Bunaítear leis an Treoir creat chun uiscí dromchla intíre, uiscí idirthréimhseacha, uiscí cósta agus screamhuisce a chosaint trí thuilleadh meathlaithe orthu a chosc, truailliú a chosc chomh maith le héiceachórais uisce-spleácha agus acmhainní uisce a chosaint agus a fheabhsú. Ceanglaítear leis go mbeidh dea-stádas ar a laghad ag na huiscí intíre agus cósta go léir faoi 2027 ar a dhéanaí. Chun an méid sin a bhaint amach, tá na Ballstáit chun pleananna bainistíochta abhantraí agus cláir le ngabhann bearta a bhunú. Is gné thábhachtach é sin d'uaillmhian um truailliú nialasachan Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, a bhfuil sé mar aidhm leis truailliú uisce a laghdú go leibhéil nach meastar a bheith díobhálach do shláinte an duine agus d'éiceachórais nádúrtha a thuilleadh.
Ceanglaíodh ar Bhallstáit an Aontais an Treoir Réime maidir le hUisce a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 22 Nollaig 2003. Ghlac Éire reachtaíocht ar dtús, ach mheas an Coimisiún nach raibh sé leordhóthanach.
Sheol an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chuig Éirinn i mí Dheireadh Fómhair 2007, agus tuairim réasúnaithe ina dhiaidh sin i mí na Samhna 2011. Rinne an Coimisiún athmheasúnú ar an gcás tar éis d'Éirinn reachtaíocht leasaitheach nua a ghlacadh agus chuir sé san áireamh freisin cásdlí na Cúirte Breithiúnais lena léirmhínítear cuid d'fhorálacha na Treorach. Sheol an Coimisiún litir bhreise fógra foirmiúilchuig Éirinn i mí Eanáir 2019, agus tuairim réasúnaithe bhreiseina dhiaidh sin i mí Dheireadh Fómhair 2020.
In ainneoin roinnt dul chun cinn agus glacadh le reachtaíocht nua i mí an Mheithimh 2022, níor thug údaráis na hÉireann aghaidh go hiomlán ar na casaoidí go fóill, níos mó ná 20 bliain ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo. Ní mór do dhlí trasuite na hÉireann foráil a dhéanamh fós maidir le rialuithe cuí sna réimsí seo a leanas: astarraingt uisce, gaibhniú uisce agus gníomhaíochtaí lena gcruthaítear athruithe hidreamhoirfeolaíocha amhail dambaí, coraí agus cur isteach eile ar shreabhadh uisce nádúrtha.
Measann an Coimisiún go bhfuil na hiarrachtaí a rinne údaráis na hÉireann go dtí seo míshásúil agus nach bhfuil siad leormhaith agus dá bhrí sin, tá Éire á tabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh aige.
Cúlra
Leis an Treoir Réime maidir le hUisce, a tháinig i bhfeidhm in 2000, cuirtear creat ar fáil do bhainistiú comhtháite uisce i gceantair abhantracha ar fud an Aontais Eorpaigh. Cuireann sé d'Oibleagáid ar na Ballstáit gach dobharlach screamhuisce agus uisce dromchla (aibhneacha, lochanna, uisce trasdultacha agus uisce cósta) a chosaint agus a athbhunú chun ‘dea-stádas' a bhaint amach faoi 2027 ar a dhéanaí.
Chuir Éire Bille um Chomhshaol Uisce nua i láthair an 28 Meán Fómhair 2022, atá le Parlaimint na hÉireann faoi láthair lena plé agus lena glacadh. Sa mheabhrán atá ag gabháil leis an mBille, luaitear gurb é is aidhm don reachtaíocht aghaidh a thabhairt ar shárú an Choimisiúin maidir le cumhachtaí nua a chruthú chun gníomhaíochtaí a rialú maidir le hastarraingt uisce agus gaibhniú uisce. Déantar foráil leis an mBille maidir le creat rialála nua, creat ar gá a chuid sonraí a chur isteach le rialacháin cur chun feidhme. Ní léir cén fad a thógfaidh sé comhlíontacht iomlán a bhaint amach.
Tuilleadh eolais
Suíomh gréasáin na Treorach Réime maidir le hUisce
Bunachar sonraí maidir leis na cinntí mar gheall ar shárú
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 26 Eanáir 2023
- Údar
- An Ionadaíocht in Éirinn