Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

An bua ag scoláire ó Ghaillimh i gcomórtas ‘Aistritheoirí Óga 2026’

Duaiseanna bronnta ag an Aire Calleary ar bhuaiteoirí cúige ó Bhéal Feirste, Ceatharlach, an Ceathrú Rua, agus an Daingean freisin

  • Alt nuachta
  • 6 Bealtaine 2026
  • An Ionadaíocht in Éirinn
  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad

Fógraíodh inniu gurb é Aodán Finnerty ó Choláiste na Coiribe i nGaillimh buaiteoir náisiúnta an chomórtais ‘Aistritheoirí Óga 2026’ arna eagrú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus ag an gCoimisiún Eorpach.

Bhronn an tAire Dara Calleary TD, Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, duaiseanna ar cheathrar buaiteoirí cúige freisin, mar a leanas: 

  • Connachta: Méabh Ní Ghionnáin, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua
  • Laighin: Faith Nic Aogáin, Gaelcholáiste Cheatharlach, Ceatharlach
  • Mumhain: Orla Ní Alluráin, Coláiste Íde, Daingean Uí Chúis
  • Ulaidh: Aoibhin Nic Dhónaill, Coláiste Feirste, Béal Feirste
     

Dúirt an tAire Calleary: 

“Tréaslaím go mór leis na hiontrálaithe ar fad a ghlac páirt i gcomórtas na bliana seo. Bhí caighdeán an-ard ag baint leis an chomórtas arís i mbliana agus is mian liom comhghairdeas ó chroí a ghabháil le buaiteoirí na bliana seo as na ceithre Chúige agus leis an ollbhuaiteoir, tá luach bhur saothair bainte amach agaibh. Leis an ardchaighdeán iontrálacha a fheicimid sa chomórtas seo gach bliain, níl aon amhras orm ach go mbeidh cuid de bhuaiteoirí na bliana seo ina gcomhghleacaithe againn sna hinstitiúidí Eorpacha sna blianta amach romhainn agus tugann an comórtas Aistritheoirí Óga blaiseadh iontach dár n-ógánaigh de na deiseanna fostaíochta atá ar fáil san Eoraip trí mheán na Gaeilge.”


Bhí an méid seo a leanas le rá ag Colm Duffin, Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Choimisiún Eorpach: 

“Chuaigh caighdeán ard na n-aistriúchán go mór i gcion ar aistritheoirí an Choimisiúin arís eile i mbliana agus léiríonn obair na ndaltaí seo go bhfuil scoth na n-aistritheoirí óga againn in Éirinn. Ní háibhéil ar bith a rá gur slán do thodhchaí an aistriúcháin Gaeilge agus daoine óga cumasacha cruthaitheacha mar seo ag iarraidh dul don cheird. Tréaslaím a saothar leo agus gura fada buan i mbun pinn iad!”


An Comórtas

Is é seo an naoú heagrán den chomórtas ‘Aistritheoirí Óga’, comórtas aistriúchán bliantúil a eagraíonn an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann i dteannta a chéile. Trí sprioc atá leis an gcomórtas, is iad sin ardchaighdeán Gaeilge a chur chun cinn, an t-ilteangachas a spreagadh i measc daltaí meánscoile agus suim daltaí meánscoile a mhúscailt i ngairmeacha le teangacha.

I mbliana, ghlac 62 dhalta as 22 scoil sa chomórtas, iad ag aistriú ón mBéarla, ón bhFraincis, ón nGearmáinis agus ón Spáinnis go Gaeilge.

Cúig chatagóir atá sa chomórtas, is iad sin an duais don aistriúchán is fearr i ngach ceann de na ceithre chúige aonair agus an ollduais don aistriúchán is fearr i gceithre chúige Éireann.
 

Seo a leanas liosta na mbuaiteoirí 2026:

An t-aistriúchán is fearr i gceithre chúige Éireann:
Aodán Finnerty                                 Coláiste na Coiribe, Gaillimh

An t-aistriúchán is fearr i gcúige Chonnacht: 
Méabh Ní Ghionnáin                        Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua

An t-aistriúchán is fearr i gcúige Laighean:
Faith Nic Aogáin                               Gaelcholáiste Cheatharlach, Ceatharlach

An t-aistriúchán is fearr i gcúige Mumhan:
Orla Ní Alluráin Coláiste Íde, Daingean Uí Chúis

An t-aistriúchán is fearr i gcúige Uladh:
Aoibhin Nic Dhónaill                        Coláiste Feirste, Béal Feirste             

Cúlra an chomórtais

Seoladh an chéad eagrán den chomórtas i mí Dheireadh Fómhair 2017. Tá sé oscailte do dhaltaí a bhfuil 15 bliana déag slánaithe acu.

Is cuid d’iarracht níos forleithne é an comórtas chun feasacht a ardú i dtaca leis an tábhacht agus na buntáistí a bhaineann le stádas iomlán na Gaeilge mar theanga oibre oifigiúil san Aontas Eorpach. Ón 1 Eanáir 2022 i leith, déantar an reachtaíocht go léir a achtaítear san Aontas a aistriú go Gaeilge (mar a rinneadh i gcónaí cheana féin i gcás na 23 theanga oifigiúla eile). Ó seo amach, is faoi Institiúidí an Aontais é a chinntiú go bhfuil dóthain ball foirne oilte ann chun na hoibleagáidí nua sin a chomhlíonadh. 

 

Sonraí

Dáta foilsithe
6 Bealtaine 2026
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn