
Tar éis dó measúnú a dhéanamh ar an iarratas ar íocaíocht a chuir Éire isteach an 23 Nollaig 2024, tá réamhchinneadh déanta ag an gCoimisiún go bhfuil an 17 sprioc agus garsprioc, a leagadh amach sa Chinneadh Cur chun feidhme ón gComhairle maidir leis an dara tráthchuid, curtha i gcrích go sásúil ag Éirinn.
Tacaíonn an t-iarratas íocaíochta seo le sé cinn d’athchóirithe agus le cúig cinn d’infheistíochtaí a rachaidh chun tairbhe do shaoránaigh agus do ghnólachtaí in Éirinn. Tá na bearta sin dírithe ar laghdú na n-astaíochtaí ó ghnólachtaí, ar an iompar inbhuanaithe, ar an gcánachas carbóin, ar an digitiú i scoileanna, i ngnólachtaí agus sa riarachán poiblí, agus ar scileanna TFC, ar an gcúram sláinte, ar phinsin, agus ar an tithíocht.
Áirítear ar na bearta suaitheanta san iarratas ar íocaíocht seo:
- Athchóiriú le córas na bpinsean forlíontach a shimpliú agus a chomhchuibhiú: Tá reachtaíocht tugtha isteach ag Éirinn chun na roghanna maidir le haistarraingt agus aistriú a leathnú agus ionas go ndéanfar láimhseáil chánach chomhionann ar ranníocaíochtaí na bhfostóirí i scéimeanna pinsean éagsúla.
- Infheistíocht le tacú le dícharbónú an tionscail: Tá Éire ag cur dlús le dícharbónú earnáil na fiontraíochta tríd an gCiste Infheistíochta um Laghdú Astaíochtaí Fiontar a sheoladh, ciste atá dírithe ar fhiontair dhéantúsaíochta. Cuirfidh an ciste sin tacaíocht ar fáil le haghaidh teicneolaíochtaí laghdaithe carbóin, córais monatóireachta fuinnimh, agus an taighde agus na nuálaíochta.
Na chéad chéimeanna eile
Tá réamh-mheasúnú an Choimisiúin ar an gcaoi ar chomhlíon Éire na garspriocanna agus na spriocanna a theastaíonn don íocaíocht seo seolta aige chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais (CEA), agus tá ceithre seachtaine ag an gCoiste chun a thuairim a thabhairt. Is féidir an íocaíocht a dhéanamh le hÉirinn tar éis don Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais a thuairim a thabhairt, agus tar éis don Choimisiún cinneadh maidir le híocaíocht a ghlacadh.
Cúlra
Tá réimse leathan beart infheistíochta agus athchóirithe i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) na hÉireann. Maoineofar an plean le deontais dar luach €1.15 billiún.
Tá tuilleadh eolais maidir le Plean Téarnaimh agus Athléimneachta na hÉireann le fáil ar an leathanach seo, i dteannta léarscáil idirghníomhach na dtionscnamh a fuair maoiniú ón bPlean, agus ar an Scórchlár Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá tuilleadh eolais faoi phróiseas na n-iarratas ar íocaíochtaí faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta le fáil i gcáipéis na gceisteanna agus na bhfreagraí.
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 27 Bealtaine 2025
- Údar
- An Ionadaíocht in Éirinn