Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta28 Márta 2023An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 4 nóiméad

An Comhaontú Glas don Eoraip: comhaontaíodh dlí nua uaillmhianach maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla leordhóthanacha

Is díol sásaimh don Choimisiún an comhaontú polaitiúil ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle air chun borradh a chur faoi líon na stáisiún athluchtaithe leictrigh agus athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal go háirithe ar fud phríomhchonairí agus príomhmhoil iompair an Aontais Eorpaigh.

Utilisation of a charging point for electric cars

Is comhaontú cinniúnach é sin lena gcumasófar an t-aistriú chuig iompar atá saor ó astaíochtaí agus lena rannchuideofar lenár sprioc glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030.

Sa Rialachán nua maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla (AFIR), leagtar síos spriocanna éigeantacha maidir le himscaradh do bhonneagar athluchtaithe leictrigh agus athbhreoslaithe hidrigine don earnáil bóithre, do sholáthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt mhuirí agus i gcalafoirt uiscebhealaí intíre, agus do sholáthar leictreachais d'aerárthaí atá ina stad. Trí íosmhéid bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe a chur ar fáil ar fud an Aontais, cuirfidh an rialachán deireadh leis an imní maidir le deacrachtaí feithicil a athluchtú nó a athbhreoslú. Réitíonn AFIR an bealach freisin d'eispéireas soláimhsithe athluchtaithe agus athbhreoslaithe, ina mbeidh trédhearcacht iomlán praghsanna, roghanna íocaíochta íosta comhchoiteanna agus eolas comhleanúnach do chustaiméirí ar fud an Aontais.

Bonneagar le haghaidh iompar de bhóthar, loingseoireachta agus eitlíochta 

Leis na rialacha nua AFIR, cinnteofar bonneagar breoslaí ionadúla leordhóthanacha soláimhsithe le haghaidh iompar de bhóthar, loingseoireachta agus eitlíochta. Leis sin, beifear in ann feithiclí bóthair atá saor ó astaíochtaí a úsáid, go háirithe feithiclí leictreacha agus feithiclí troma agus éadroma hidrigine, chomh maith le soláthar leictreachais do shoithí feistithe agus d'aerárthaí atá ina stad. Go sonrach, ní mór na príomhspriocanna imscartha seo a leanas a bhaint amach in 2025 nó 2030:

1) Ní mór méadú teacht ar bhonneagar athluchtaithe le haghaidh carranna agus veaineanna fás ar an luas céanna le glacadh feithiclí. Chuige sin, maidir le gach carr ceallra-leictreach atá cláraithe i mBallstát áirithe, ní mór aschur cumhachta 1.3 kW a sholáthar le bonneagar athluchtaithe atá inrochtana don phobal. Ina theannta sin, gach 60 km feadh an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair (TEN-T), ní mór stáisiúin mearluchtaithe 150 kW ar a laghad a shuiteáil ó 2025 ar aghaidh.

2) Ní mór stáisiúin athluchtaithe atá tiomnaithe d'fheithiclí troma a bhfuil aschur íosta 350 kW acu a imscaradh gach 60 km feadh chroíghréasán TEN-T, agus gach 100 km ar an ngréasán cuimsitheach TEN-T níos mó ó 2025 ar aghaidh, agus cumhdach iomlán gréasáin le baint amach faoi 2030. Ina theannta sin, ní mór stáisiúin athluchtaithe a shuiteáil i limistéir pháirceála shábháilte shlána le haghaidh an athluchtaithe thar oíche agus i nóid uirbeacha le haghaidh feithiclí seachadta.

3) Ní mór bonneagar athbhreoslaithe hidrigine atá in ann freastal ar charranna agus leoraithe araon a úsáid ó 2030 ar aghaidh i ngach nód uirbeach agus i ngach 200 km feadh chroíghréasán TEN-T, rud a chinnteoidh go mbeidh gréasán dlúth a dhóthain ann chun go mbeidh feithiclí hidrigine in ann taisteal ar fud an Aontais.

4) Calafoirt mhuirí ar a dtugann ar a laghad 50 soitheach móra paisinéirí cuairt, nó ar a dtugann 100 soitheach coimeádán cuairt, ní mór dóibh leictreachas cois cladaigh a sholáthar do na soithí sin faoi 2030. Ní hamháin go gcuideoidh sé sin lorg carbóin an mhuiriompair a laghdú, ach laghdóidh sé truailliú aeir áitiúil i limistéir chalafoirt freisin. 

5) Ní mór d'aerfoirt leictreachas a sholáthar d'aerárthaí atá ina stad ag gach láthair teagmhála (na geataí) faoi 2025, agus ag gach láthair iargúlta (na suíomhanna amach ón aerfort) faoi 2030. 

6) Ní mór d'oibreoirí stáisiún athluchtaithe leictrigh agus athbhreoslaithe hidrigine trédhearcacht iomlán praghsanna a chinntiú, modh íocaíochta ad hoc coiteann a thairiscint amhail cárta dochair nó cárta creidmheasa, agus sonraí ábhartha a chur ar fáil, amhail na sonraí ar an láthair sin, trí mheán leictreonach, rud a chinnteoidh go gcuirfear an custaiméir go hiomlán ar an eolas.

Na chéad chéimeanna eile

Ní mór an comhaontú polaitiúil ar thángthas air an tseachtain seo a ghlacadh go foirmiúil anois. A luaithe a bheidh an próiseas sin curtha i gcrích ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, foilseofar na rialacha nua in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh siad i bhfeidhm tar éis idirthréimhse 6 mhí.

Cúlra

Is é an Comhaontú Glas don Eoraip an straitéis fáis fhadtéarmach atá ag an Aontas chun go mbeidh an tAontas aeráidneodrach faoi 2050. Chun an sprioc sin a bhaint amach, ní mór don Aontas a chuid astaíochtaí a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990. Is céim thábhachtach eile é comhaontú na seachtaine seo i nglacadh an phacáiste reachtaigh de chuid an Choimisiúin, ‘Oiriúnach do 55', chun an Comhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach. Tagann sé sna sála ar chomhaontuithe eile a rinneadh le déanaí maidir le breoslaí inbhuanaithe le haghaidh na loingseoireachta.

Tuilleadh eolais

Tograí ‘Oiriúnach do 55'

Sonraí

Dáta foilsithe
28 Márta 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn