Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta1 Feabhra 2023An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 5 nóiméad

Plean Sáraithe Ailse na hEorpa: Na chéad Phróifílí Ailse de réir Tíre curtha i láthair ag an gCoimisiún faoin gClárlann Eorpach um Éagothromaíochtaí Ailse

Inniu, roimh an Lá Domhanda in aghaidh na hAilse an 4 Feabhra, chuir an Coimisiún agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE)na chéadPhróifílí Ailse de réir Tíre i láthair faoin gClárlann Eorpach um Éagothromaíochtaí Ailse, próifílí a chlúdaíonn Ballstáit uile an Aontais, an Iorua agus an Íoslainn.

Cover of the Ireland cancer profile

Is féidir an tuarascáil ar thír na hÉireann a íoslódáil anseo.

Léiríonn na Próifílí gur chaith tíortha an Aontais méid suntasach, beagnach €170 billiún, ar chúram ailse (in 2018). Toradh suntasach eile is ea go bhfuil ailse scamhóg fós ar an gcúis bháis is coitianta as measc na gcineálacha éagsúla ailse. Tá éagothromaíochtaí móra ann freisin i rátaí básmhaireachta ailse idir tíortha an Aontais agus laistigh de na tíortha. Is féidir sin a mhíniú go pointe áirithe trí leibhéil éagsúla nochta d'fhachtóirí riosca ailse, ach freisin trí na cumais éagsúla atá ag na córais sláinte rochtain thráthúil agus saor in aisce a sholáthar ar dhiagnóis luath, ar ardchaighdeán cúraim ailse agus ar chóireáil ailse. Léirítear sna Próifílí gur féidir le tíortha aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí ailse trí dhúshláin a shainaithint agus dea-chleachtais a chomhroinnt idir na Ballstáit.

Tá na Próifílí á seoladh le linn comhdháil ardleibhéil faoi chuimsiú Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa: ‘Comhdháil maidir le hailse – Cothromas, barr feabhais agus nuálaíocht: cúram ailse nua-aimseartha do chách', a d'eagraigh an Coimisiún agus Uachtaránacht na Sualainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh i gcomhar le chéile.

Tuilleadh torthaí ó na Próifílí Ailse de réir Tíre

Léiríonn na próifílí fíricí tábhachtacha eile:

  • Is í an ailse is cúis le 26% de na básanna uile, rud a fhágann go bhfuil sí ar an dara cúis bháis is mó san Aontas tar éis galair imshruthaithe.
  • beagnach a dhá oiread de dhifear idir na rátaí básmhaireachta ailse ar fud na dtíortha, agus tá éagothromaíochtaí móra ann maidir le básmhaireacht ailse idir na hinscní.
  • éagothromaíochtaí socheacnamaíocha leathana ann maidir le básmhaireacht ailse. Is féidir na héagothromaíochtaí sin a mhíniú go pointe áirithe mar gheall ar dhifríochtaí sa nochtadh d'fhachtóirí riosca amhail caitheamh tobac, murtall, tomhaltas díobhálach alcóil nó truailliú aeir. Is iondúil go mbíonn na fachtóirí riosca foriomlána níos forleithne i measc na bhfear agus i measc grúpaí ísealioncaim agus grúpaí a bhfuil leibhéil níos ísle oideachais acu.
  • Ní hionann na dúshláin atá roimh thíortha an Aontais maidir le cúram ailse ar ardchaighdeán a chur ar fáil. Tá cúram maith ag roinnt tíortha cé go bhfuil ganntanas baill foirne cúraim sláinte acu, agus tá líon ard lianna cáilithe ag tíortha eile ach iad gann ar threalamh teiripe radaíochta, mar shampla.
  • Tháinig méadú ar an gcaiteachas ar chosc le blianta beaga anuas. Mar sin féin, níl ann ach 3.4 % den chaiteachas sláinte foriomlán.

Gníomhaíochtaí chun na héagothromaíochtaí a chomhrac ar leibhéal an Aontais

Tá a lán gníomhaíochtaí de chuid Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa cheana féin bainte amach ag an gCoimisiún níos tapúla ná riamh. Le déanaí, an 23 Eanáir, sheol an Coimisiún an Tionscnamh Eorpach um Íomháú Ailse chun tacú le soláthraithe cúraim sláinte, institiúidí taighde agus nuálaithe maidir leis an leas is fearr is féidir a bhaint as réitigh nuálacha shonraíbhunaithe i dtaca le cóireáil agus cúram ailse.

An Moladh nua ón gComhairle maidir le scagthástáil ailse a glacadh i mí na Nollag 2022, tá sé sin ina phríomhghné freisin den Scéim Scagtha Ailse nua arna maoiniú ag an Aontas, lena bhféachtar le scagthástáil ailse cíche, ailse ceirbheacs agus ailse colaireictí a thairiscint do 90% de mhuintir na hEorpa atá incháilithe agus a leathnaíodh chun ailse scamhóg, ailse próstataigh agus, i ndálaí áirithe, ailse ghastrach a chumhdach.

Leanfar leis an obair chun níos mó ná 30 gníomh a chur i gcrích sa bhliain amach romhainn. I measc na bpríomhthionscnamh, cuirfidh an Coimisiún i láthair togra le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le hailsí atá inchoiscthe trí vacsaíniú, mar aon le nuashonrú ar mholadh ón mbliain 2009 ón gComhairle maidir le timpeallachtaí saor ó thobac chun cur leis na hiarrachtaí saoránaigh a chosaint ar thobac agus chun cuidiú chun an sprioc Glúin atá Saor ó Thobac a bhaint amach faoi 2024.

Cúlra

Don chéad eisiúint an 1 Feabhra 2023, táirgeadh 29 bPróifíl Ailse de réir Tíre (AE27, an Íoslainn agus an Iorua) le cabhair ECFE. Is uirlis iad na Próifílí chun éagothromaíochtaí i gcosc agus i gcúram ailse a shainaithint. Tugann siad léargas ar a bhfuil bainte amach, ar na dúshláin agus ar na héagothromaíochtaí i ngach tír agus cuireann siad torthaí na dtíortha aonair i gcomparáid leis an staid mar atá sí san Aontas ina iomláine. Tacaíonn sé sin le lucht déanta beartas agus cabhraíonn sé chun hinfheistíocht agus idirghabhálacha a threorú ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais faoi Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa.

Tá Plean Sáraithe Ailse na hEorpa ina cholún lárnach d'Aontas Sláinte na hEorpa a d'fhógair an tUachtarán von der Leyen in 2020. Seoladh an Plean Sáraithe Ailse in 2021 agus leagtar amach ann cur chuige nua an Aontais i dtaca le cosc, cóireáil agus cúram na hailse trí chur chuige comhtháite a bhfuil baint ag an iliomad páirtithe leasmhara leis agus a chuireann an tsláinte mar chuid de gach beartas. Moltar ann 10 dtionscnamh shuaitheanta agus gníomhaíochtaí iomadúla chun dul i ngleic le conair iomlán an ghalair.

Tuilleadh eolais

Bileog eolais – Plean Ailse an Aontais: cá bhfuilimid anois?

Bileog eolais – Próifílí Ailse de réir Tíre

Próifílí Ailse de réir Tíre

An Chlárlann Eorpach um Éagothromaíochtaí Ailse

Plean Sáraithe Ailse na hEorpa

@EU_Health

Mír nuachta ón Airmheán Comhpháirteach Taighde: An Chlárlann Eorpach um Éagothromaíochtaí Ailse

Misean an Aontais Eorpaigh um Ailse

Misean an Aontais Eorpaigh um Ailse – comhdháil maidir le daoine óga a tháinig slán ón ailse

 

Sonraí

Dáta foilsithe
1 Feabhra 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn