Skip to main content
Representation in Ireland logo
Representation in Ireland
Oiliúint agus ceardlanna

Dé hAoine, an 17 Meán Fómhair – Ar líne – ‘Bain triail as teanga nua’ – Imeacht de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus Languages Connect le linn Oíche Chultúir

Ní FÉIDIR CLÁRÚ A THUILLEADH DON ÓCÁID SEO


Tá cuireadh á thabhairt ag an gCoimisiún Eorpach agus Languages Connect duit chuig an imeacht ‘Bain triail as teanga nua’ le linn Oíche Chultúir – Dé hAoine, an 17 Meán Fómhair.

  • Language teaching
  • to

Eolas praiticiúil

Cathain
to
Teangacha
Béarla

Cur síos

Participants at Language Day event (pre-Covid)
Participants taking part in language classes during Culture Night 2019

Ní FÉIDIR CLÁRÚ A THUILLEADH DON ÓCÁID SEO

Mar chuid den chéiliúradh bliantúil a dhéanaimid ar Lá Eorpach na dTeangacha (26 Meán Fómhair), cuirfimid ranganna 20 nóiméad ar fáil chun blaiseadh a thabhairt de na teangacha seo a leanas: Sínis, Seicis, Danmhairgis, Ollainnis, Fionlainnis, Fraincis, Gearmáinis, Gréigis, Gaeilge, Iodáilis, Seapáinis, Cóiréis, Liotuáinis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis agus Spáinnis.

Is mar seo a leanas a reáchtálfar na seisiúin:

  • Sínis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Polainnis & Rómáinis ag tosú gach 30 nóiméad idir 17.00 agus 19.00
  • Seicis, Danmhairgis, Gearmáinis, Cóiréis & Portaingéilis ag tosú gach 30 nóiméad idir 18.00 agus 20.00
  • Ollainnis, Gréigis, Iodáilis, Seapáinis, Liotuáinis & Spáinnis ag tosú gach 30 nóiméad idir 19.00 agus 21.00.

Chun go mbeidh idirghníomhaíocht ann idir na rannpháirtithe sna ranganna, ní chuirfear ach líon teoranta áiteanna ar fáil. Is imeacht ar líne é seo, agus mar sin ní mór clárú roimh ré lena aghaidh.

Molaimid go mór duit triail a bhaint as níos mó ná teanga amháin ar an oíche!