Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta18 Aibreán 2023An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 5 nóiméad

An tAontas Baincéireachta: Athchóiriú á mholadh ag an gCoimisiún ar an gcreat bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí

Ghlac an Coimisiún Eorpach togra inniu chun coigeartú a dhéanamh ar chreat reatha an Aontais maidir le bainistíocht géarchéime banc agus árachas taiscí (creat CMDI) agus chun é a neartú a thuilleadh, agus béim á leagan ar bhainc mheánmhéide agus ar bhainc bheaga.

Commissioner Mairead McGuinness speaking at the press release on the reform of the bank crisis management and deposit insurance framework

Tá earnáil baincéireachta an Aontais, lena n-áirítear creat láidir bainistíochta géarchéime, i bhfad níos athléimní le blianta beaga anuas. Tá institiúidí airgeadais san Aontas dea-chaipitlithe, an-leachtach agus déantar dlúthmhaoirseacht orthu.

Mar sin féin, is léir ón taithí a fuarthas go ndearnadh go leor banc meánmhéide agus beag anásta a bhainistiú le réitigh a bhí lasmuigh den chreat réitigh. Is é sin le rá, i gcásanna áirithe, gur úsáideadh airgead na gcáiníocóirí in ionad acmhainní inmheánacha riachtanacha an bhainc nó líontáin sábhála phríobháideacha arna gcistiú ag an tionscal (scéimeanna ráthaithe taiscí agus cistí réitigh).

Cuirfidh togra an lae inniu ar a chumas do na húdaráis scor ordúil ón margadh a eagrú do bhanc anásta d'aon mhéid agus d'aon samhail ghnó, le raon leathan uirlisí. Go háirithe, éascóidh sé úsáid líontán sábhála atá cistithe ag an tionscal chun taisceoirí a chosaint i ngéarchéimeanna baincéireachta, amhail trína n-aistriú ó bhanc anásta go banc sláintiúil. Ní mó úsáid den sórt sin as líontáin sábhála a bheith ina comhlánú ar acmhainn inmheánach ionsúcháin caillteanais na mbanc, arb í sin an chéad líne chosanta í.

Ar an iomlán, caomhnóidh sé sin a thuilleadh an chobhsaíocht airgeadais, cosnóidh sé cáiníocóirí agus taisceoirí, agus tacóidh sé leis an bhfíorgheilleagar agus lena iomaíochas.

Leis an athchóiriú seo, cuirfear feabhas ar ár gcumas a chinntiú gur féidir le haon bhanc teacht amach as an margadh go rianúil, beag beann ar a mhéid nó ar a shamhail ghnó, agus úsáid á baint as na huirlisí a cruthaíodh chuige sin. Is é sin an bealach is éifeachtúla chun déileáil le teipeanna bainc dár ngeilleagar, dár gcáiníocóirí agus, ar deireadh, don chobhsaíocht airgeadais. Bainfidh taisceoirí tairbhe as freisin toisc gur mó an seans go gcoinneodh siad rochtain gan bhriseadh ar a gcuntais.

Mairead McGuinness, an Coimisinéir um Sheirbhísí Airgeadais, um Chobhsaíocht Airgeadais agus um Aontas na Margaí Caipitil

Tá na cuspóirí seo a leanas ag an togra:

  1. cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus airgead na gcáiníocóirí a chosaint
  • Éascaíonn an togra úsáid scéimeanna ráthaithe taiscí i gcásanna géarchéime chun taisceoirí (daoine nádúrtha, gnólachtaí, eintitis phoiblí, etc.) a chosaint ar chaillteanais a iompar, i gcás inar gá sin chun tógálacht ar bhainc eile agus éifeachtaí diúltacha ar an bpobal agus ar an ngeilleagar a sheachaint. Trína bheith ag brath ar líontáin sábhála arna gcistiú ag an tionscal (amhail scéimeanna ráthaithe taiscí agus cistí réitigh), tugann an togra cosaint níos fearr do cháiníocóirí freisin nach gá dóibh idirghabháil chun an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú. Ní féidir scéimeanna ráthaithe taiscí a úsáid chun na críche sin ach amháin tar éis do na bainc a n-acmhainn inmheánach ionsúcháin caillteanais a ídiú, agus ní fhéadfar iad a úsáid ach amháin i gcás na mbanc a bhí curtha in áirithe cheana féin lena réiteach ar an gcéad dul síos.
  1. An fíorgheilleagar a chosaint ar thionchar theip na mbanc
  • Leis na rialacha atá beartaithe, beidh na húdaráis in ann leas iomlán a bhaint as an iliomad buntáistí a bhaineann le réiteach mar phríomhghné den bhosca uirlisí bainistithe géarchéime. Murab ionann agus leachtú, is féidir le réiteach a bheith níos áisiúla do chliaint toisc go bhfuil teacht acu ar a gcuntais go fóill, mar shampla trína n-aistriú chuig banc eile. Thairis sin, caomhnaítear feidhmeanna criticiúla an bhainc. Téann sé sin chun tairbhe don gheilleagar agus don tsochaí, ar bhonn níos leithne.
  1. Cosaint níos fearr do thaisceoirí
  • An leibhéal cumhdaigh EUR 100 000 in aghaidh an taisceora agus an bhainc, mar a leagtar amach sa Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí, is ann dó fós le haghaidh thaisceoirí incháilithe uile an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, le togra an lae inniu déantar na caighdeáin maidir le cosaint do thaisceoirí ar fud an Aontais a chomhchuibhiú a thuilleadh. Leis an gcreat nua, leathnaítear cosaint taisceoirí chuig eintitis phoiblí (i.e. ospidéil, scoileanna, bardais), chomh maith le hairgead cliant arna thaisceadh i gcineálacha áirithe cistí cliant (i.e. ag cuideachtaí infheistíochta, institiúidí íocaíochta, institiúidí ríomh-airgid). Áirítear sa togra bearta breise chun comhchuibhiú a dhéanamh ar chosaint iarmhéideanna arda sealadacha ar chuntais bhainc os cionn EUR 100 000 atá nasctha le teagmhais shonracha saoil (amhail oidhreacht nó slánaíochtaí árachais).

Na chéad chéimeanna eile

Pléifidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an pacáiste reachtach anois.

Cúlra

Sa ráiteas an 16 Meitheamh 2022 ón nGrúpa Euro, thug sé dá aire go bhfuil an tAontas Baincéireachta fós neamhiomlán agus chomhaontaigh sé gur cheart obair ar an Aontas Baincéireachta a bheith dírithe láithreach bonn ar an gcreat bainistíochta géarchéime agus árachais taiscí a neartú, agus é mar aidhm leis an obair reachtach a thabhairt chun críche le linn an timthrialla institiúidigh. Dhéanfaí athmheasúnú ar thionscadail thábhachtacha eile, amhail bunú an tríú colún den Aontas Baincéireachta, atá fós le bunú – an Scéim Eorpach Árachais Taiscí (SEÁT) – agus tuilleadh dul chun cinn maidir le comhtháthú an mhargaidh, tar éis athchóiriú CMDI.

Sa tuarascáil is déanaí maidir leis an Aontas Baincéireachta ó Pharlaimint na hEorpa, thacaigh sí freisin leis an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat bainistíochta géarchéime agus árachais taiscí chun feabhas a chur ar a fheidhmiú agus ar a intuarthacht chun teipeanna bainc a bhainistiú.

Tuilleadh eolais

Ceisteanna agus Freagraí

Bileog eolais

Téacsanna dlí

An tAontas Baincéireachta

Téarnamh agus réiteach bainc

Scéimeanna ráthaithe taiscí

Sonraí

Dáta foilsithe
18 Aibreán 2023
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn