Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta15 Feabhra 2023An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 3 nóiméad

Céim eile i dtreo comhaontú fadtéarmach ‘Fánaíocht ar tháillí baile' leis an Úcráin

Tá an Úcráin céim amháin níos gaire do limistéar fánaíochta saor in aisce an Aontais inniu, ó tharla gur ghlac an Coimisiún togra chun fánaíocht a ionchorprú sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin.

Visual with text "Roam like at home"

A luaithe a bheidh sé i bhfeidhm, ní bheidh ar chuairteoirí ón Úcráin aon mhuirir bhreise a íoc as a bhfón póca a úsáid agus iad ag taisteal san Aontas, agus beidh na cearta céanna ag taistealaithe ón Aontas agus iad ar cuairt san Úcráin.

Ceann de phríomhghníomhaíochtaí an Phlean Gníomhaíochta Tosaíochta athbhreithnithe is ea an Úcráin a thabhairt isteach i limistéar fánaíochta saor in aisce an Aontais. Is é an plean seo an treochlár chun an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála idir an tAontas agus an Úcráin (DCFTA) a chur chun feidhme go hiomlán agus an Úcráin a chomhtháthú tuilleadh i Margadh Aonair an Aontais. Is é sin an chéad chéim de chóir mhargadh inmheánach an Aontais a leathnú chuig an Úcráin.

Tagann céim an lae inniu sna sála ar fhógra Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, ina hAitheasc ar Staid an Aontais in 2022 chun an Úcráin a thabhairt isteach sa limistéar fánaíochta saor in aisce. Tagann sé sna sála freisin ar rannpháirtíocht an Choimisiúin le hoibreoirí an Aontais agus na hÚcráine d'fhonn bearta deonacha a chur i bhfeidhm chun glaonna inacmhainne nó saor in aisce a cheadú idir an tAontas agus an Úcráin, ar cuireadh síneadh leo.

Na chéad chéimeanna eile

Déanfaidh Comhairle an Aontais Eorpaigh an togra a mheas anois. Tar éis don Chomhairle teacht ar chomhaontú, beidh ar an gCoiste Trádála idir an tAontas agus an Úcráin Cinneadh Comhpháirteach a dhéanamh chun cóir fhrithpháirteach an mhargaidh inmheánaigh a thabhairt d'fhánaíocht.

Braithfidh an luas ag a ndéanfar an Úcráin a chomhtháthú i margadh inmheánach an Aontais d'fhánaíocht ar luas chomhfhogasaithe agus chur chun feidhme reachtaíocht ábhartha an Aontais san Úcráin.

Cúlra

Faoi láthair, cuireann oibreoirí teileachumarsáide an Aontais agus na hÚcráine ar fáil glaonna inacmhainne nó saor in aisce idir an tAontas agus an Úcráin, ar bhonn deonach. A bhuí leis an socrú sin, tá nascacht inacmhainne ag thart ar 4 mhilliún duine atá ag teitheadh ón gcogadh agus dídean á lorg acu san Aontas. Cuireadh síneadh sé mhí leis na bearta deonacha le déanaí agus cumhdaítear anois leis an socrú nua glaonna ar uimhreacha líne fostaithe san Úcráin chomh maith le cineálacha nua oibreoirí.

Síníodh an Comhaontú Comhlachais, lena n-áirítear DCFTA idir an tAontas agus an Úcráin, an 21 Márta agus an 27 Meitheamh 2014. Tá DCFTA curtha i bhfeidhm go sealadach ón 1 Eanáir 2016. Tháinig an Comhaontú Comhlachais i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017.

Cuireadh an Plean Gníomhaíochta Tosaíochta do 2021-2022 i bhfeidhm chun dlús a chur le próiseas cur chun feidhme DCFTA. Ó thug an Chomhairle Eorpach stádas mar iarrthóir don Úcráin an 23 Meitheamh 2022, tá céim nua bainte amach ag an Aontas agus ag an Úcráin ina gcaidreamh. Sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála idir an tAontas agus an Úcráin an 25-26 Deireadh Fómhair 2022, chomhaontaigh an dá thaobh an Plean Gníomhaíochta Tosaíochta a athbhreithniú agus síneadh a chur leis chun na tosaíochtaí nua sin do 2023-2024 a léiriú.

An togra a glacadh inniu, is le haghaidh Cinneadh ón gComhairle atá sé maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais i ndáil le Cumraíocht Trádála a mhéid a bhaineann le Foscríbhinn XVII-3 a leasú (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais.

Tuilleadh eolais

Togra ón gCoimisiún chun fánaíocht a ionchorprú sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin

An tAontas agus an Úcráin: Ag seasamh le chéile

Plean Gníomhaíochta Tosaíochta athbhreithnithe maidir le DCFTA idir an tAontas agus an Úcráin a chur chun feidhme 2023-24

Plean Gníomhaíochta Tosaíochta Athbhreithnithe – Grafaic faisnéise

Tuilleadh eolais faoi fhánaíocht san Aontas

Caidreamh trádála idir an tAontas agus an Úcráin

 

Sonraí

Dáta foilsithe
15 Feabhra 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn