.

An tArdionadaí/an Leas-Uachtarán Josep Borrell

Oiriúnú do bhagairtí nua

Tá méadú tagtha ar bhagairtí agus ar dhúshláin slándála ó glacadh straitéis slándála muirí an Aontais in 2014, rud a éilíonn gníomhaíocht nua fheabhsaithe. Is dúshláin ríthábhachtacha fós iad gníomhaíochtaí aindleathacha seanbhunaithe, amhail píoráideacht, robáil armtha ar muir, smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine, ar airm agus ar thámhshuanaigh, chomh maith leis an sceimhlitheoireacht. Ach ní mór aghaidh a thabhairt ar bhagairtí nua atá ag teacht chun cinn freisin leis an iomaíocht gheopholaitiúil atá ag dul i méid, leis an athrú aeráide agus le díghrádú na muirthimpeallachta agus le hionsaithe hibrideacha agus cibirionsaithe.

Is deis é sin chun réitigh inbhuanaithe a chur chun cinn ar na saincheisteanna éagsúla slándála muirí atá os comhair an Aontais agus an chomhphobail idirnáisiúnta. Is deis é freisin chun feabhas a chur ar ról agus ar chreidiúnacht an Aontais ar an leibhéal idirnáisiúnta. Cuireann forbairtí geopholaitiúla a rinneadh le déanaí, amhail an fogha míleata a thug an Rúis faoin Úcráin, i gcuimhne go láidir nach mór don Aontas a shlándáil a fheabhsú agus dlús a chur lena chumas gníomhú ní hamháin ar a chríoch féin agus ar a uiscí féin, ach ina chomharsanacht féin agus níos faide i gcéin freisin.

Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh (SSMAE) atá tugtha cothrom le dáta

Creat atá in SSMAE atá tugtha cothrom le dáta chun go ndéanfaidh an tAontas beart chun a leasanna ar muir a chosaint, agus chun a shaoránaigh, a luachanna agus a gheilleagar a chosaint.

Leis an Straitéis Slándála Muirí atá tugtha cothrom le dáta, cuirtear an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta chun cinn, chomh maith le hurraim do rialacha agus do phrionsabail idirnáisiúnta, agus inbhuanaitheacht na n-aigéan agus cosaint na bithéagsúlachta á gcinntiú an tráth céanna. Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit an Straitéis chun feidhme, i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.

Sa Teachtaireacht Chomhpháirteach agus sa Phlean Gníomhaíochta gaolmhar, sonraítear roinnt gníomhaíochtaí comhtháite lena gcuirfear leasanna an Aontais i gcrích. Chun é sin a dhéanamh, cuirfidh an tAontas dlús lena ghníomhaíocht faoi shé chuspóir straitéiseacha:

  • Dlús a chur le gníomhaíochtaí ar muir.. Áirítear ar na gníomhaíochtaí cleachtaí cabhlaigh a eagrú ar leibhéal an Aontais, tuilleadh oibríochtaí garda cósta a fhorbairt in imchuacha farraige Eorpacha, réimsí spéise muirí nua a ainmniú le haghaidh chur chun feidhme choincheap na Láithreachtaí Muirí Comhordaithe (uirlis chun comhordú shócmhainní cabhlaigh agus aeir na mBallstát i limistéir mhuirí ar leith a fheabhsú) agus cigireachtaí slándála a threisiú i gcalafoirt an Aontais.
  • Oibriú i gcomhar le comhpháirtithe. Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin doimhniú an chomhair idir an tAontas agus ECAT agus dlús a chur leis an gcomhar leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta ábhartha uile chun seasamh leis an ord riailbhunaithe ar muir, go háirithe Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige.
  • A bheith chun tosaigh maidir le feasacht ar réimsí muirí. Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin faireachas ar shoithí patróil cósta agus amach ón gcósta a threisiú agus an Timpeallacht Chomónta um Chomhroinnt Faisnéise (CISE) a neartú. Is é an aidhm atá leis sin deimhin a dhéanamh de gur féidir leis na húdaráis náisiúnta agus na húdaráis de chuid an Aontais lena mbaineann eolas a mhalartú ar bhealach slán.
  • Rioscaí agus bagairtí a bhainistiú. Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin cleachtaí muirí beo rialta a dhéanamh ina mbeidh gníomhaithe sibhialta agus míleata rannpháirteach, faireachán agus cosaint a dhéanamh ar bhonneagar criticiúil muirí agus ar longa (lena n-áirítear longa paisinéirí) ar bhagairtí fisiciúla agus cibearbhagairtí, agus dul i ngleic le hordanáis agus mianaigh neamhphléasctha ar muir.
  • Cumais a threisiú. I measc na ngníomhaíochtaí tá forbairt comhcheanglas do theicneolaíochtaí cosanta sa réimse muirí, dlús a chur leis an obair ar thionscadail amhail Coirbhéad Patróil Eorpach (aicme nua long cogaidh), agus feabhas a chur ar ár gcumais frith-fhomhuireáin.
  • Oideachas agus oiliúint a chur ar fáil trí bhorradh a chur faoi cháilíochtaí hibrideacha agus cibearshlándála, go háirithe ar thaobh na sibhialtach, agus trí chláir oiliúna a dhéanamh atá oscailte do chomhpháirtithe nach comhpháirtithe den Aontas iad.

Rannchuideoidh an Straitéis nuashonraithe agus an plean gníomhaíochta a ghabhann leis le Compás Straitéiseach an Aontais don tSlándáil agus don Chosaint a chur chun feidhme.

Na chéad chéimeanna eile

Iarrann an Coimisiún agus an tArdionadaí ar na Ballstáit an Straitéis a fhormhuiniú agus í a chur chun feidhme dá bpáirt féin. Eiseoidh an Coimisiún agus an tArdionadaí tuarascáil ar dhul chun cinn laistigh de 3 bliana tar éis do Chomhairle an Aontais Eorpaigh an Straitéis a tugadh cothrom le dáta a fhormhuiniú.

Tuilleadh eolais

Bileog Eolais maidir le Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh a tugadh cothrom le dáta

Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Straitéis fheabhsaithe Slándála Muirí de chuid an Aontais 

Plean Gníomhaíochta ‘Straitéis fheabhsaithe Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh le haghaidh bagairtí muirí atá ag síorathrú”

Ceisteanna agus Freagraí maidir le Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh

Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh

 

Sonraí

Dáta foilsithe
10 Márta 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn