Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta29 Márta 2023An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 5 nóiméad

Tuilleadh trédhearcachta faoi chuideachtaí agus níos lú maorlathais: Moltaí déanta ag an gCoimisiún chun feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó san Aontas Eorpach

Ghlac an Coimisiún Eorpach togra inniu le haghaidh Treoir a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca ag cuideachtaí níos mó úsáide a bhaint as uirlisí agus próisis dhigiteacha i ndlí cuideachtaí an Aontais.

Image of paper with text: EU company law - for thriving businesses and fair conditions

Tá sé i gceist leis an togra oibríochtaí na gcuideachtaí trasteorann a éascú agus an trédhearcacht faoi ghnólachtaí, agus an iontaoibh astu, a mhéadú trína thuilleadh eolais faoi chuideachtaí a chur ar fáil go poiblí ar leibhéal an Aontais. Laghdóidh an togra ualach an mhaorlathais ar ghnólachtaí trasteorann freisin: sábhálfaidh siad thart ar €437 milliún in aghaidh na bliana a bhuí le Deimhniú Cuideachta nua de chuid an Aontais nó le ‘prionsabal na haonuaire'. Cuirfidh an togra le digitiú leanúnach an mhargaidh aonair agus cuideoidh sé le cuideachtaí, cuideachtaí beaga agus meánmhéide go háirithe, gnó a dhéanamh san Aontas.

An ró-mhaorlathas agus an t-ualach riaracháin a laghdú

Chun an ró-mhaorlathas a laghdú agus an t-ualach riaracháin ar ghnó trasteorann a mhaolú, tá na rialacha seo a leanas sa togra:

  • Cuirfear ‘prionsabal na haonuaire' i bhfeidhm sa chaoi nach mbeidh ar chuideachtaí faisnéis a chur isteach athuair agus brainse nó cuideachta á bunú acu i mBallstát eile. Féadfar an fhaisnéis ábhartha a mhalartú trí Chóras Idirnasctha na gClár Gnó (BRIS);
  • Beidh Deimhniú Cuideachta de chuid an Aontais ann, ina mbeidh tacar bunúsach faisnéise faoin gcuideachta, agus a bheidh ar fáil saor in aisce i ngach teanga de chuid an Aontais;
  • Beidh samhail chaighdeánach ilteangach ann le haghaidh cumhacht aturnae dhigiteach de chuid an Aontais, lena údarú do dhuine ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta i mBallstát eile;
  • Cuirfear deireadh le foirmiúlachtaí ar nós apastaile nó aistriúchán deimhnithe a bheith ag teastáil le haghaidh doiciméid chuideachta.

Tuilleadh trédhearcachta agus iontaoibhe le haghaidh an ghnó trasteorann

Tugann an togra rialacha an Aontais maidir le cuideachtaí (Treoir (AE) 2017/1132) cothrom le dáta, chun iad a chur in oiriúint a thuilleadh d'fhorbairtí digiteacha agus do dhúshláin nua agus chun an fás agus an t-iomaíochas a spreagadh sa mhargadh aonair.

Chun feabhas a chur ar thrédhearcacht na gcuideachtaí agus ar an iontaoibh astu, tá an méid seo a leanas i gceist leis na rialacha atá beartaithe:

  • Deimhin a dhéanamh de go mbeidh eolas tábhachtach faoi chuideachtaí (faoi chomhpháirtíochtaí agus grúpaí cuideachtaí, mar shampla) ar fáil go poiblí, go háirithe ar leibhéal an Aontais, trí BRIS;
  • Cuardaigh ar fhaisnéis faoi chuideachtaí san Aontas a éascú trí fhéidearthacht a chur ar fáil cuardach a dhéanamh trí BRIS agus, ag an am céanna, trí dhá chóras eile de chuid an Aontais a nascann cláir náisiúnta úinéireachta tairbhiúla agus cláir náisiúnta dhócmhainneachta;
  • Deimhin a dhéanamh de go mbeidh sonraí na gcuideachtaí sna cláir ghnó cruinn, iontaofa agus cothrom le dáta, mar shampla trí fhoráil a dhéanamh maidir le seiceálacha i ngach Ballstát ar fhaisnéis faoi chuideachtaí sula n-iontrálfar i gcláir ghnó í.

Na chéad chéimeanna eile

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle plé maidir leis an togra anois. Moltar go mbeidh achar dhá bhliana ag na Ballstáit chun an Treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta tar éis a glactha.

Cúlra

Tá na cuideachtaí i gcroílár an mhargaidh aonair. Mar gheall ar a gcuid gníomhaíochtaí gnó agus ar a gcuid infheistíochtaí, gníomhaíochtaí trasteorann san áireamh, tá ról lárnach acu i rath eacnamaíochta an Aontais, ina iomaíochas, agus i gcur i gcrích an aistrithe ionsar gheilleagar digiteach inbhuanaithe. Chuige sin, tá creat dlíthiúil intuartha ag teastáil ó chuideachtaí, creat a bheidh fabhrach don fhás agus a bheidh in oiriúint do na dúshláin nua eacnamaíocha agus shóisialta sa ré dhigiteach. Beidh feidhm ag na bearta a mholtar ar thart ar 16 mhilliún cuideachta faoi dhliteanas teoranta agus ar 2 mhilliún comhpháirtíocht san Aontas.

Is éard atá sa togra seo an dara céim de dhigitiú dhlí na gcuideachtaí san Aontas. Le Treoir 2019 maidir le digitiú (Treoir (AE) 2019/1151), cinntíodh go bhféadfaí nósanna imeachta faoi dhlí na gcuideachtaí a chur i gcrích ar líne, agus, go háirithe, go bhféadfaí cuideachtaí a chur ar bun ar líne. Is togra comhlántach é an togra seo agus é d'aidhm aige go mbeidh fáil níos fusa ar fhaisnéis faoi chuideachtaí, go háirithe, ar leibhéal an Aontais, agus fáil réidh le bacainní riaracháin nuair a úsáideann na cuideachtaí agus na húdaráis an fhaisnéis sin i gcásanna trasteorann. Go ginearálta, cuireann an togra an cur chuige ‘an réiteach digiteach mar réamhshocrú' chun cinn nuair a bheidh faisnéis faoi chuideachtaí le rochtain nó le húsáid agus cuideachtaí agus cláir ghnó, nó cuideachtaí agus na húdaráis, ag plé le cheile. Beidh an togra ag brath a thuilleadh ar úsáid a bhaint as seirbhísí iontaoibhe, agus cinnteoidh sé go mbeidh réitigh ar nós Dheimhniú Cuideachta an Aontais comhoiriúnach le Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí

Rannchuideoidh sé le baint amach na gcuspóirí le haghaidh an digitithe a leagadh amach sna Teachtaireachtaí ón gCoimisiún Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach do na Deich mBliana Digiteacha agus Digitiú an cheartais san Aontas Eorpach – Bosca uirlisí deiseanna. Ina theannta sin éascóidh sé leathnú trasteorann na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) de réir na dTeachtaireachtaí Straitéis Nua Tionsclaíochta 2020 a thabhairt cothrom le dáta agus Straitéis FBM d'Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach.

Mar a fógraíodh i gClár Oibre an Choimisiúin 2023, tá an togra seo ar na príomhghníomhaíochtaí faoin tosaíocht pholaitiúil ‘Eoraip atá in oiriúint don Aois Dhigiteach'.

Tuilleadh eolais

Ceisteanna agus Freagraí: Togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir chun úsáid na n-uirlisí agus na bpróiseas digiteach a leathnú i ndlí cuideachtaí an Aontais

Leathanach gréasáin - Dlí na gcuideachtaí agus an rialachas corparáideach 

Togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir chun an úsáid a bhaintear as uirlisí agus próisis dhigiteacha i ndlí na gcuideachtaí a leathnú agus a uasghrádú a thuilleadh 

Iarscríbhinn – Togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir chun an úsáid a bhaintear as uirlisí agus próisis dhigiteacha i ndlí na gcuideachtaí a leathnú agus a uasghrádú a thuilleadh 

Sonraí

Dáta foilsithe
29 Márta 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn