Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Alt nuachta1 Nollaig 2021An Ionadaíocht in ÉirinnAm léitheoireachta: 3 nóiméad

Gairm ar aistritheoirí óga! Tá an comórtas uile-oileáin, Aistritheoirí Óga, 2022 seolta

Aistritheoirí Óga - competition poster

Agus an cúigiú heagrán den chomórtas uile-oileáin ‘Aistritheoirí Óga’ á sheoladh aige, is éard a dúirt Jack Chambers TD, Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt

"Bliain stairiúil í seo do phobal labhartha na Gaeilge.  Tá obair mhór déanta ag an Rialtas, i gcomhar le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh, le sé bliana anuas chun deireadh a chur leis an maolú maidir le húsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontais.  Bainfear an cuspóir sin amach ag deireadh na bliana seo agus mar thoradh air sin, beidh deiseanna fostaíochta a bhaineann le cúrsaí teanga á gcruthú do Ghaeilgeoirí óga ar bhonn leanúnach."

Agus é ag labhairt faoin gcomórtas Aistritheoirí Óga, labhair Seán Hade, Ceann Roinn na Gaeilge sa Choimisiún Eorpach faoin ‘deis a chruthaíonn sé do na daltaí a ghlacann páirt ann tuiscint a fháil ar ghairm an aistritheora in institiúidí an Aontais.'  Mhol sé do dhaltaí meánscoile a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu ‘leas a bhaint as na teangacha atá foghlamtha acu’ agus ‘blaiseadh a fháil de na cruacheisteanna teanga a bhíonn le réiteach ag aistritheoirí gairmiúla Gaeilge in institiúidí an Aontais gach lá.’

Labhair an tAire Stáit faoin ról tábhachtach atá ag an gcomórtas ‘daoine óga a spreagadh chun bheith ag obair san earnáil aistriúcháin nuair a bheidh an t-oideachas críochnaithe acu.’

 

An comórtas

Is iad an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann i gcomhar a eagraíonn an comórtas Aistritheoirí Óga. Tá sé ar oscailt do dhaltaí ar fud oileán na hÉireann a raibh 15 bliana nó níos mó slánaithe acu an 1 Meán Fómhair 2021 agus a bhfuil sé de chumas iontu aistriúchán a dhéanamh ó Bhéarla go Gaeilge, nó ó cheann de rogha teangacha Eorpacha eile go Gaeilge.

Tá trí sprioc ag an gcomórtas seo: ardchaighdeán Gaeilge a chur chun cinn i measc daltaí scoile, an t-ilteangachas a spreagadh agus suim daoine óga a mhúscailt i ngairmeacha le Gaeilge. 

Sé chatagóir atá sa chomórtas: an t-aistriúchán is fearr ó Bhéarla go Gaeilge i ngach cúige, an t-aistriúchán is fearr as oileán na hÉireann agus an t-aistriúchán is fearr go Gaeilge ó theanga seachas an Béarla.

Scoileanna ar mian leo a bheith páirteach sa chomórtas, ní mór dóibh clárú faoin 28 Eanáir 2022 trí ríomhphost a sheoladh chuig DGT-GA-AISTRITHEOIRI-OGAatec [dot] europa [dot] eu (DGT-GA-AISTRITHEOIRI-OGA[at]ec[dot]europa[dot]eu)

Is ar an Déardaoin an 3 Márta 2022 a bheidh an comórtas ar siúl.

Ag an searmanas bronnta in Aibreán 2022, déanfaidh Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt a nduaiseanna a bhronnadh ar na buaiteoirí – buanchorn do bhuaiteoir na príomhdhuaise agus táibléad Samsung do bhuaiteoirí na gcatagóirí eile go léir.

Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas, faoin bpróiseas clárúcháin agus faoi rialacha an chomórtais le fáil anseo.  Tá samplaí d’iarthéacsanna ar fáil anseo.

Cúlra an chomórtais

Is i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2017 a seoladh an comórtas seo den chéad uair.

Tá an comórtas ina chuid den iarracht fhorleathan chun feasacht a ardú faoi stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh agus faoi na deiseanna fostaíochta atá ann mar thoradh air sin. Cinneadh le Rialachán 2015/2264 ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh go mbeidh stádas iomlán ag an nGaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais faoi 2022 agus go ndéanfar an reachtaíocht ar fad a achtófar san Aontas a aistriú go Gaeilge ón uair sin amach, mar a dhéantar i gcás na 23 theanga oifigiúla eile. Leanfaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh de bhaill foirne le Gaeilge a earcú chun poist a bhaineann le cúrsaí teanga a líonadh.

 

Tuilleadh eolais

Deiseanna fostaíochta le Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh

Sonraí

Dáta foilsithe
1 Nollaig 2021
Údar
An Ionadaíocht in Éirinn