
Tá Bród Bhaile Átha Cliath ar na himeachtaí poiblí is mó in Éirinn – ní mó ná é ach paráid na Féile Pádraig.
Ba é ‘Taking Liberties’ – saoirsí a ghabháil – téama na paráide. Agus bhí comóradh an-tábhachtach i gceist d’Éirinn i mbliana nó deich mbliana atá ann ó ritheadh an tAcht um Inscne a Aithint.
Ghlac an Ionadaíocht páirt sa pharáid in éineacht leis an ngrúpa Taidhleoirí ar son an Chomionannais – grúpa ambasáidí ó thíortha ar fud an domhain ar mór leo luachanna an chomhionannais agus an chuimsithe.
Athdheimhniú uainn ab ea é páirt a ghlacadh sa pharáid gur buncheart ag gach éinne san Aontas Eorpach í an chóir chomhionann. Is ceart go gcluinfear glór gach duine agus gach pobail san Aontas Eorpach. Seasann an tAontas i gcoinne an leithcheala agus oibríonn sé go dlúth leis na rialtais náisiúnta chun polasaithe a dhearadh agus a chur i bhfeidhm leis an homafóibe a dhíothú mar aon leis an leithcheal ar bhun claonadh inscne nó féiniúlacht inscne.
Tuilleadh eolais:
Dearbhú ‘Diplomats for Equality’ 2025 (Béarla)
An Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025
Comhionannas leispiach, aerach, déghnéasach, trasinscneach agus idirghnéasach
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 30 Meitheamh 2025
- Údar
- An Ionadaíocht in Éirinn