Trí léirmhíniú dlíthiúil an choincheapa sin a shoiléiriú, tá sé d'aidhm ag an gCoimisiún cinnteacht a thabhairt d'fheirmeoirí a ndéantar difear dóibh maidir lena n-íocaíochtaí faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT), agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach ar fud an Aontais ag riaracháin náisiúnta á áirithiú ag an am céanna. Tá an Teachtaireacht seo mar chuid den phacáiste chun an t-ualach riaracháin ar fheirmeoirí an Aontais a laghdú.
Le coincheap force majeure, ceadaítear d'fheirmeoirí nach raibh in ann a riachtanais CBT uile a chomhlíonadh mar gheall ar theagmhais eisceachtúla nárbh fhéidir a thuar nach bhfuil neart acu orthu (amhail triomaigh thromchúiseacha nó tuilte) gan tacaíocht CBT a chailleadh. Cinneann na Ballstáit cur i bhfeidhm an choincheapa sin bunaithe ar fhianaise ábhartha agus i bhfianaise dhlí talmhaíochta an Aontais.
Ós rud é gur eisceacht é ar oibleagáidí a bhaineann le híocaíochtaí CBT a urramú go docht (amhail coinníollachtaí nó bearta in éiciscéimeanna), cuirtear an cinneadh sin i bhfeidhm de ghnáth ar bhealach sriantach, de ghnáth ar bhonn cás ar chás nó feirm ar fheirm. Soiléirítear i dTeachtaireacht an lae inniu gur féidir feidhm a bheith ag force majeure maidir le gach feirmeoir atá ag obair i limistéar teorannaithe a ndéanann tubaistí nádúrtha tromchúiseacha nó teagmhais mheitéareolaíocha nach féidir a thuar difear dó. Ciallaíonn sé sin nach mbeidh ar fheirmeoirí atá lonnaithe sa limistéar atá buailte iarratais aonair a líonadh isteach ná fianaise a sholáthar chun na coinníollacha force majeure a chomhlíonadh. Leis an raon feidhme méadaithe sin maidir le cur i bhfeidhm, laghdófar an t-ualach riaracháin ar fheirmeoirí agus ar údaráis náisiúnta, rud a éascóidh freagairt thapa ó na Ballstáit.
Leagtar amach coinníollacha sa Teachtaireacht chun go mbeifear in ann a thoimhdiú go bhfuil gach feirmeoir atá lonnaithe i limistéar cumhdaithe ag force majeure. Beidh ar na Ballstáit a dhearbhú gur tharla tubaiste thromchúiseach nádúrtha nó teagmhas tromchúiseach meitéareolaíoch agus an limistéar geografach a ndearna an teagmhas difear mór dó a theorannú, agus nach bhféadfaí a iarmhairtí a chosc le gach cúram cuí. Maidir leis an teorannú sin, is féidir leis na Ballstáit, mar shampla, brath ar shonraí satailíte an limistéir lena mbaineann, gan gá a bheith le sonraí satailíte sonracha ar leibhéal na ngabháltas aonair. I gcás cineálacha áirithe teagmhas, breithneoidh riaracháin náisiúnta tosca breise freisin, amhail an grádán fána, cineál ithreach, nó cineál barr a fhástar, chun an daonra a ndéantar difear dó a shainiú gan gá le fíorú aonair. D'fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás seaca nach bhféadfadh difear a dhéanamh do na barra uile ar an mbealach céanna, nó i gcás báistí leanúnaí, a bhféadfadh éifeachtaí éagsúla a bheith aige ar limistéir ina bhfuil fána, nó ar ithreacha ina bhfuil cumais éagsúla coinneála uisce.
Agus na coinníollacha uile comhlíonta, le soiléiriú an lae inniu, díolmhaítear na húdaráis ón ngá atá le measúnú cás ar chás.
Fanann an Coimisiún i dteagmháil leis na Ballstáit chun treoir dhlíthiúil a chur ar fáil nuair is gá.
Táimid ag obair go dian chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na bhfeirmeoirí maidir le níos lú maorlathais agus níos mó solúbthachta. Tá an fheirmeoireacht ar cheann de na gairmeacha is neamhchosanta ar an athrú aeráide agus ar na hiarmhairtí a bhaineann leis. Le teagmhais aeráide foircneacha gan choinne, tá an baol ann go gcaillfidh feirmeoirí gach rud ar oibrigh siad dó. Tugann ár soiléiriú cinnteacht dúinn inniu go bhféadfaidís a n-íocaíochtaí CBT a fháil fós, fiú mura bhfuil siad in ann a ngnáthoibleagáidí uile a chomhlíonadh. Ní gá imní breise a bheith ann nuair a dhéileálann duine le tubaistí nádúrtha drámatúla.
Janusz Wojciechowski, an Coimisinéir um Thalmhaíocht
Cúlra
D'éist an Coimisiún Eorpach go dlúth leis na hábhair imní a chuir feirmeoirí agus ballstáit in iúl níos luaithe i mbliana agus d'oibrigh sé go gasta chun bearta nithiúla a sheachadadh chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a ardaíodh.
An 22 Feabhra, thíolaic an Coimisiún a chéad ghníomhaíochtaí maidir le simpliú chun an t-ualach riaracháin ar fheirmeoirí an Aontais a laghdú ar bhealach marthanach. An 15 Márta, thíolaic sé a thogra le haghaidh athbhreithniú spriocdhírithe ar an gComhbheartas Talmhaíochta, a tháinig i bhfeidhm an 25 Bealtaine tar éis don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa é a fhormheas go rathúil.
Tá ról lárnach ag na Ballstáit maidir leis an ualach riaracháin ar fheirmeoirí a choinneáil teoranta agus comhréireach. Ní mór aon bheart rathúil simplithe a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na riaracháin náisiúnta agus leis na feirmeoirí féin.
Tuilleadh eolais
Teachtaireacht maidir le force majeure agus imthosca eisceachtúla
Gníomhaíochtaí an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na bhfeirmeoirí
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 30 Bealtaine 2024
- Údar
- An Ionadaíocht in Éirinn