Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta22 Márta 2023An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 4 nóiméad

An ceart chun deisiúcháin: Cearta nua tomhaltóirí tugtha isteach ag an gCoimisiún i leith deisiúchán éasca tarraingteach

Inniu ghlac an Coimisiún Eorpach togra nua maidir le rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn, rud a mbeidh coigilteas do thomhaltóirí mar thoradh air agus a thacóidh le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip trí dhramhaíl a laghdú, i measc nithe eile.

Image showing a leaking washing machine with text: promoting repair and reuse and hashtags #EUGreenDeal and #Right2Repair

Le fiche nó tríocha bliain anuas, áfach, is minic a bhíonn táirgí lochtacha á n-athsholáthar in áit iad a bheith deisithe agus níl dreasachtaí leordhóthanacha tugtha do thomhaltóirí chun a gcuid earraí a dheisiú nuair a théann an ráthaíocht dhlíthiúil in éag. Fágfaidh an togra go mbeidh sé níos éasca agus níos costéifeachtaí do thomhaltóirí earraí a dheisiú in áit iad a athsholáthar. Ina theannta sin, mar thoradh ar thuilleadh éilimh cuirfear borradh faoin earnáil deisiúcháin agus spreagfar táirgeoirí agus díoltóirí chun samhlacha gnó níos inbhuanaithe a fhorbairt.

Leis an togra seo, cinnteofar go ndéanfar tuilleadh táirgí a dheisiú sula dtéann an ráthaíocht dhlíthiúil in éag, agus go mbeidh roghanna deisiúcháin níos éasca agus níos saoire ag tomhaltóirí i dtaca le táirgí atá indeisithe go teicniúil (folúsghlantóirí, cuir i gcás, nó, roimh i bhfad eile, táibléid agus fóin chliste) nuair atá an ráthaíocht dhlíthiúil imithe in éag nó nuair nach bhfuil an t-earra feidhmiúil a thuilleadh mar thoradh ar chaitheamh agus cuimilt.

Bearta nua chun deisiú agus athúsáid a chur chun cinn agus a éascú

Leis an togra tugtar isteach ‘ceart chun deisiúcháin' nua do thomhaltóirí, laistigh agus lasmuigh de thréimhse na ráthaíochta dlíthiúla.

Laistigh de thréimhse na ráthaíochta dlíthiúla, beidh sé de cheangal ar dhíoltóirí deisiúchán a thairiscint ach amháin i gcás ina mbeidh sé níos costasaí ná an táirge a athsholáthar.

Tar éis don ráthaíocht dhlíthiúil a bheith imithe in éag, beidh tacar nua ceart agus uirlisí ar fáil do thomhaltóirí ionas go mbeidh an ‘deisiú' ina rogha éasca inrochtana:

  • Ceart do thomhaltóirí deisiú a éileamh ar tháirgeoirí, i gcás táirgí atá indeisithe go teicniúil faoi dhlí an Aontais, meaisín níocháin nó teilifís, cuir i gcás. Cinnteoidh sé sin go mbeidh tomhaltóirí i gcónaí in ann teagmháil a dhéanamh le duine nuair a roghnaíonn siad a gcuid táirgí a dheisiú, chomh maith le táirgeoirí a spreagadh chun samhlacha gnó níos inbhuanaithe a fhorbairt
  • Oibleagáid ar tháirgeoirí tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi na táirgí a bhfuil sé d'oibleagáid orthu féin iad a dheisiú.
  • Ardán deisiúcháin meaitseála ar líne chun tomhaltóirí a nascadh le deisitheoirí agus díoltóirí earraí athchóirithe ina gceantar féin. Ar an ardán sin beifear in ann cuardaigh a dhéanamh de réir suímh agus de réir caighdeán cáilíochta, rud a chuideoidh le tomhaltóirí tairiscintí tarraingteacha a aimsiú, agus a chuirfidh dlús le hinfheictheacht na ndeisitheoirí.
  • Foirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán, ar foirm í a bheidh tomhaltóirí in ann a iarraidh ó dheisitheoir ar bith, rud a fhágfaidh go mbeidh na dálaí deisiúcháin agus na praghsanna trédhearcach, agus go mbeidh sé níos éasca do thomhaltóirí comparáid a dhéanamh idir tairiscintí deisiúcháin.
  • Forbrófar caighdeán cáilíochta Eorpach le haghaidh seirbhísí deisiúcháin chun cabhrú le tomhaltóirí deisitheoirí a aithint atá tiomanta do cháilíocht níos airde. Beidh an caighdeán ‘deisiúcháin éasca' sin ar oscailt do gach deisitheoir ar fud an Aontais atá toilteanach gealltanas a thabhairt go gcloífidh siad le híoschaighdeáin cháilíochta, bunaithe ar fhad, cuir i gcás, nó ar infhaighteacht táirgí.

Na chéad chéimeanna eile

Ní mór do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an togra seo ón gCoimisiún a ghlacadh.

Tuilleadh eolais

Preasráiteas

Togra le haghaidh Treoir maidir le rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn

Deisiúchán agus athúsáid a chur chun cinn – Ceisteanna agus Freagraí

Deisiúchán agus athúsáid a chur chun cinn – Suíomh Gréasáin

Togra le haghaidh Treoir maidir le héilimh ghlasa

An Comhaontú Glas don Eoraip: Rialacha nua chun deireadh a chur le ‘snas glas' – Preaseisiúint

Rialacha nua maidir le héilimh ghlasa a bhunú – Ceisteanna agus Freagraí

Rialacha nua maidir le héilimh ghlasa a bhunú – Bileog eolais

Tionscnamh maidir le héilimh ghlasa a bhunú – Comhshaol – An Coimisiún Eorpach – Suíomh Gréasáin

Sonraí

Dáta foilsithe
22 Márta 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn