Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta1 Márta 2023An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 10 nóiméad

Sábháilteacht ar bhóithre: Ceanglais nuashonraithe molta ag an gCoimisiún maidir le ceadúnais tiomána agus forfheidhmiú trasteorann níos fearr ar rialacha tráchta ar bhóithre

Inniu chuir an Coimisiún i láthair tograí chun nuachóiriú a dhéanamh ar rialacha maidir le ceadúnais tiomána, lena n-áirítear ceadúnas tiomána digiteach a thabhairt isteach a bheidh bailí ar fud an Aontais, sin agus forálacha nua chun forfheidhmiú rialacha tráchta thar theorainneacha a éascú.

Image of digital driving licence with text: The EU will introduce a digital driving licence: making the EU the first region worldwide with a digital licence that works across borders. For greater efficiency and reduced administrative burden.Image of digital driving licence with text: The EU will introduce a digital driving licence: making the EU the first region worldwide with a digital licence that works across borders. For greater efficiency and reduced administrative burden.

Cailleadh breis agus 20,000 duine ar bhóithre an Aontais anuraidh agus an chuid is mó de na híospartaigh, ba choisithe, rothaithe agus úsáideoirí scútar agus gluaisrothar iad.

Leis na rialacha nua, cuirfear feabhas ar an tsábháilteacht do gach úsáideoir bóithre, agus cuideoidh siad leis an Aontas Fís an Nialais a bhaint amach, is é sin gan aon bhás ar bhóithre an Aontais faoi 2050. Ullmhóidh na rialacha nua tiománaithe ar bhealach níos fearr d'fheithiclí astaíochtaí nialasacha agus do thiomáint ar bhóithre cathrach, tráth a bheidh siad níos mó rothar, modhanna iompair dé-rothacha agus coisithe thar timpeall orthu. Tabharfaidh siad deis freisin do thiománaithe óga taithí a fháil trí scéim tiomána tionlactha - ó 17 mbliana d'aois, beidh daoine óga in ann foghlaim conas tiomáint agus ceadúnas a fháil. Na daoine óga a n-éiríonn leo i dtástáil ag 17 mbliana d'aois, beidh siad in ann tiomáint ina n-aonar ó 18 mbliana d'aois agus a bheith ag obair mar thiománaí gairmiúil a luaithe agus a cheadaíonn post ar leith dóibh é sin a dhéanamh. Cuideoidh an méid sin chun dul i ngleic leis an nganntanas tiománaithe atá ann faoi láthair.

Dúirt Adina Vălean, an Coimisinéir um Iompar:

Féachann pacáiste tograí an lae inniu leis na rialacha maidir le ceadúnais tiomána a shimpliú agus iad a chur in oiriúint don dul chun cinn teicneolaíoch agus leighis ag an am céanna; chun a chinntiú go gcuirfear oiliúint mhaith ar thiománaithe nuacheadaithe agus go dtabharfar tacaíocht mhaith dóibh; go gcuirfear deireadh le bacainní ar shoghluaisteacht trasteorann; agus nach bhfuil aon saoirse ó phionós acu siúd a bhriseann rialacha sábháilteachta ar bhóithre thar theorainneacha trí mhalartú eolais trasteorann níos fearr maidir le cionta tráchta agus dícháiliú tiománaithe do na cionta is tromchúisí. Tá an tiomáint shábháilte ríthábhachtach i dtaca lenár n-iarrachtaí básanna ar bhóithre agus gortuithe tromchúiseacha a laghdú faoina leath faoi 2030.

Rialacha nuachóirithe maidir le ceadúnais tiomána chun go mbeidh bóithre níos sábháilte agus chun an gnáthshaol a shimpliú

Leis an togra maidir le ceadúnais tiomána, leasaítear dlí an Aontais atá ann cheana agus tá sé bunaithe ar dhea-chleachtais atá i bhfeidhm cheana i roinnt Ballstát.

Beidh sé mar phríomhchuspóir ag na rialacha nua sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú, le bearta a chuimsíonn an méid seo a leanas:

  • Tréimhse phromhaidh dhá bhliain ar a laghad do thiománaithe nuacheadaithe, agus riail neamhfhulaingthe maidir le tiomáint faoi thionchar an óil. Tá an méid sin riachtanach mar fiú mura bhfuil ach 8% de na tiománaithe gluaisteán uile ina dtiománaithe óga, bíonn tiománaí nó rothaí faoi bhun 30 bliain d'aois i gceist le 2 cheann as 5 imbhualadh mharfacha.
  • Cead a thabhairt do dhaoine óga a dtástáil a dhéanamh agus tosú amach mar thiománaithe tionlactha gluaisteán agus leoraithe ó 17 mbliana d'aois chun taithí tiomána a fháil.
  • Oiliúint agus tástáil tiománaithe a oiriúnú chun tiománaithe a ullmhú ar bhealach níos fearr le haghaidh úsáideoirí leochaileacha ar an mbóthar. Cuideoidh an méid sin chun feabhas a chur ar shábháilteacht coisithe, rothaithe, chomh maith le húsáideoirí scútar leictreach agus rothar leictreach de réir mar a aistríonn an tAontas chuig soghluaisteacht uirbeach níos inbhuanaithe.
  • Measúnú níos spriocdhírithe ar dhea-shláinte, agus an dul chun cinn maidir le cóireáil leighis do ghalair amhail diaibéiteas á gcur san áireamh. Spreagfar tiománaithe freisin chun a scileanna tiomána agus a gcuid eolais faoin tiomáint a thabhairt cothrom le dáta chun coinneáil suas le forbairtí teicneolaíochta.

Chun an t-aitheantas a thugtar do cheadúnais tiomána idir na Ballstáit a shimpliú, molann an Coimisiún ceadúnas tiomána digiteach a thabhairt isteach, rud a fhágfaidh go mbeidh an tAontas ar thús cadhnaíochta sa réimse sin. Beidh sé i bhfad níos éasca ceadúnas tiomána a athsholáthar, a athnuachan nó a mhalartú ós rud é go mbeidh gach nós imeachta ar líne. Ar an gcaoi chéanna, beidh sé níos éasca freisin do shaoránaigh ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad a bhfuil caighdeáin inchomparáide sábháilteachta ar bhóithre acu a gceadúnas tiomána a mhalartú ar cheadúnas de chuid an Aontais.

Cuirfear san áireamh sna rialacha tástála nuashonraithe an t-aistriú chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha. Mar shampla, déanfaidh siad measúnú ar an eolas agus ar na scileanna a bhaineann le hardchórais cúnaimh tiomána agus le teicneolaíochtaí uathoibrithe eile. Múinfear freisin do thiománaithe nuacheadaithe an chaoi a mbíonn tionchar ag a stíl tiomána ar a n-astaíochtaí - tráthúlacht athruithe giaranna, mar shampla. Ar deireadh, déanfar an mhais cheadaithe d'fheithicil de chatagóir ‘B' a choigeartú d'fheithiclí a úsáideann breoslaí malartacha, ó tharla gur féidir feithiclí astaíochtaí nialasacha a iompraíonn ceallraí a bheith níos troime.

 

Forfheidhmiú trasteorann éifeachtach ar rialacha tráchta a bhaineann le sábháilteacht 

Chuidigh rialacha an Aontais atá ann faoi láthair maidir le forfheidhmiú trasteorann lena chinntiú nach bhfanann ciontóirí bóthair neamhchónaitheacha gan ainm. Mar sin féin, in 2019, tuairim agus 40% de na cionta trasteorann, tharla siad gan phionós a ghearradh ina leith, toisc nár sainaithníodh an ciontóir nó toisc nár forfheidhmíodh an íocaíocht.

Féachann tograí an lae inniu le dul i ngleic leis sin trí chead a thabhairt d'údaráis forfheidhmithe rochtain a fháil ar chláir náisiúnta ceadúnas tiomána. Tá an Coimisiún ag moladh freisin ról na bpointí teagmhála náisiúnta seanbhunaithe a neartú ionas gur féidir leo comhoibriú níos fearr leis na húdaráis forfheidhmiúcháin a bhfuil baint acu le cionta a imscrúdú. Tabharfaidh sé sin aghaidh ar na heasnaimh atá ann faoi láthair sa chomhar idir na Ballstáit agus cionta á n-imscrúdú acu.

Thairis sin, clúdaíonn an dlí atá ann faoi láthair cuid de na cionta is minice agus is uafásaí, amhail an tiomáint róghasta agus an tiomáint faoi thionchar an óil. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún raon feidhme na gcionta tráchta a leathnú chuig:

Ach an méid sin a chur leis na rialacha, laghdófar an tsaoirse ó phionós i leith cionta den sórt sin agus cuirfear feabhas ar chumas na mBallstát pionós a ghearradh ar chiontóirí ó Bhallstáit eile. Cinnteoidh sé freisin go gcaithfear go cothrom le ciontóirí cónaitheacha agus neamhchónaitheacha.  

Cinnteoidh na dlíthe nuashonraithe go seasfar le cearta daoine a chúisítear i gcionta tráchta. Coimeádann neamhchónaitheoirí an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, chun toimhde na neamhchiontachta, agus chun cosanta. Déanfar na cearta sin a ráthú ar bhealach níos fearr trí fhorálacha lena gcinnteofar ábhar aontaithe agus seachadadh fógraí pionóis, trína chinntiú gur féidir le faighteoirí na bhfógraí sin iad a fhíorú agus trí cheanglas caighdeánach a dhéanamh de chomhroinnt faisnéise le daoine a meastar gur ciontóirí iad.

Tabharfaidh tairseach thiomnaithe TF rochtain éasca do shaoránaigh ar eolas faoi na rialacha atá i bhfeidhm maidir le sábháilteacht ar bhóithre i ngach Ballstát agus, tar éis tamaill, beidh siad in ann aon fhíneálacha a íoc go díreach.

Déanfar na rialacha a ailíniú freisin le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta (RGCS agus LED).

 

Dícháiliú tiománaithe le héifeacht ar fud an Aontais: deireadh a chur le saoirse ó phionós i gcás cionta tromchúiseacha

Chun cosc a chur ar shaoirse ó phionós i measc ciontóirí tráchta ar bhóithre, cuirfear córas nua i bhfeidhm lena gceadófar dícháiliú tiomána ar fud an Aontais nuair a chinnfidh Ballstát tiománaí a dhícháiliú mar gheall ar chion a rinneadh ar a chríoch.

Tá sé ríthábhachtach ciontóirí tráchta ar bhóithre a choinneáil cuntasach i ngach Ballstát ar mhaithe le sábháilteacht ar bhóithre. Mar sin féin, faoi na rialacha atá ann faoi láthair, nuair a bhíonn dícháiliú tiomána mar thoradh ar chion tromchúiseach, ní féidir é a fhorfheidhmiú ar fud an Aontais má rinne an tiománaí an cion i mBallstát seachas an Ballstát a d'eisigh a cheadúnas tiomána.

Cumhdaíonn togra an lae inniu cionta tromchúiseacha tráchta ar bhóithre amhail luas iomarcach, tiomáint faoi thionchar alcóil nó drugaí, agus as bheith mar chúis le bás nó gortú tromchúiseach coirp mar thoradh ar aon chion tráchta. 

 

Na chéad chéimeanna eile 

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na tograí a mheas anois faoin ngnáthnós imeachta reachtach.

Cúlra 

I gcreat beartais an Aontais um shábháilteacht ar bhóithre 2021-2030, agus i dtaca leis an sprioc uaillmhianach atá aige, gheall an Coimisiún an athuair go mbeidh líon na mbásanna gar do nialas agus nach mbeidh aon ghortuithe tromchúiseacha ann ar bhóithre an Aontais faoi 2050 (‘Fís an Nialais'), sin agus go mbeidh laghdú 50% ar líon na mbásanna agus na ngortuithe tromchúiseacha faoi 2030. Cuideoidh tograí an lae inniu chun na spriocanna sin a bhaint amach, agus fógraíodh iad i Straitéis 2020 an Choimisiúin um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste.

D'fhoilsigh an Coimisiún na figiúirí is déanaí maidir le sábháilteacht ar bhóithre an tseachtain seo caite, rud a léiríonn go bhfuil básanna faoi bhun na leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim, ach tá an dul chun cinn fós mall.

Tá Cur Chuige an Chórais Shábháilte á chur chun feidhme ag an gCoimisiún maidir le tiomáint san Aontas Eorpach. Éilíonn an Córas Sábháilte seo tiomáint shábháilte, feithiclí níos sábháilte, bonneagar níos sábháilte, luasanna níos ísle agus cúram níos fearr tar éis timpistí.

Tuilleadh eolais

Togra le haghaidh Athbhreithniú ar an Treoir maidir le Ceadúnais Tiomána

Togra le haghaidh Treoir lena leasaítear Treoir (AE) 2015/413, lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre

Togra le haghaidh Treoir maidir leis an tionchar uile-Aontais a bhaineann le dícháiliú tiomána ar leith

Ceisteanna agus Freagraí: tograí maidir le ceadúnais tiomána agus forfheidhmiú trasteorann cionta tráchta

Bileog eolais: Tá ceadúnas nua tiomána an Aontais Eorpaigh ar an mbealach - cad is ceart a bheith ag súil leis

Sonraí

Dáta foilsithe
1 Márta 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn