Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta21 Eanáir 2022An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 2 nóiméad

Éire i gcroílár na hEorpa: 50 bliain ó síníodh an Conradh Aontachais

An 22 Eanáir 1972 ag searmanas i bPálás Egmont sa Bhruiséil, shínigh Éire a Conradh Aontachais chun dul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE), arb é an tAontas Eorpach é sa lá atá inniu ann. 

 Signing of the accession treaty for Ireland:Patrick Hillery, Irish Minister for Foreign Affairs, and Taoiseach Jack Lynch

Ba é Taoiseach na linne úd, Jack Lynch, agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Patrick Hillery, a shínigh an Conradh agus ceapadh Patrick Hillery ina dhiaidh sin mar an chéad Choimisinéir Eorpach ar son na hÉireann.

Seo mar a labhair Mairead McGuinness, an Coimisinéir um Sheirbhísí Airgeadais, Cobhsaíocht Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil:

Is buaicphointí stairiúla iad na conarthaí i gcónaí agus tá Conradh Aontachais na hÉireann ar na clocha míle is tábhachtaí i stair ár dtíre. Thug sé an tír isteach i dteaghlach na hEorpa, rud a d’fhág gurbh fhéidir le buanna, clisteacht agus fiontraíocht mhuintir na hÉireann teacht i mbláth chun feabhas a chur ar shaolta daoine agus todhchaí shábháilte rathúil a fhorbairt. Ní raibh Éire chomh mór sin i gcroílár na hEorpa roimhe ná mar atá sí anois, agus na freagrachtaí agus na buntáistí ar fad aici a ghabhann le ballraíocht an Aontais. Cuireadh tús leis an méid sin uile nuair a síníodh an Conradh Aontachais cothrom an lae seo 50 bliain ó shin.

Rinne Éire iarratas ar bhallraíocht an Aontais den chéad uair in 1961 agus arís in 1967.  Tháinig an Conradh Aontachais tar éis tréimhse dianchaibidlíochta, rud ar cuireadh tús leis i mí Mheán Fómhair 1970. Ina dhiaidh sin thug tromlach mhuintir na hÉireann tacaíocht fhorleathan don Chonradh Aontachais i Reifreann a reáchtáladh an 10 Bealtaine 1972. Bhí ráta ard vótála 70.3% ann agus vótáil ceathrar as cúigear (83.09% de na toghthóirí) i bhfabhar an Chonartha. Chuaigh Éire isteach sa CEE an 1 Eanáir 1973.

Bhí tionchar mór ag ballraíocht an Aontais ar bheagnach gach gné de shaol na hÉireann – an dóigh a maireann, a n-oibríonn, a dtaistealaíonn muintir na hÉireann, an dóigh a ndéanann siad a gcuid siopadóireachta, cáilíocht an chomhshaoil, deiseanna foghlama, agus rochtain ar an margadh aonair ina bhfuil 450 milliún duine.

Scannán gearr oideachasúil is ea ‘Mise, Tusa agus an tAontas Eorpach’ a thugann tuilleadh eolais faoi thionchar bhallraíocht an Aontais ar Éirinn. Tá sé le fáil anseo. Cuireann déagóirí as gach cearn d’Éirinn ceisteanna tábhachtacha faoin Aontas. Téann an lucht féachana ar aistear in éineacht leo le fáil amach faoi stair an Aontais agus faoin dóigh a bhfuil tionchar ag ballraíocht na hÉireann san Aontas ar a saol laethúil.

 

Tuilleadh eolais

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi thionchar bhallraíocht an Aontais ar Éirinn anseo.

Sonraí

Dáta foilsithe
21 Eanáir 2022
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn