Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta17 Bealtaine 2023An Ionadaíocht in Éirinn

Athchóiriú custaim an Aontais: Fís, bunaithe ar shonraí, le haghaidh Aontas Custaim níos simplí, níos cliste agus níos sábháilte

Inniu, chuir an Coimisiún i láthair tograí le haghaidh athchóiriú Aontas Custaim an Aontais Eorpaigh, an t-athchóiriú is uaillmhianaí agus is uileghabhálaí ó bunaíodh an tAontas Custaim in 1968.

Visual with image of two businessmen and text: A new partnership with businesses to massively simplify their customs obligations

Na bearta a moladh le tograí an lae inniu, tá siad bunaithe ar fhís de chóras custaim AE a bheadh chun cinn ar gach a bhfuil ar domhan, agus a bheadh bunaithe ar shonraí, agus a dhéanfadh simpliú ábhalmhór ar na próisis chustaim do ghnólachtaí, go háirithe do na trádálaithe is iontaofa. Trí lántairbhe a bhaint as an gclaochlú digiteach, fágfaidh an t-athchóiriú gur lú an méid nósanna imeachta custaim anásta a bheidh ann, arae cuirfidh sé cur chuige nua um maoirseacht allmhairithe in ionad na ndearbhuithe traidisiúnta, cur chuige nua a bheidh níos cliste agus a bheidh bunaithe ar shonraí. Ina cheann sin, beidh an huirlisí agus na hacmhainní ag na húdaráis chustaim a theastaíonn uathu chun measúnú ceart a dhéanamh ar allmhairithe, agus chun allmhairithe a stopadh a ngabhann riosca leo don Aontas, dá shaoránaigh agus dá gheilleagar.

An t-athchóiriú a fógraíodh inniu, is freagairt é ar an mbrú atá ann faoi láthair ar oibriú chóras custaim an Aontais, brú lena n-áirítear an méadú ar chainníocht na trádála, i réimse na ríomhthráchtála go háirithe, an méadú tapa ar an líon caighdeán AE nach mór a sheiceáil ag an teorainn, maille le síorathrú ar na fíorais gheopholaitiúla agus ar na géarchéimeanna geopholaitiúla. Cuirfidh sé an creat custaim in oiriúint do ré a bheidh níos glaise agus níos digití agus beidh sé ina chuidiú le Margadh Aonair a bheidh níos sábháilte agus níos iomaíche. Déanann an t-athchóiriú simpliú agus réasúnú ar na ceanglais tuairiscithe custaim do thrádálaithe, mar shampla trí laghdú a dhéanamh ar an am is gá chun próisis allmhairiúcháin a chur i gcrích agus trí chomhéadan aonair amháin de chuid an Aontais a sholáthar agus trí athúsáid sonraí a éascú. Ar an mbealach sin, cuidíonn an t-athchóiriú le haidhm an Uachtaráin von der Leyen a chur i gcrích, is é sin na hualaí sin a laghdú faoi 25 %, gan dochar a dhéanamh do na cuspóirí beartais gaolmhara.

Beidh údarás nua ann, Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh, a dhéanfaidh formhaoirseacht ar mhol nua, Mol Sonraí Custaim an Aontais, mol a bheidh ina inneall ag an gcóras nua. Le himeacht ama, gabhfaidh an Mol Sonraí ionad an bhonneagair TF custaim atá ann faoi láthair i mBallstáit an Aontais, agus spárálfaidh sé suas le €2 bhilliún sa bhliain de chostais oibriúcháin ar na Ballstáit. Cuideoidh an tÚdarás nua freisin cur chuige AE feabhsaithe a chur i gcrích maidir le bainistíocht riosca agus seiceálacha custaim.

Tá Aontas Custaim an Aontais Eorpaigh i gcroílár chomhtháthú an Aontais le 55 bliana anuas. I bhfianaise na ndúshlán nua agus na mbagairtí nua, tá uirlis eile againn inniu chun dlús a chur leis na sreafaí trádála agus chun tacú lenár dtéarnamh eacnamaíoch. Laghdóidh an t-athchóiriú mór seo na costais chomhlíontachta agus an t-ualach rómhaorlathais ar ghnólachtaí, tabharfaidh sé breis trédhearcachta agus cinnteachta do shaoránaigh an Aontais agus iad ag siopadóireacht ar líne, agus tabharfaidh sé isteach próisis níos simplí agus próisis nuálacha le haghaidh na n-údarás.

An Coimisinéir Paolo Gentiloni

Comhpháirtíocht nua leis an earnáil ghnó

In Aontas Custaim athchóirithe an Aontais, gnólachtaí ar mian leo earraí a thabhairt isteach san Aontas, beidh na gnólachtaí sin in ann an fhaisnéis uile faoina gcuid táirgí agus slabhraí soláthair a chlárú i gcóras ar líne aonair: an mol nua, Mol Sonraí Custaim an Aontais. Leis an teicneolaíocht cheannródaíoch sin, tiomsófar na sonraí a sholáthraíonn gnólachtaí agus — trí mheán na meaisínfhoghlama, na hintleachta saorga agus na hidirghabhála daonna — tabharfar forléargas 360 céim do na húdaráis ar shlabhraí soláthair agus ar ghluaiseacht earraí.

Ina cheann sin, ní bheidh ar ghnólachtaí idirghníomhú ach le tairseach aonair amháin agus iad ag cur isteach a gcuid faisnéise custaim agus, i gcás ilchoinsíneachtaí, ní bheidh orthu na sonraí a chur isteach ach aon uair amháin. I gcásanna áirithe ina bhfuil trédhearcacht iomlán ann sna próisis ghnó agus slabhraí soláthair, beidh na trádálaithe is iontaofa (trádálaithe Trust and Check (Iontaoibh agus Seiceáil)) in ann a gcuid earraí a scaoileadh i gcúrsaíocht isteach san Aontas gan aon idirghabháil chustaim ghníomhach ar bith. Neartaíonn an chatagóir ‘Trust and Check' (Iontaoibh agus Seiceáil) an clár Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe atá ann cheana le haghaidh trádálaithe iontaofa.

An chomhpháirtíocht nua seo leis an earnáil ghnó, níl a leithéid eile ar domhan. Is uirlis chumhachtach nua í chun tacú le gnólachtaí an Aontais, le trádáil agus le huathriail straitéiseach oscailte an Aontais. A bhuí le Mol Sonraí Custaim an Aontais, beifear in ann earraí a allmhairiú isteach san Aontas le hidirghabháil chustaim íosta, gan aon ghéilleadh maidir le ceanglais sábháilteachta, slándála ná frithchalaoise.

De réir na dtograí, beidh an Mol Sonraí ar oscailt do choinsíneachtaí ríomhthráchtála in 2028, agus ina dhiaidh sin (ar bhonn deonach), in 2032, d'allmhaireoirí eile, rud as a dtiocfaidh tairbhí agus simplithe, lom láithreach. Beidh na trádálaithe Trust and Check (Iontaoibh agus Seiceáil) in ann a n-allmhairí uile a imréiteach le húdaráis chustaim an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe, is cuma cén áit a dtiocfaidh na hearraí isteach san Aontas. Déanfar athbhreithniú in 2035 chun a mheasúnú arbh fhéidir, tráth a chuirfear an Mol ar bhonn éigeantach ó 2038, an fhéidearthacht sin a leathnú ionas go mbeadh fáil ag na trádálaithe uile uirthi.

Cur chuige níos cliste i leith seiceálacha custaim

An córas nua atá beartaithe, tabharfaidh sé ‘radharc ón aer' do na húdaráis chustaim ar shlabhraí soláthair agus ar phróisis táirgthe na n-earraí a bheidh ag teacht isteach san Aontas. Beidh rochtain ag gach Ballstát ar shonraí fíor-ama agus beidh siad in ann faisnéis a chomhthiomsú chun freagairt níos tapúla, níos comhsheasmhaí agus níos éifeachtaí do rioscaí.

Bainfear úsáid as an intleacht shaorga chun anailís agus faireachán a dhéanamh ar na sonraí agus chun fadhbanna a thuar fiú sula mbeidh na hearraí curtha i gceann an turais chuig an Aontas. Ar an gcaoi sin, beidh údaráis chustaim an Aontais in ann a n-iarrachtaí agus a gcuid acmhainní a dhíriú ar na háiteanna is mó a mbeidh gá leo: chun earraí neamhshábháilte nó neamhdhleathacha a chosc ar theacht isteach san Aontas agus chun seasamh le líon méadaitheach na ndlíthe AE lena gcuirtear cosc ar earraí áirithe atá i gcoinbhleacht le luachanna coiteanna an Aontais – mar shampla i réimse an athraithe aeráide, an dífhoraoisithe, an tsaothair éignithe, gan a lua ach roinnt bheag samplaí. Cuideoidh sé freisin a chinntiú go mbaileofar dleachtanna agus cánacha ar an mbealach ceart, agus ar an gcaoi sin rachaidh sé chun tairbhe do na buiséid náisiúnta agus do bhuiséad an Aontais.

Chun cabhrú leis na Ballstáit na rioscaí a dtabharfaidh siad tosaíocht dóibh a roghnú mar is ceart agus chun cabhrú leo a gcuid seiceálacha agus a gcuid gcigireachtaí a chomhordú – go háirithe i dtráth géarchéime – déanfar faisnéis agus saineolas a chomhthiomsú agus a mheasúnú ar leibhéal an Aontais trí bhíthin an údaráis nua, Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh, agus é ag gníomhú maidir leis na sonraí a bheidh le fáil ó Mhol Sonraí Custaim an Aontais. Cuirfidh an córas nua feabhas suntasach ar an gcomhar idir na húdaráis chustaim agus na húdaráis faireachais margaidh agus na húdaráis forfheidhmithe dlí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí fhaisnéis a chomhroinnt trí bhíthin an Mhoil Sonraí Custaim.

Cur chuige níos nua-aimseartha i leith na ríomhthráchtála

Leis an athchóiriú a fógraíodh inniu, beidh na hardáin ar líne inabpríomhghníomhaithe maidir lena chinntiú go mbeidh earraí a dhíolfar ar líne isteach san Aontas i gcomhlíontacht leis na hoibleagáidí custaim uile. Is mór an t-athrú é sin ar an gcóras custaim atá ann faoi láthair, córas a chuireann an fhreagracht ar an tomhaltóir aonair agus ar na hiompróirí aonair. Is iad na hardáin a bheidh freagrach as a chinntiú go n-íocfar dleachtanna custaim agus CBL tráth an cheannaigh, ionas nach dtarlóidh sé a thuilleadh go dtitfidh muirir fholaithe ná páipéarachas gan choinne ar thomhaltóirí tráth a sheachadtar beartán orthu. Mar gurb iad na hardáin ar líne na hallmhaireoirí oifigiúla, beidh dearbhú ag tomhaltóirí an Aontais gur íocadh gach dleacht agus go bhfuil na ceannacháin a rinne siad sábháilte agus i gcomhréir le caighdeáin chomhshaoil, sábháilteachta agus eitice an Aontais.

Ina cheann sin, cuirfidh an t-athchóiriú deireadh leis an tairseach atá ann faoi láthair trína ndéantar earraí ar lú ná €150 a luach a dhíolmhú ó dhleacht chustaim, rud a mbeireann calaoiseoirí buntáiste mór as. An tráth atá ann, bíonn tearcluacháil déanta ar suas le 65 % den chineál sin beartán a thagann isteach san Aontas, chun dleachtanna custaim ar allmhairí a sheachaint.

Rud eile faoin athchóiriú, déanfaidh sé simpliú ar ríomh na dleachta custaim i gcás na n-earraí íseal-luacha is coitianta a cheannaítear as áiteanna lasmuigh den Aontas, agus leis sin laghdófar an líon catagóirí dleachta custaim – féadann na mílte catagóirí a bheith ann – anuas go 4 chatagóir. Fágfaidh sé sin go mbeidh sé i bhfad níos éasca dleachtanna custaim a ríomh le haghaidh beartáin bheaga, rud a chuideoidh leis na hardáin agus leis na húdaráis chustaim bainistiú níos fearr a dhéanamh ar an 1 bhilliún ceannachán ríomhthráchtála a thagann isteach san Aontas gach bliain. Fágfaidh sé freisin nach mbeifear in ann aon chalaois a dhéanamh. An réimeas tráchtála nua saincheaptha seo, táthar ag coinne leis go dtabharfaidh sé isteach tuairim is €1 bhilliún breise d'ioncam custaim in aghaidh na bliana.

Cúlra

Leis an athchóiriú a fógraíodh inniu, comhlíontar gealltanas an Uachtaráin von der Leyen ‘córas custaim an Aontais a thabhairt go dtí an chéad leibhéal eile' agus déanann sé beart go háirithe de réir na moltaí a rinne an Grúpa Saoithe ar Thodhchaí an Chórais Custaim in 2022.  

 Seolfar na tograí reachtacha anois chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh le haghaidh comhaontaithe, agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa le haghaidh comhairliúcháin.

Tuilleadh eolais

Meabhrán Ceisteanna agus Freagraí

Bileog eolais

an leathanach gréasáin Athchóiriú Custaim an Aontais ar shuíomh gréasáin AS TAXUD, ar a n-áirítear an Teachtaireacht féin agus na téacsanna reachtacha

Sonraí

Dáta foilsithe
17 Bealtaine 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn