Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta12 Nollaig 2022An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 10 nóiméad

Státchabhair: Scéim €1.2 billiún de chuid na hÉireann formheasta ag an gCoimisiún chun tacú le cuideachtaí i gcomhthéacs chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine

Tá scéim de chuid na hÉireann dar luach €1.2 billiún formheasta ag an gCoimisiún Eorpach chun tacú le cuideachtaí i gcomhthéacs chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Image of power station with Ukrainian flag underneath and text: "Stand with Ukraine"

Rinneadh an scéim a fhormheas faoin gCreat Sealadach Géarchéime um Státchabhair, a ghlac an Coimisiún an 23 Márta 2022 agus a leasaíodh an 20 Iúil 2022 agus an 28 Deireadh Fómhair 2022, bunaithe ar Airteagal 107(3)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE'), lena n-aithnítear go bhfuil suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar an Aontais Eorpaigh faoi láthair.

Cuirfidh an scéim ráthaíochta €1.2 billiún seo ar chumas na hÉireann tionchar na géarchéime reatha ar chuideachtaí beaga agus ar tháirgeoirí príomhúla a mhaolú, rud a chuirfidh ar a gcumas leanúint dá ngníomhaíochtaí.

Margrethe Vestager, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin atá freagrach as na beartais iomaíochta - 08/12/2022

An beart de chuid na hÉireann

Thug Éire fógra don Choimisiún, faoin gCreat Sealadach Géarchéime, faoi scéim dar luach €1.2 billiún chun tacú le cuideachtaí i gcomhthéacs chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Faoin mbeart sin, is le ráthaíochtaí ar iasachtaí a chuirfear an chabhair ar fáil.

Beidh an beart oscailte d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (‘FBManna'), d'eintitis a bhfuil suas le 499 bhfostaí acu (Cuideachtaí meánchaipitlithe beaga) agus do tháirgeoirí príomhúla ar fud na n-earnálacha, cé is moite d'institiúidí creidmheasa agus airgeadais.

Dar leis an gCoimisiún go bhfuil an scéim de chuid na hÉireann i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Chreat Géarchéime Sealadach. Go háirithe, (i) ní mó ná sé bliana a bheidh aibíocht na ráthaíochtaí; (ii) déanann na préimheanna ráthaíochta na leibhéil íosta a leagtar amach sa Chreat Sealadach Géarchéime a urramú; agus (iii) tabharfar na ráthaíochtaí tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2023.

Ina theannta sin, tiocfaidh an tacaíocht phoiblí faoi réir coinníollacha chun saobhadh míchuí ar an iomaíocht a theorannú, lena n-áirítear coimircí chun a chinntiú go gcuirfear buntáistí an bhirt ar aghaidh a mhéid agus is féidir do na tairbhithe deiridh trí na hidirghabhálaithe airgeadais.

Chinn an Coimisiún go bhfuil an beart Éireannach riachtanach, oiriúnach agus comhréireach chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas, i gcomhréir le hAirteagal 107(3)(b) CFAE agus leis na coinníollacha a leagtar amach sa Chreat Géarchéime Sealadach.

Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an beart cabhrach a fhormheas faoi rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le Státchabhair.

Cúlra

An Creat Sealadach Géarchéime um Státchabhair a glacadh an 23 Márta 2022, cuireann sé ar chumas na mBallstát úsáid a bhaint as an tsolúbthacht dá bhforáiltear faoi na rialacha maidir le Státchabhair chun tacú leis an ngeilleagar i gcomhthéacs chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Leasaíodh an Creat Sealadach Géarchéime an 20 Iúil 2022 chun comhlánú a dhéanamh ar an bPacáiste Ullmhachta don Gheimhreadh agus i gcomhréir le cuspóirí Phlean REPowerEU.

Rinneadh an Creat Sealadach Géarchéime a leasú tuilleadh an 28 Deireadh Fómhair 2022 i gcomhréir leis an Rialachán nua maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh (‘Rialachán (AE) 2022/1854') agus leis an togra ón gCoimisiún maidir le rialachán éigeandála nua chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda gáis san Aontas agus chun slándáil an tsoláthair a chinntiú an geimhreadh seo.

Leis an gCreat Sealadach Géarchéime foráiltear do na cineálacha cabhrach seo a leanas, ar féidir leis na Ballstáit iad a dheonú:

  • Méideanna teoranta cabhrach, i bhfoirm ar bith, do chuideachtaí atá thíos leis an ngéarchéim reatha nó leis na smachtbhannaí agus leis na frithsmachtbhannaí a cuireadh i bhfeidhm mar gheall uirthi, suas le teorainneacha méadaithe, mar atá €250,000 in earnáil na talmhaíochta, €300,000 in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe, agus suas le €2 mhilliún i ngach earnáil eile;
  • Tacaíocht leachtachta i bhfoirm ráthaíochtaí Stáit agus iasachtaí fóirdheonaithe. I gcásanna eisceachtúla agus faoi réir coimircí dochta, féadfaidh na Ballstáit ráthaíochtaí poiblí ar mó a gclúdach ná 90% a thabhairt d'fhóntais fuinnimh i leith a gcuid gníomhaíochtaí trádála, i gcás ina gcuirtear ar fáil iad mar chomhthaobhacht airgeadais neamhchistithe do chontrapháirtithe lárnacha nó do chomhaltaí imréitigh.
  • Cabhair chun praghsanna arda fuinnimh a chúiteamh. Bainfear úsáid as an gcabhair, ar féidir í a chur ar fáil i bhfoirm ar bith, chun cúiteamh páirteach a thabhairt do chuideachtaí, go háirithe do dhianúsáideoirí fuinnimh, as costais bhreise a bhíonn ann mar gheall ar mhéaduithe urghnácha ar phraghsanna gáis agus leictreachais. Is féidir an méid cabhrach aonair a ríomh bunaithe ar an tomhaltas reatha nó ar an tomhaltas a bhí ann roimhe, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le dreasachtaí margaidh a choinneáil chun an tomhaltas fuinnimh a laghdú agus chun leanúnachas gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chinntiú. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a chur ar fáil ar bhealach níos solúbtha, lena n-áirítear d'earnálacha dianfhuinnimh a ndéantar difear mór dóibh, faoi réir coimircí ionas nach mbeidh róchúiteamh ann. Tá tuilleadh sonraí faoi na féidearthachtaí tacaíochta atá ann maidir le praghsanna arda fuinnimh, lena n-áirítear maidir leis an modheolaíocht chun méideanna cabhrach aonair a ríomh, le fáil anseo;
  • Bearta a chuireann dlús le rolladh amach an fhuinnimh in-athnuaite. Féadfaidh na Ballstáit scéimeanna a bhunú le haghaidh infheistíochtaí san fhuinneamh in-athnuaite, lena n-áirítear hidrigin inathnuaite, bithghás agus bithmheatán, stóráil agus teas in-athnuaite, trí theaschaidéil freisin, agus sin le nósanna imeachta tairisceana simplithe is féidir a chur chun feidhme go tapa, ach coimircí leordhóthanacha a bheith iontu chun cothrom na Féinne a chosaint. Go háirithe, féadfaidh na Ballstáit scéimeanna a cheapadh do theicneolaíochtaí sonracha, a mbeadh tacaíocht ag teastáil ina leith de réir an mheascáin fuinnimh náisiúnta faoi leith;
  • Bearta a éascaíonn dícharbónú na bpróiseas tionsclaíoch. Chun tuilleadh dlúis a chur le héagsúlú na soláthairtí fuinnimh, féadfaidh na Ballstáit tacú le hinfheistíochtaí chun deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise, go háirithe tríd an leictriú, an éifeachtúlacht fuinnimh agus an t-aistriú chuig úsáid hidrigine in-athnuaite agus hidrigine atá bunaithe ar leictreachas a chomhlíonann coinníollacha áirithe. Féadfaidh na Ballstáit (i) scéimeanna nua atá bunaithe ar thairiscintí a bhunú, nó (ii) tacú go díreach le tionscadail, gan tairiscintí, agus teorainneacha áirithe ann ar sciar na tacaíochta poiblí in aghaidh na hinfheistíochta. Dhéanfaí foráil maidir le bónais bhreise shonracha d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide, agus do réitigh atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de; agus
  • Bearta arb é is aidhm dóibh cuidiú chun an t-éileamh ar leictreachas a laghdú, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/1854.

Is féidir na cineálacha cabhrach seo a leanas a chur ar fáil freisin ar bhonn cás ar chás, faoi réir coinníollacha: (i) tacaíocht do chuideachtaí a ndéanann ciorrú éigeantach nó deonach gáis difear dóibh, (ii) tacaíocht chun stórais gháis a líonadh, (iii) tacaíocht shealadach a bhfuil teorainn ama léi chun aistriú chuig breoslaí iontaise níos truaillithe faoi réir iarrachtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus chun éifeachtaí glasála a sheachaint, (iv) tacú le soláthar árachais nó athárachais do chuideachtaí a iompraíonn earraí chuig an Úcráin agus ón Úcráin, agus (v) tacaíocht do bhearta athchaipitliúcháin i gcás ina bhfuil tacaíocht sócmhainneachta den chineál sin riachtanach, iomchuí agus comhréireach.

Eintitis ar forchuireadh smachtbhannaí orthu atá á rialú ag an Rúis, déanfar iad a eisiamh ó raon feidhme na mbeart sin.

Tá roinnt cosaintí san áireamh sa Chreat Sealadach Géarchéime:

  • Modheolaíocht chomhréireach, lena n-éilítear nasc a bheith ann idir méid na cabhrach is féidir a dheonú do ghnólachtaí agus scála a ngníomhaíochta eacnamaíche agus a mhéid a bhí siad neamhchosanta ar éifeachtaí eacnamaíocha na géarchéime;
  • Coinníollacha incháilitheachta, mar shampla úsáideoirí dianfhuinnimh a shainiú mar ghnólachtaí arb é an luach a bhaineann lena dtáirgí fuinnimh a cheannach (i) 3% ar a laghad dá luach táirgthe nó dá láimhdeachas in 2021; nó (ii) 6% ar a laghad dá luach táirgthe nó dá láimhdeachas sa chéad seimeastar de 2022; agus
  • Ceanglais inbhuanaitheachta. Iarrtar ar na Ballstáit breithniú a dhéanamh, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, ar cheanglais a bhunú a bhaineann le cosaint an chomhshaoil nó le cinnteacht an tsoláthair agus cabhair á deonú le haghaidh costas breise atá ann mar gheall ar phraghsanna arda urghnácha gáis agus leictreachais. Ina theannta sin, iad siúd a fhaigheann cabhair i leith costais bhreise fuinnimh os cionn €50 milliún, ceanglaítear orthu plean a chur faoi bhráid an údaráis deonúcháin ina sonrófar conas a laghdóidh siad lorg carbóin a dtomhaltais fuinnimh nó a chuirfidh siad chun feidhme bearta eile chun cosaint an chomhshaoil nó slándáil an tsoláthair fuinnimh a chinntiú.

Beidh an Creat Sealadach Géarchéime i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2023. D'fhonn an deimhneacht dhlíthiúil a chinntiú, déanfaidh an Coimisiún a mheas tráth níos déanaí an gá síneadh a chur leis an gcreat.

Leis an gCreat Sealadach Géarchéime cuirtear leis na deiseanna iomadúla atá ag na Ballstáit bearta a cheapadh i gcomhréir le rialacha reatha an Aontais maidir le Státchabhair. Mar shampla, cuireann rialacha an Aontais maidir le státchabhair ar chumas na mBallstát cabhrú le cuideachtaí déileáil le ganntanais leachtachta agus le cuideachtaí a bhfuil cabhair tarrthála phráinneach de dhíth orthu. Thairis sin, le hAirteagal 107(2)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cuirtear ar chumas na mBallstát cúiteamh a thabhairt do chuideachtaí i leith damáiste a bhain go díreach dóibh de dheasca teagmhas eisceachtúil, amhail gach rud a thit amach mar thoradh ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair.

Ina theannta sin, an 19 Márta 2020 ghlac an Coimisiún Creat Sealadach i gcomhthéacs ráig an Choróinvíris. Leasaíodh Creat Sealadach COVID an 3 Aibreán, an 8 Bealtaine, an 29 Meitheamh, an 13 Deireadh Fómhair 2020, an 28 Eanáir agus an 18 Samhain 2021. Faoi mar a fógraíodh i mí na Bealtaine 2022, níor cuireadh síneadh le Creat Sealadach COVID thar an dáta éaga a socraíodh, is é sin an 30 Meitheamh 2022, seachas eisceachtaí áirithe. Go háirithe, beifear in ann bearta tacaíochta infheistíochta agus sócmhainneachta a chur i bhfeidhm fós go dtí an 31 Nollaig 2023. Sa bhreis air sin, leis an gCreat Sealadach COVID déantar foráil cheana féin maidir le haistriú solúbtha faoi choimircí soiléire, go háirithe le haghaidh roghanna comhshóiteachta agus atheagraithe ionstraimí fiachais, cuir i gcás iasachtaí agus ráthaíochtaí a aistriú chuig foirmeacha eile cabhrach amhail deontais dhíreacha go dtí an 30 Meitheamh 2023.

A luaithe a bheidh réiteach ar aon cheist rúndachta a bhíonn ann, cuirfear an leagan neamhrúnda den chinneadh ar fáil faoin gcás-uimhir SA.104761 sa Chlár um Státchabhair atá ar shuíomh gréasáin iomaíochta an Choimisiúin. Foilsítear cinntí nua faoi Státchabhair ar an idirlíon agus san Iris Oifigiúil agus bíonn liosta díobh le fáil sa nuachtlitir Competition Weekly e-News.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo faoin gCreat Sealadach Géarchéime agus faoi ghníomhaíochtaí eile an Choimisiúin arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch chogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine.

Sonraí

Dáta foilsithe
12 Nollaig 2022
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn