Skip to main content
European Commission logo
Representation in Ireland
  • Training and workshops

Seimineár agus ceardlanna ar líne: Deiseanna gairme le Gaeilge san Aontas Eorpach

An bhfuil suim agat i bpost le Gaeilge i gcroílár na hEorpa? 

An bhfuil eolas uait faoi dheiseanna gairme le Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh?  Ar mhaith leat freastal ar cheardlann le baill foirne ó institiúidí an Aontais Eorpaigh le do scileanna a chleachtadh agus do cheisteanna a chur orthu?

Bí linn ag an imeacht seo Dé Céadaoin an 21 Eanáir in Áras na hEorpa, 5 Sráid an Bhailfigh, Baile Átha Cliath D02 E7K4. Cluinfidh tú ó shaineolaithe agus ó ghairmithe teanga san Aontas Eorpach faoin obair a dhéanann siad agus conas cur isteach ar na poist sin, agus beidh ceardlanna idirghníomacha ann le haistritheoirí agus ateangairí de chuid an Aontais. Á reáchtáil ag an gCoimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann .

Beidh an t-imeacht dírithe ar mhic léinn agus céimithe i nGaeilge nó i léann an aistriúcháin agus ar aon duine eile a d'fhéadfadh cur isteach ar phoist le Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh. 

Cláraigh ag an nasc thuas, nó más mian leat áiteanna do ghrúpa a chur in áirithe seol ríomhphost chuig DGT-GA-SEIMINEARatec [dot] europa [dot] eu (DGT-GA-SEIMINEAR[at]ec[dot]europa[dot]eu).

Tabharfar teastas tinrimh do mhic léinn tríú leibhéal ach é a iarraidh ar chríochnú an chláir dóibh.

  • multilingualism | recruitment
  • Wednesday 21 January 2026, 10:15 - 15:00 (GMT)
  • Baile Átha Cliath, Ireland

Practical information

When
Wednesday 21 January 2026, 10:15 - 15:00 (GMT)
Where
Áras na hEorpa
5 Sráid an Bhailfigh, Baile Átha Cliath, D02 E7K4, Ireland
Languages
Irish

Description