Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta24 Eanáir 2023An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 5 nóiméad

Slándáil an tsoláthair bia agus athléimneacht an éiceachórais: Cuireann an Coimisiún borradh faoina ghníomhaíocht maidir le pailneoirí

Inniu, tá ‘Margadh Nua do Phailneoirí' á chur i láthair ag an gCoimisiún chun dul i ngleic leis an meath scanrúil atá tagtha ar fheithidí pailnithe fiáine san Eoraip, agus athbhreithniú á dhéanamh ar Thionscnamh 2018 an Aontais maidir le Pailneoirí.

Drawing showing the different types of pollinators: butterflies, bees, ...

Tá saoránaigh ag éileamh gníomhaíochta cinntithí i gcoinne caillteanas pailneoirí níos mó agus níos mó, agus freisin tríd an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh le déanaí, ‘Sábhálaimis na Beacha agus na Feirmeoirí'. Sa tionscnamh athnuaite, leagtar amach na gníomhaíochtaí atá le déanamh ag an Aontas agus ag na Ballstáit chun an meath ar phailneoirí a aisiompú faoi 2030 ós rud é, sa lá atá inniu ann, go bhfuil ceann amháin as gach trí speiceas beach, féileacán agus beach gabhair ag dul in éag san Aontas. Comhlánaítear leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Dlí um Athbhunú an Dúlra ó mhí an Mheithimh 2022 agus is cuid lárnach é de Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc' agus den Chomhaontú Glas don Eoraip.

An laghdú ar phailneoirí a aisiompú faoi 2030 

Le Tionscnamh athbhreithnithe an Aontais maidir le Pailneoirí, leagtar síos cuspóirí le haghaidh 2030 agus gníomhaíochtaí faoi thrí thosaíocht. Is é an phríomhthosaíocht caomhnú pailneoirí a fheabhsú agus dul i ngleic leis na cúiseanna atá lena meath. Bainfear é sin amach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Caomhnú speiceas agus gnáthóg níos fearr – mar shampla, cuirfidh an Coimisiún bailchríoch ar phleananna caomhnaithe do speicis phailneoirí atá faoi bhagairt; Sainaithneoidh an Coimisiún pailneoirí is gnách a bheith ann i ngnáthóga a chosnaítear faoin Treoir maidir le Gnáthóga ar cheart do na Ballstáit iad a chosaint; agus ullmhóidh an Coimisiún agus na Ballstáit go comhpháirteach treoirphlean le haghaidh líonra conairí éiceolaíocha maidir le phailneoirí, nó ‘Conairí Crónáin'.
  • Gnáthóga i dtírdhreacha talmhaíochta a athbhunú – go háirithe trí níos mó tacaíochta a thabhairt d'fheirmeoireacht atá neamhdhíobhálach do phailneoirí faoin gComhbheartas Talmhaíochta.
  • Tionchar úsáid lotnaidicídí ar phailneoirí a mhaolú – mar shampla trí cheanglais dhlíthiúla chun bainistiú comhtháite lotnaidí a chur chun feidhme nó trí mhodhanna tástála breise chun tocsaineacht lotnaidicídí do phailneoirí a chinneadh, agus éifeachtaí fo-mharfacha agus ainsealacha á gcur san áireamh. Ós rud é go bhfuil úsáid iomarcach lotnaidicídí ina príomhspreagthóir maidir le caillteanas pailneoirí, beidh sé ríthábhachtach riosca agus úsáid lotnaidicídí a laghdú de réir an togra ón gCoimisiún maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí.
  • Gnáthóga pailneoirí i limistéir uirbeacha a fheabhsú.
  • Ag dul i ngleic leis na tionchair a bhíonn ag an athrú aeráide, ag speicis ionracha agus ag bagairtí eile mar shampla bithicídí nó truailliú solais ar phailneoirí.

Anuas air sin, díreofar sa tionscnamh ar eolas a fheabhsú maidir le meath na bpailneoirí, na cúiseanna leis agus na hiarmhairtí a bhaineann leis. I measc na ngníomhaíochtaí tá córas cuimsitheach faireacháin a bhunú, tacú le taighde agus measúnú mar shampla trí Phríomhréimsí Pailneoirí a mhapáil faoi 2025, agus gníomhaíochtaí spriocdhírithe chun forbairt agus scaipeadh eolais a chur chun cinn.

Is tosaíocht deiridh é an tsochaí a shlógadh agus pleanáil straitéiseach agus comhar a chur chun cinn. Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit straitéisí náisiúnta maidir le pailneoirí a fhorbairt. Tacóidh an Coimisiún agus na Ballstáit freisin le saoránaigh agus le gnólachtaí gníomhú, mar shampla trí fheasacht an phobail a ardú agus trí thacú le heolaíocht na saoránach.

Tá liosta iomlán na ngníomhaíochtaí le fáil san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Teachtaireacht ‘Margadh Nua do Phailneoirí'.

Na chéad chéimeanna eile

Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle na gníomhaíochtaí nua a fhormhuiniú agus páirt ghníomhach a ghlacadh ina gcur chun feidhme, i ndlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile. Comhlánóidh na gníomhaíochtaí nua na Pleananna Náisiúnta um Athchóiriú (faoin Dlí um Athbhunú an Dúlra atá beartaithe) atá le teacht, ina gcinnfidh na Ballstáit na bearta chun an sprioc ceangailteach ó thaobh dlí de a bhaint amach, is é sin an laghdú ar phobail pailneoirí a aisiompú faoi 2030.

Níos déanaí i mbliana, tabharfaidh an Coimisiún freagra ar an Tionscnamh ó na Saoránaigh ‘Sábhálaimis na Beacha agus na Feirmeoirí' trí theachtaireacht thiomnaithe. 

Cúlra

Is cuid lárnach d'éiceachórais shláintiúla iad pailneoirí. Murab ann dóibh, bheadh go leor speiceas plandaí ag meath agus ar deireadh rachadh siad in éag in éineacht leis na horgánaigh atá ag brath orthu, rud a mbeadh impleachtaí tromchúiseacha éiceolaíochta, sóisialta agus eacnamaíocha acu. Ós rud é go bhfuil thart ar 80 % de phlandaí barr agus d'fhiáinbhláthacha ag brath ar phailniú ainmhithe, tá caillteanas pailneoirí ar cheann de na bagairtí is mó ar nádúr an Aontais, ar fholláine an duine agus ar shlándáil an tsoláthair bia, ós rud é go gcuireann sé táirgeadh talmhaíochta inbhuanaithe fadtéarmach i mbaol. Le comhthéacs geopholaitiúil an lae inniu, neartaíodh a thuilleadh an gá atá ann ár gcóras bia a dhéanamh níos athléimní, agus feithidí pailnitheacha a chosaint agus a athbhunú á gcur san áireamh.

Cuireann an tionscnamh le comhairliúcháin chuimsitheacha le páirtithe leasmhara agus le haiseolas institiúideach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ó Choiste na Réigiún agus ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa. Tá sé i gcomhréir freisin le Creat Bithéagsúlachta Domhanda Kunming-Montréal, a glacadh le déanaí, ina bhfuil sprioc dhomhanda chun an riosca ó lotnaidicídí a laghdú faoi 50 % ar a laghad faoi 2030.

Tuilleadh eolais

C&F ar Thionscnamh Athbhreithnithe an Aontais maidir le Pailneoirí

Teachtaireacht maidir le ‘Margadh Nua do Phailneoirí' agus Iarscríbhinn

Tionscnamh an Aontais maidir le Pailneoirí - An Comhshaol – An Coimisiún Eorpach (europa.eu)

Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin – Spreagthóirí shlándáil an tsoláthair bia

Mol Eolais an Aontais maidir le Pailneoirí

Páirc an Phailneora (europa.eu)

Sonraí

Dáta foilsithe
24 Eanáir 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn