Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta15 Márta 2023An Ionadaíocht in Éirinn

DiscoverEU: Is féidir le 35,000 duine óg iarratas a dhéanamh anois chun pas saorthaistil a fháil

Tá glao an earraigh DiscoverEU á sheoladh ag an gCoimisiún inniu, agus, a bhuí leis sin, gheobhaidh 35,000 duine óg pas traenach saor in aisce chun dul ag fámaireacht thart faoin Eoraip.

Visual promoting DiscoverEU with text New friendships start here. Expand your comfort zone. #DiscoverEU

Cuirfear tús leis an tréimhse iarratais inniu ar 11:00 agus tiocfaidh deireadh léi an 29 Márta ar 11:00.

Chun pas taistil a bhuachan, iarrtar ar dhaoine óga iarratas a dhéanamh ar Thairseach Eorpach na hÓige, agus 5 cheist agus ceist réitigh amháin a fhreagairt. Iarratasóirí rathúla a rugadh idir an 1 Iúil 2004 agus an 30 Meitheamh 2005, beidh siad in ann taisteal san Eoraip ar feadh suas le 30 lá le linn na tréimhse taistil idir an 15 Meitheamh 2023 agus an 30 Meán Fómhair 2024.

Tá an glao oscailte d'iarratasóirí ón Aontas Eorpach agus ó na tríú tíortha atá comhlachaithe le Clár Erasmus+, amhail an Íoslainn, Lichtinstéin, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an tSeirbia agus an Tuirc.

Tá áthas orainn seoladh an 8ú babhta iarratais de DiscoverEU a fhógairt. Le himeacht na mblianta, meallann pobal DiscoverEU níos mó agus níos mó daoine óga. Tar éis an bhabhta iarratais seo, beidh níos mó ná milliún iarratasóir bainte amach againn. Is líon suntasach é sin agus an tionscnamh i bhfeidhm le níos lú ná 5 bliana. Léiríonn sé sin go bhfuil Eorpaigh óga ag iarraidh nascadh le chéile agus ár n-oidhreacht chultúrtha iontach a fhiosrú. Agus ní sin amháin atá i gceist. Tá DiscoverEU á dhéanamh níos cuimsithí fós againn. Le Gníomhaíocht Chuimsiúcháin DiscoverEU, a sheol Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+, tabharfar deis do dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu páirt a ghlacadh in DiscoverEU ar comhchéim lena gcuid piaraí.

Mariya Gabriel, an Coimisinéir um Nuálaíocht, um Thaighde, um Chultúr, um Oideachas agus um an Óige

 

Tuilleadh eolais

Preasráiteas

DiscoverEU

Tairseach Eorpach na hÓige

 

Sonraí

Dáta foilsithe
15 Márta 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn