Seimineár agus ceardlanna: Deiseanna fostaíochta san Aontas Eorpach do dhaoine le Gaeilge
- multilingualism
- Saturday 2 November 2024, 10:15 - 13:00 (GMT)
- Killarney, Ireland
Practical information
- When
- Saturday 2 November 2024, 10:15 - 13:00 (GMT)
- Where
- Gleneagle Hotel/Ionad INECKillarney, Ireland
- Languages
- Irish
Description
An bhfuil eolas uait faoi dheiseanna gairmiúla le Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh? Ar mhaith leat freastal ar cheardlann le baill foirne ó institiúidí an Aontais Eorpaigh a bheidh dírithe ar an ngairm theanga is fearr leat?
Beidh imeacht á reáchtáil ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Rialtas na hÉireann
Dé Sathairn an 2 Samhain 2024 ar 10:15rn ag Oireachtas na Samhna sa Gleneagle Hotel/Ionad INEC gCill Áirne.
Imeacht é seo le haghaidh daoine a d’fhéadfadh cur isteach ar phoist le Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Tabharfar eolas dóibh faoi na deiseanna sin agus cuirfear comhairle nithiúil phraiticiúil ar fáil.
Cuirfear tús leis an imeacht ar 10:15rn le painéal plé ina labhróidh roinnt saineolaithe agus gairmithe Gaeilge ó na hinstitiúidí Eorpacha - féach an clár. Déanfar léiriu den ateangaireachta mar chuid den seisiún.
Tar éis sosa, cuirfear tús leis na ceardlanna idirghníomhacha le haistritheoirí agus ateangairí ón Aontas Eorpach (féach an clár).
Dóibh siúd nach bhfuil in ann freastal ar na seisiúin i bpearsa ag an Oireachtas, beidh ceardlanna idirghníomhacha aistriúcháin ar line ar siúl Dé Céadaoin 6 Samhain ar 6:15in agus Déardaoin 7 Samhain ar 6:15in. Ní mór clárú le haghaidh na seisiún ar line: seol ríomhphost chuig DGT-GA-SEIMINEARec [dot] europa [dot] eu (DGT-GA-SEIMINEAR[at]ec[dot]europa[dot]eu) le d’ainm agus an seisiún ar mhaith leat freastal air.
Tabharfar teastas tinrimh do mhic léinn tríú leibhéal ach é a iarradh ar chríochnú an chláir dóibh.
CLÁR AN IMEACHTA. Féach clár an imeachta anseo.
Má bhíonn aon cheist agat, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig DGT-GA-SEIMINEARec [dot] europa [dot] eu (DGT-GA-SEIMINEAR[at]ec[dot]europa[dot]eu).