Imeacht ar líne eagraithe ag an gCoimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann chun iarrthóirí féideartha a chur ar an eolas maidir le deiseanna fostaíochta leis an nGaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus chun comhairle phraiticiúl a thabhairt dóibh
- search for employment | recruitment
- -
Eolas praiticiúil
- Cathain
- -
- Teangacha
- Béarla, Gaeilge

Tá imeacht ar líne á eagrú ag an gCoimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann, imeacht a mhairfidh lá iomlán agus a bheidh ar siúl le linn Oireachtas na Samhna. Is é atá d’aidhm ag an imeacht iarrthóirí féideartha a chur ar an eolas faoi dheiseanna fostaíochta sa Ghaeilge agus comhairle phraiticiúil a chur ar fáil.
Is mar sheimineár gréasáin a chuirfear tús leis an imeacht agus tabharfar cuireadh duit páirt a ghlacadh i rogha ceardlanna praiticiúla san iarnóin. Tá clár an imeachta le fáil anseo.
Is gá clárú le haghaidh an imeachta seo. Is féidir é sin a dhéanamh trí ríomhphost a chur chuig DGT-GA-SEIMINEAR@ec.europa.eu.