Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Seimineár agus ceardlanna: Deiseanna gairme le Gaeilge san Aontas Eorpach

An bhfuil suim agat i bpost le Gaeilge i gcroílár na hEorpa? 

  • Oiliúint agus ceardlanna

An bhfuil eolas uait faoi dheiseanna gairme le Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh?  Ar mhaith leat freastal ar cheardlann le baill foirne ó institiúidí an Aontais Eorpaigh le do scileanna a chleachtadh agus do cheisteanna a chur orthu?

Bí linn ag an imeacht seo Dé Céadaoin an 21 Eanáir in Áras na hEorpa, 5 Sráid an Bhailfigh, Baile Átha Cliath D02 E7K4. Cluinfidh tú ó shaineolaithe agus ó ghairmithe teanga san Aontas Eorpach faoin obair a dhéanann siad agus conas cur isteach ar na poist sin, agus beidh ceardlanna idirghníomacha ann le haistritheoirí agus ateangairí de chuid an Aontais. Á reáchtáil ag an gCoimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann .

Beidh an t-imeacht dírithe ar mhic léinn agus céimithe i nGaeilge nó i léann an aistriúcháin agus ar aon duine eile a d'fhéadfadh cur isteach ar phoist le Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh. 

Cláraigh ag an nasc thuas, nó más mian leat áiteanna do ghrúpa a chur in áirithe seol ríomhphost chuig DGT-GA-SEIMINEARatec [dot] europa [dot] eu (DGT-GA-SEIMINEAR[at]ec[dot]europa[dot]eu).

Tabharfar teastas tinrimh do mhic léinn tríú leibhéal ach é a iarraidh ar chríochnú an chláir dóibh.

  • ilteangachas pobail | earcaíocht
  • Dé Céadaoin, 21 Eanáir 2026, 10.15 - 15.00 (GMT)
  • Baile Átha Cliath, Éire

Eolas praiticiúil

Cathain
Dé Céadaoin, 21 Eanáir 2026, 10.15 - 15.00 (GMT)
Cén áit
Áras na hEorpa
5 Sráid an Bhailfigh, Baile Átha Cliath, D02 E7K4, Éire
Teangacha
Gaeilge

Cur síos