Cuairt fhíorúil ar sheirbhís aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh
- aistriú
- Dé Máirt, 7 Feabhra 2023, 17.50 - 19.30 (GMT)
Eolas praiticiúil
- Cathain
- Dé Máirt, 7 Feabhra 2023, 17.50 - 19.30 (GMT)
- Teangacha
- Béarla
Cur síos
Ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil faoi cad a dhéanann aistritheoirí an Aontais Eorpaigh? An bhfuil spéis agat a bheith ag obair i dtimpeallacht ilteangach ilchultúrtha? Ar mhaith leat a fháil amach conas a bheith i d’aistritheoir in institiúidí an Aontais Eorpaigh?
Tá an chuairt fhíorúil seo ar sheirbhísí aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh á heagrú go speisialta do mhic léinn ollscoile in Éirinn agus tabharfaidh sé deis duit cloisteáil ó bhaill foirne an Choimisiúin agus iad ag caint faoina gconairí gairme agus faoina bhfuil i gceist lena bpost (féach an clár thíos). Is í Stella Clarke, Ceann Roinn an Bhéarla sa Choimisiún Eorpach, a osclóidh an t-imeacht.
CLÁR | |
17:50 | Clárú fíorúil |
18:00 | Fáilte |
18:15 | Gnáthlá an aistritheora sa Choimisiún Eorpach |
18:25 | Úsáid na teicneolaíochta sa phost |
18:40 | Conas is féidir post mar aistritheoir a fháil in institiúidí an Aontais Eorpaigh? |
18:50 | Tréimhsí oiliúna |
19.00 | Seomraí ar leithligh leis na haistritheoirí |
19.30 | Deireadh an imeachta |
Cliceáil anseo chun clárú don imeacht ar líne seo.
Má tá aon cheist agat, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig DGT-Dublinec [dot] europa [dot] eu (DGT-Dublin[at]ec[dot]europa[dot]eu) agus ‘Imeacht an 7 Feabhra’ a chur i líne an ábhair.