Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta21 Meitheamh 2021Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 1 nóiméad

An t-aistriúchán Gaeilge ar an mbóthar go stádas iomlán faoin 1 Eanáir 2022

Ghlac an Coimisiún Eorpach inniu tuarascáil chuig an gComhairle maidir leis an acmhainneacht teanga atá ar fáil in institiúidí an Aontais don Ghaeilge

The EU and Irish flags

De réir na tuarascála, beidh institiúidí an Aontais in ann freastal ar an éileamh ar fad ar aistriúchán reachtaíochta go Gaeilge, chomh maith leis an éileamh méadaithe ar aistriúchán doiciméad de chineálacha eile, má leantar go dtí deireadh na bliana leis na bearta a bhfuiltear ina mbun faoi láthair.

Bhí stádas ag an nGaeilge mar theanga chonartha ó bhí 1973 ann, nuair a rinneadh Ballstát d’Éirinn, agus i ngeall ar an stádas sin níor aistríodh go Gaeilge ach conarthaí an Aontais.

In 2007, ar iarratas ó Éirinn, rinneadh teanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais den Ghaeilge ach bhain maolú leis, rud a d’fhág nach raibh gach doiciméad le haistriú go Gaeilge an tráth sin.

Tá tuarascáil an lae inniu ag leanúint na hiarrata a rinne Éire in 2015 deireadh a chur de réir a chéile leis an maolú agus stádas iomlán a thabhairt don Ghaeilge, an stádas céanna atá ag teangacha oifigiúla eile an Aontais.

Breathnóidh an Chomhairle ar thorthaí an Choimisiúin sa tuarascáil seo anois. In éagmais rialachán ón gComhairle ina sonraítear a mhalairt, tiocfaidh deireadh leis an maolú an 1 Eanáir 2022.

Tá an méid sin bainte amach ag an Aontas agus ag Rialtas na hÉireann trí oibriú go dlúth le chéile agus trí bhearta nuálacha a dhéanamh chun dul chun cinn a bhaint amach maidir leis an aistriúchán go Gaeilge, earcaíocht, conraitheoirí seachtracha agus acmhainní Gaeilge.

Leanfar den chomhar sin san am amach romhainn.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseoCuardaigh aistriúcháin atá le fáil ar an nasc roimhe seoGA•••.

Sonraí

Dáta foilsithe
21 Meitheamh 2021
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide