‘Bain triail as teanga nua’ go fíorúil leis an gCoimisiún Eorpach agus Languages Connect ar Lá Eorpach na dTeangacha – Dé Máirt an 26 Meán Fómhair.
- inniúlacht teanga
- Dé Máirt, 26 Meán Fómhair 2023, 17.00 - 21.00 (IST)
Eolas praiticiúil
- Cathain
- Dé Máirt, 26 Meán Fómhair 2023, 17.00 - 21.00 (IST)
- Cé ba cheart freastal air
- An pobal trí chéile
- Teangacha
- Béarla
Cur síos
‘Bain triail as teanga nua’ leis an gCoimisiún Eorpach agus Languages Connect Dé Máirt an 26 Meán Fómhair.
I gcomhthráth le Lá Eorpach na dTeangacha Dé Máirt an 26 Meán Fómhair, cuirfimid blasranganna fíorúla saor in aisce ar fáil in ocht dteanga: an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghréigis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an tSlóvaicis, an Spáinnis agus an Ungáiris. Tá fáilte romhat triail a bhaint as níos mó ná teanga amháin, ach i ngeall nach bhfuil ach líon teoranta spásanna ar fáil, iarrtar ort do sheisiún/sheisiúin a chur in áirithe ANSEO chun nach mbeidh díomá ort. Seolfar nasc Zoom chuig gach rannpháirtí atá cláraithe, roimh am lóin lá an imeachta.
Beidh na seisiúin Ghréigise, Slóvaicise, Spáinnise agus Ungáirise ar siúl ar 5in, 5.30in, 6in agus 6.30in. |
Beidh na seisiúin Fraincise, Ghaeilge, Pholainnise agus Phortaingéilise ar siúl ar 7in, 7.30in, 8in agus 8.30in. |
Mar chuid d’Oíche Chultúir Dé hAoine an 22 Meán Fómhair, cuirfimid blasranganna 20 nóiméad saor in aisce ar fáil i bpearsa in Áras na hEorpa i mBaile Átha Cliath. Beidh an Chóiréis, an Ghearmáinis, an Iodáilis, an Mháltais, an tSeapáinis, an tSínis, an tSlóivéinis, an tSualainnis, TCÉ, agus an Úcráinis ar fáil. Arís, i ngeall nach bhfuil ach líon teoranta spásanna ar fáil, moltar duit do sheisiún/sheisiúin a chur in áirithe ANSEO chun nach mbeidh díomá ort. Dóibh siúd a bhaineann triail as níos mó ná teanga amháin (agus molaimid sin!) beidh sólaistí ar fáil ar an oíche (an 22 Meán Fómhair amháin) más mian leo sos a ghlacadh idir na seisiúin.
Beidh na seisiúin Chóiréise, Mháltaise, Slóivéinise, Sualainnise agus Úcráinise ar siúl ar 5in, 5.30in, 6in agus 6.30in |
Beidh na seisiúin Ghearmáinise, Iodáilise, Seapáinise, Sínise agus TCÉ 7in, 7.30in, 8in agus 8.30in. |
Tá an imeacht ‘Bain triail as teanga nua’ ina chuid de Rian Cultúir na hEorpa, a bheidh ar siúl le linn Oíche Chultúir. Tá an Rian Cultúir á eagrú ag líonra EUNIC agus is féidir leat do ‘phas’ a íoslódáil ANSEO.