Seimineár agus ceardlanna: Deiseanna fostaíochta san Aontas Eorpach do dhaoine le Gaeilge
- aistriú | interpreting
- Dé Céadaoin, 2 Samhain 2022, 08.30 - 15.00 (GMT)
- Cill Airne, Éire
Eolas praiticiúil
- Cathain
- Dé Céadaoin, 2 Samhain 2022, 08.30 - 15.00 (GMT)
- Cén áit
- Óstán an GleneagleMuckross Road, Cill Airne, Contae Chiarraí, V93 V6WF, Éire
- Teangacha
- Gaeilge, Béarla
Cur síos

An bhfuil spéis agat tuilleadh eolais a fháil faoi dheiseanna gairme Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh? Ar mhaith leat an deis a thapú chun freastal ar cheardlann le baill foirne institiúidí an Aontais Eorpaigh ina ndíreofar ar an ngairm theangeolaíoch is rogha leat?
Beidh imeacht á reáchtáil ag an gCoimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann Dé Céadaoin, an 2 Samhain mar chuid den fhéile bhliantúil Oireachtas na Samhna. I mbliana, is i gCill Airne a bheidh an fhéile ar siúl.
Is é an aidhm atá leis an imeacht iarrthóirí ionchasacha a chur ar an eolas faoi dheiseanna fostaíochta Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh, sin agus comhairle nithiúil phraiticiúil a chur ar fáil dóibh.
Cuirfear tús leis an imeacht le seisiún iomlánach in Óstán an Gleneagle i gCill Airne, seisiún ag a dtabharfaidh raon leathan saineolaithe cur i láthair – féach an clár. Níos déanaí an mhaidin sin, reáchtálfar an chéad bhabhta ceardlann idirghníomhach ar an láthair (féach an clár) agus tar éis am lóin, cuirfear leaganacha ar líne ar fáil de roinnt de na ceardlanna (is ar an láthair amháin a bheidh an dara ceardlann ateangaireachta ar siúl). Féadfaidh tú na seisiúin ar mhaith leat freastal orthu a chur in áirithe ag an nasc seo a leanas.
Na daoine a fhreastalaíonn ar na ceardlanna ar an láthair, cuirtear fáilte rompu freastal ar cheardlann eile nuair a bheidh an chuid fhíorúil den chlár ar siúl ar an gcoinníoll go mbeidh teacht acu ar spás ciúin dá gcuid féin (na seomraí a mbainfear úsáid astu le linn na seisiún ar maidin, ní bheidh fáil orthu chuige sin).
Déanfar Seisiún Iomlánach na maidine a shruthú ar line, ach molaimid go láidir do dhaoine a bheith i láthair le go mbainfidh siad lántairbhe as féidearthachtaí idirghníomhacha an imeachta (líonrú a dhéanamh le daoine agus na ceardlanna féin go háirithe).
Tabhair do d’aire go bhfuil sé riachtanach clárú leis an imeacht agus ní mór áit a chur in áirithe roimh ré le bheith rannpháirteach sna ceardlanna.
Féadfar deimhniú láithreachta a chur ar fáil do mhic léinn tríú leibhéal ach é a iarradh ar chríochnú an chláir dóibh.
CLÁR AN IMEACHTA. Féach clár an imeachta anseo.
Má bhíonn aon cheist agat, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig DGT-GA-SEIMINEAR@ec.europa.eu.