Blasranganna saor in aisce fíorúla 20 nóiméad sa Bhulgáiris, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghréigis, sa Ghaeilge, sa tSeapáinis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis agus sa Spáinnis, iad á reáchtáil ag an gCoimisiún Eorpach agus Languages Connect.
- inniúlacht teanga
- Dé Luain, 26 Meán Fómhair 2022, 17.00 - 21.11 (IST)
Eolas praiticiúil
- Cathain
- Dé Luain, 26 Meán Fómhair 2022, 17.00 - 21.11 (IST)
- Teangacha
- Bulgáiris, Fionlainnis, Fraincis, Gréigis, Gaeilge, Seapáinis, Polainnis, Portaingéilis, Spáinnis
Cur síos

‘Bain triail as teanga nua’: Tugann an Coimisiún Eorpach agus Languages Connect cuireadh duit é sin a dhéanamh Dé Luain an 26 Meán Fómhair.
I gcomhthráth le Lá Eorpach na dTeangacha Dé Luain an 26 Meán Fómhair, cuirfimid blasranganna fíorúla saor in aisce ar fáil i 9 dteanga, is iad sin an Bhulgáiris, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghréigis, an Ghaeilge, an tSeapáinis, an Pholainnis, an Phortaingéilis agus an Spáinnis. Moltar duit triail a bhaint as níos mó ná teanga amháin, ach i ngeall nach bhfuil ach líon teoranta spásanna ar fáil, iarrtar ort do sheisiún/sheisiúin a chur in áirithe ANSEO chun nach mbeidh díomá ort. Seolfar an nasc zoom ábhartha chuig na rannpháirtithe atá cláraithe roimh am lóin ar lá an imeachta.
Beidh na seisiúin san Fhionlainnis, sa Ghréigis agus sa tSeapáinis ar siúl ag 5in, 5.30in, 6in agus 6.30in |
Beidh na seisiúin sa Bhulgáiris, sa Fhraincis agus sa Ghaeilge ar siúl ag 6in, 6.30in, 7in agus 7.30in. |
Beidh na seisiúin sa Pholainnis, sa Phortaingéilis agus sa Spáinnis ar siúl ag 7in, 7.30in, 8in agus 8.30in. |
Mar chuid d’Oíche Chultúir Dé hAoine an 23 Meán Fómhair, cuirfimid blasranganna saor in aisce i bpearsa ar fáil a mhairfidh ar feadh 20 nóiméad ag Teach na hEorpa i mBaile Átha Cliath sa Chatalóinis, sa tSínis, sa Chróitis, san Eastóinis, sa Ghearmáinis, san Iodáilis, sa Chóiréis, sa Liotuáinis, sa Rómáinis agus san Úcráinis. Arís, i ngeall nach bhfuil ach líon teoranta spásanna ar fáil, moltar duit do sheisiún/sheisiúin a chur in áirithe ANSEO chun nach mbeidh díomá ort. Dóibh siúd ar mian leo triail a bhaint as níos mó ná teanga amháin (rud atá inmholta!) cuirfear sólaistí ar fáil ar an oíche (an 23 Meán Fómhair amháin) más mian leo sos a ghlacadh idir na seisiúin.
Beidh na seisiúin sa Chatalóinis, sa tSínis, san Eastónais, sa Ghearmáinis agus sa Rómáinis ar siúl ag 5in, 5.30in, 6in agus 6.30in |
Beidh na seisiúin sa Chróitis, san Iodáilis, sa Chóiréis, sa Liotuáinis agus san Úcráinis ar siúl ag 7in, 7.30in, 8in agus 8.30in. |
Tá an imeacht ‘Bain triail as teanga nua’ mar chuid de Rian Cultúir na hEorpa a bheidh ar siúl le linn Oíche Chultúir. Tá an Rian Cultúir á eagrú ag líonra EUNIC agus is féidir leat do ‘phas’ a íoslódáil ANSEO.