Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta1 Feabhra 2023An Ionadaíocht in Éirinn

Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais: tionscal glan-nialasach na hEorpa a chur ar thús cadhnaíochta

Inniu, cuireann an Coimisiún i láthair Plean Tionsclaíoch mar chuid den Comhaontú Glas chun iomaíochas glan-nialasach na hEorpa a fheabhsú agus chun tacú leis an aistriú tapa chuig an aeráidneodracht.

Image showing rows of buildings with solar panels

Tá sé d'aidhm ag an bPlean timpeallacht níos tacúla a chur ar fáil chun dlús a chur le hacmhainneacht mhonaraíochta na hEorpa i dtaca leis teicneolaíochtaí glan-nialasacha agus táirgí a bhfuil gá leo chun spriocanna uaillmhianacha aeráide na hEorpa a bhaint amach.

Cuireann an Plean le tionscnaimh a bhí ann roimhe seo agus braitheann sé ar láidreachtaí Mhargadh Aonair an Aontais, rud a dhéanann comhlánú ar na hiarrachtaí leanúnacha faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus REPowerEU. Tá 4 cholún mar bhonn leis: timpeallacht rialála intuartha agus shimplithe, rochtain ar mhaoiniú a bhrostú, scileanna a fheabhsú, agus trádáil oscailte do shlabhraí soláthair athléimneacha.

Seo mar a labhair Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh:

“Tá deis againn nach bhfaightear ach uair amháin sa saol a bheith inár n-eiseamláirí a mhéid a bhaineann le ceannaireacht thionsclaíoch an Aontais a chinntiú le luas, le huaillmhian agus le meon cuspóra in earnáil na teicneolaíochta glan-nialasaí atá ag fás go tapa. Tá rún daingean ag an Eoraip a bheith ar thús cadhnaíochta i réabhlóid na teicneolaíochta glaine. I gcás ár gcuideachtaí agus ár ndaoine, ciallaíonn sé sin scileanna a iompú ina bpoist ardcháilíochta agus an nuálaíocht ina mórtháirgeadh, a bhuí le creat níos simplí agus níos tapúla. Le rochtain níos fearr ar mhaoiniú, beidh ár bpríomhthionscail teicneolaíochta glaine in ann méadú go tapa.”

Timpeallacht rialála intuartha agus shimplithe

Baineann an chéad cholún den phlean le creat rialála níos simplí.

Molfaidh an Coimisiún Gníomh um Thionscal Glan-Nialasach chun spriocanna a shainaithint maidir le hacmhainneacht thionsclaíoch ghlan-nialasach agus chun creat rialála a sholáthar a oireann dá chur in úsáid go tapa lena gcinnteofar ceadú simplithe mear, lena gcuirfear chun cinn tionscadail straitéiseacha Eorpacha agus lena ndéanfar forbairt ar chaighdeáin chun tacú le méadú na dteicneolaíochtaí ar fud an Mhargaidh Aonair.

Déanfaidh an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla comhlánú ar an gcreat chun rochtain ar na hábhair sin a chinntiú, cuir i gcás tearc-chré, ar ábhair iad atá ríthábhachtach chun príomhtheicneolaíochtaí a mhonarú, agus athchóiriú ar dhearadh an mhargaidh leictreachais chun go mbainfidh tomhaltóirí tairbhe as na costais níos ísle a bhaineann le foinsí in-athnuaite.

Rochtain níos tapúla ar mhaoiniú

Leis an dara colún den phlean, cuirfear dlús le hinfheistíocht agus le maoiniú do tháirgeadh na teicneolaíochta glaine san Eoraip. I gcomhar le tuilleadh dul chun cinn ar Aontas Margaí Caipitil na hEorpa, is féidir leis an maoiniú poiblí na méideanna ollmhóra maoinithe phríobháidigh is gá don aistriú glas a scaoileadh. Faoin mbeartas iomaíochta, tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún cothrom na Féinne a ráthú laistigh den Mhargadh Aonair agus, ag an am céanna, é a dhéanamh níos éasca do na Ballstáit an chabhair is gá a dheonú chun tús áite a thabhairt don aistriú glas. Chun na críche sin, d'fhonn dlús a chur le deonú cabhrach agus é a shimpliú, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit maidir le Creat leasaithe Sealadach Géarchéime agus Aistrithe um Státchabhair agus déanfaidh sé athbhreithniú ar an Rialachán Ginearálta Blocdhíolúine i bhfianaise an Chomhaontaithe Ghlais, rud a mhéadóidh tairseacha fógartha le haghaidh tacaíocht d'infheistíochtaí glasa. I measc nithe eile, rannchuideoidh sé sin le formheas tionscadal a bhaineann le IPCEI a chuíchóiriú agus a shimpliú tuilleadh.

Ina theannta sin, éascóidh an Coimisiún úsáid na gcistí de chuid an Aontais atá ann cheana chun nuálaíocht, monaraíocht agus cur in úsáid na teicneolaíochta glaine a mhaoiniú. Tá an Coimisiún ag féachaint freisin ar bhealaí chun maoiniú coiteann níos fearr a bhaint amach ar leibhéal an Aontais chun tacú le hinfheistíochtaí i monarú teicneolaíochtaí glan-nialasacha, bunaithe ar mheasúnú leanúnach ar riachtanais infheistíochta. Oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit sa ghearrthéarma, é ag díriú ar REPowerEU, InvestEU agus an Ciste don Nuálaíocht, chun teacht ar réiteach idirlinne ar mhaithe le tacaíocht ghasta spriocdhírithe a chur ar fáil. Maidir leis an meántéarma, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freagra struchtúrach a thabhairt ar na riachtanais infheistíochta, trí Chiste Ceannasach Eorpach a mholadh i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an gCreat airgeadais ilbhliantúil roimh shamhradh 2023.

Chun cabhrú leis na Ballstáit rochtain a fháil ar chistí REPowerEU, ghlac an Coimisiún inniu treoir nua maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta ina mínítear an próiseas a bhaineann leis na pleananna atá ann cheana a mhodhnú agus na módúlachtaí chun caibidlí REPowerEU a ullmhú.

Feabhas a chur ar scileanna

Ós rud é go bhféadfadh an t-aistriú glas difear a dhéanamh do idir 35% agus 40% de na poist ar fad, beidh forbairt na scileanna is gá chun poist ardcháilíochta as a n-íoctar go maith ina thosaíocht don Bhliain Eorpach um Scileanna, agus díreoidh an tríú colún den phlean air sin.

Chun na scileanna a fhorbairt chun aistriú glas duinelárnach a bhaint amach, molfaidh an Coimisiún Acadaimh an Tionscail Ghlan-Nialasaigh a bhunú chun cláir uas-scilithe agus athscilithe a chur i bhfeidhm i dtionscail straitéiseacha. Breathnóidh sé freisin ar an gcaoi le cur chuige ‘Tús áite do scileanna' lena n-aithneofar scileanna iarbhír, a nascadh le cur chuige atá ann cheana atá bunaithe ar cháilíochtaí, sin agus an chaoi le rochtain náisiúnach tríú tír a éascú ar mhargaí saothair an Aontais in earnálacha tosaíochta, chomh maith le bearta chun maoiniú poiblí agus príobháideach a chothú agus a ailíniú le haghaidh forbairt scileanna.

Trádáil oscailte do shlabhraí soláthair athléimneacha

Bainfidh an ceathrú colún le comhar domhanda agus le trádáil a chur ag obair don aistriú glas, faoi phrionsabail na hiomaíochta córa agus na trádála oscailte, é ag tógáil ar an rannpháirtíocht le comhpháirtithe an Aontais agus ar obair na hEagraíochta Domhanda Trádála. Chuige sin, leanfaidh an Coimisiún de líonra an Aontais de Chomhaontuithe Saorthrádála agus cineálacha eile comhair a fhorbairt le comhpháirtithe chun tacú leis an aistriú glas. Féachfaidh sé freisin ar Chlub na nAmhábhar Criticiúil a chruthú ar mhaithe le ‘tomhaltóirí' amhábhar agus tíortha atá saibhir ó thaobh acmhainní de a thabhairt le chéile chun slándáil dhomhanda an tsoláthair a chinntiú trí bhonn tionsclaíoch iomaíoch éagsúlaithe, sin agus Comhpháirtíochtaí Tionsclaíocha Glan-Nialasacha/ na Teicneolaíochta Glaine.  

Cosnóidh an Coimisiún freisin an Margadh Aonair ar thrádáil éagórach in earnáil na teicneolaíochta glaine agus úsáidfidh sé a ionstraimí chun a chinntiú nach ndéanfaidh fóirdheontais eachtracha iomaíocht sa Mhargadh Aonair a shaobhadh, in earnáil na teicneolaíochta glaine freisin.

Cúlra

Sa Chomhaontú Glas don Eoraip, rud a chuir an Coimisiún i láthair an 11 Nollaig 2019, is é an sprioc a leagtar síos go ndéanfar den Eoraip an chéad ilchríoch aeráidneodrach ar domhan faoi 2050. Sa Dlí Aeráide Eorpach, cumhdaítear i reachtaíocht cheangailteach gealltanas an Aontais don aeráidneodracht agus an sprioc idirmheánach glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030, le hais leibhéil 1990.

San aistriú chuig geilleagar glan-nialasach, beidh iomaíochas na hEorpa ag brath go mór ar a cumas na teicneolaíochtaí glana a fhorbairt agus a mhonarú lena bhféadfar an t-aistriú sin a bhaint amach.

D'fhógair an tUachtarán von der Leyen Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip ina hóráid ag an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda in Davos i mí Eanáir 2023 mar thionscnamh chun faobhar a chur ar chumas iomaíochta an Aontais trí infheistíocht sa teicneolaíocht ghlan agus leanúint de bheith ar thús cadhnaíochta i dtreo na haeráidneodrachta. Is freagairt é ar an iarraidh ón gComhairle Eorpach ar an gCoimisiún tograí a dhéanamh faoi dheireadh mhí Eanáir 2023 chun leas a bhaint as na huirlisí ábhartha uile náisiúnta agus de chuid an Aontais agus chun feabhas a chur ar chreatchoinníollacha le haghaidh infheistíochta, d'fhonn athléimneacht agus iomaíochas an Aontais a chinntiú.

Tuilleadh eolais

Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Aois Aeráidneodrach

Státchabhair: Moladh le haghaidh Creat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe

Ceisteanna agus Freagraí

Bileog eolais

Comhaontú Glas don Eoraip

An Straitéis Eorpach maidir le tionsclaíocht

Treoir maidir le caibidlí REPowerEU i gcomhthéacs pleananna téarnaimh agus athléimneachta

Sonraí

Dáta foilsithe
1 Feabhra 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn