Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Ábhar: An tríú bua as a chéile ag an Spidéal i gcomórtas aistriúcháin an AE

D’fhógair an Coimisiún Eorpach inniu gurb í Déithín Ní Fhátharta ó Choláiste Chroí Mhuire ar an Spidéal buaiteoir na hÉireann san 18ú eagrán de chomórtas aistriúcháin an Aontais Eorpaigh do mheánscoileanna, “Juvenes Translatores.”

  • Alt nuachta
  • 13 Feabhra 2025
  • An Ionadaíocht in Éirinn
  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad

Tá an bua faighte ag scoil Chois Fharraige don tríú bliain i ndiaidh a chéile anois, nó ba iad Fionnán Ó Coisdealbha agus Maitilde Warsop ón scoil chéanna a ghnóthaigh duais na hÉireann in 2024 agus in 2023. 

Ba ó Choláiste Chroí Mhuire freisin triúr den chúigear daoine óga in Éirinn a ghnóthaigh ‘moladh speisialta’ sa chomórtas. Is iad Caoilte Canny, Tomás Ó Neachtain, and Ella Nic Dhomhnaill na scoláirí ón Spidéal a fuair na moltaí sin.

Ina theannta sin, thug moltóirí sheirbhís aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh moladh speisialta do Faith Nic Aogáin ó Ghaelcholáiste Cheatharlach agus do Lucie Walsh ó Ardscoil San Lughaidh i mBaile Átha Cliath.

Ghlac 53 scoláire ó 14 mheánscoil Éireannacha páirt i mbliana sa chomórtas tras-Eorpach. 

Ar fud an Aontais Eorpaigh, thug 3070 rannpháirtí díograiseach faoi théacs a aistriú idir aon dá theanga de 24 theanga oifigiúla an Aontais.

Cé go raibh an Béarla ar cheann de na teangacha ba choitianta, i measc na 144 phéire teangacha a roghnaigh daltaí ó 713 scoil sna 27 Bhallstát bhí Polainnis-Portaingéilis, Slóivéinis-Danmhairgis agus Rómáinis-Fionlainnis.

Roghnaigh aistritheoirí an Choimisiúin Eorpaigh buaiteoir amháin as gach tír san Aontas. Ina theannta sin, fuair 341 dhalta moltaí speisialta as an obair iontach a rinne siad. Rinne Piotr Serafin, an Coimisinéir um an mBuiséad agus Comhrac Calaoise agus um an Riarachán Poiblí, comhghairdeas leis na buaiteoirí agus ghabh sé buíochas leis na rannpháirtithe uile agus lena múinteoirí as a gcuid díograise. Bhí teachtaireacht aige chomh maith maidir leis an tábhacht a bhaineann le teangacha a fhoghlaim.

An 10 Aibreán sa Bhruiséil a reáchtálfar an searmanas bronnta. Mar chuid dá dturas, buailfidh na 27 n-aistritheoir óga le haistritheoirí an Choimisiúin Eorpaigh agus feicfidh siad conas a oibríonn siad. Deis ar leith dóibh a bheith san eispéaras sin eolas a chur ar theangacha agus ar chultúir a chéile. Mar a dúirt buaiteoir na bliana seo caite ón tSualainn, Ivar Lasse: “Is mar gheall ar Juvenes Translatores a chreidim sa ‘Tionscadal Eorpach’.”

Cúlra

Tá an comórtas Juvenes Translatores á eagrú ag Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh gach aon bhliain ó bhí 2007 ann, agus é á mhaoiniú ag an gclár Erasmus+, chun an t-aistriúchán agus an t-ilteangachas a chur chun cinn. Eispéaras cinniúnach a bhí sa chomórtas seo do roinnt mhaith dár ghlac páirt ann agus de na buaiteoirí, nó fuair siad a gcéad bhlaiseadh de na hinstitiúidí Eorpacha leis. Shocraigh cuid acu dul le léann an aistriúcháin san ollscoil, agus tá tuilleadh acu ag obair ina n-aistritheoirí faoi oiliúint nó ina n-aistritheoirí lánaimseartha i roinn aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh.

Is é is aidhm don chomórtas Juvenes Translatores foghlaim teangacha a chur chun cinn sna scoileanna, agus blaiseadh de ghairm an aistritheora a thabhairt do dhaoine óga. Tá an comórtas oscailte do dhaltaí meánscoile atá 17 mbliana d’aois, agus is in aon am amháin a bhíonn sé ar siúl ar fud an Aontais Eorpaigh i ngach scoil dá roghnaítear.

Ó cruthaíodh na Comhphobail Eorpacha an chéad lá, is gné lárnach den Aontas Eorpach atá san ilteangachas agus i gcúrsaí aistriúcháin dá réir. Cumhdaíodh sin sa chéad Rialachán lenar cinneadh na teangacha a bhí le húsáid i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, mar a tugadh air ag an am, agus glacadh an Rialachán sin in 1958. Ó shin i leith, de réir mar a fuair níos mó tíortha ballraíocht san Aontas, tá líon na dteangacha oifigiúla san Aontas méadaithe ó 4 go 24.

Tuilleadh eolais:

An phreaseisiúint iomlán

Suíomh gréasáin Juvenes Translatores

Sonraí

Dáta foilsithe
13 Feabhra 2025 (An uair dheiridh a nuashonraíodh: 13 Feabhra 2025)
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn