- inniúlacht teanga
- Dé hAoine, 25 Meán Fómhair 2026, 18.00 - 21.00 (IST)
- Ar líne amháin
Eolas praiticiúil
- Cathain
- Dé hAoine, 25 Meán Fómhair 2026, 18.00 - 21.00 (IST)
- Cén áit
- Ar líne amháin
- Teangacha
- Danmhairgis, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Liotuáinis, Rómáinis, Spáinnis, Sínis, Úcráinis, Ungáiris
Cur síos
‘Bain triail as teanga nua’ leis an gCoimisiún Eorpach agus Languages Connect Dé hAoine an 25 Meán Fómhair.
Le Lá Eorpach na dTeangacha a cheiliúradh an 25 Meán Fómhair, cuirfimid blasranganna saor in aisce ar líne ar fáil i 8 dteanga: an Danmhairgis, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Liotuáinis, an Rómáinis, an tSínis, an Spáinnis, an Úcráinis agus an Ungáiris.
I ngeall nach bhfuil ach líon teoranta spásanna ar fáil, iarrtar ort do sheisiún/sheisiúin a chur in áirithe. Beidh an leathanach clárúcháin ar oscailt anseo ón 18 Lúnasa. Seolfar nasc Zoom chuig gach rannpháirtí atá cláraithe, roimh am lóin lá an imeachta.
- Beidh na ranganna Danmhairgise, Gréigise, Iodáilise, Úcráinise agus Ungáirise ar siúl ar 6in, 6:30in, 7in agus 7:30in.
- Beidh na ranganna Gearmáinise, Liotuáinise, Rómáinise, Sínise agus Spáinnise ar siúl ar 7in, 7:30in, 8in agus 8:30in.
Aoichaint: 'Interpreting for the EU'
An gcuireann na teangacha gliondar ar do chroí? D'fhéadfadh gairm bheatha teacht as an ghliondar sin! Buail isteach chuig caint na n-ateangairí agus faigh amach conas a bheith i d'ateangaire agus oibriú sna hinstitiúidí Eorpacha. Roinnfidh ár n-ateangairí spleáchadh ar a gcuid oibre laethúla agus ar na cruinnithe ardleibhéil idirnáisiúnta ag a mbíonn siad ag obair.
- Cláraigh ar an nasc áirithintíagus roghnaigh 'Interpreting for the EU'.
Tá fáilte romhat triail a bhaint as oiread teangacha agus is mian leat!
Ina theannta sin, an tseachtain roimhe, mar chuid d’Oíche Chultúir Dé hAoine an 18 Meán Fómhair, cuirfimid blasranganna teanga 20 nóiméad saor in aisce ar fáil, i bpearsa, in Áras na hEorpa i mBaile Átha Cliath. Beidh ranganna ann san Araibis, sa Chróitis, sa Ghaeilge, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, san Ísiltíris, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa tSeapáinis, agus i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann.
Moltar duit clárú le deimhin a dhéanamh d’áit. Beidh an nasc clárúcháin ar fáil sul i bhfad.
Dar ndóigh, tá fáilte romhat triail a bhaint as níos mó ná teanga amháin agus beidh sólaistí ar fáil ar an oíche do dhuine ar bith ar mian leo sos a ghlacadh idir na seisiúin.