Mar chuid den cheiliúradh bliantúil a dhéanaimid ar an ilteangachas, seo cuireadh duit triail a bhaint as ceann amháin (nó níos mó!) d’ocht dteanga dhéag. Beidh 10 dteanga le blaiseadh Dé hAoine an 19 Meán Fómhair agus ocht gcinn eile Dé hAoine an 26 Meán Fómhair.
Ós rud é nach bhfuil ach líon teoranta áiteanna ar fáil, moltar duit sliotáin a chur in áirithe anseo.
Beidh na ranganna Araibise, Polainnise, Portaingéilise, Seapáinise agus Spáinnise ar siúl ar 17:00, 17 :30, 18 :00 agus 18 :30.
Beidh na ranganna Cróitise, Gearmáinise, Sínise, Sualainnise agus Theanga Comharthaíochta na hÉireann ar siúl ar 19 :00, 19 :30, 20 :00 agus 20 :30.
- inniúlacht teanga
- Dé hAoine, 19 Meán Fómhair 2025, 17.00 - 21.00 (IST)
- Baile Átha Cliath, Éire
Eolas praiticiúil
- Cathain
- Dé hAoine, 19 Meán Fómhair 2025, 17.00 - 21.00 (IST)
- Cén áit
- Eispéireas Europa11 Sráid Chatham, Baile Átha Cliath, Co. Dublin, D02 VP46, Éire
- Teangacha
- Béarla, Araibis, Seapáinis, Polainnis, Portaingéilis, Spáinnis, Sínis, Cróitis, Gearmáinis, Teanga Chomharthaíochta na hÉireann, Sualainnis
Cur síos

‘Bain triail as teanga nua’ leis an gCoimisiún Eorpach agus Languages Connect Dé hAoine an 26 Meán Fómhair.
Mar chuid d’Oíche ChultúirDé hAoine an 19 Meán Fómhair, cuirfimid blasranganna teanga 20 nóiméad saor in aisce ar fáil, i bpearsa, in Áras na hEorpa i mBaile Átha Cliath. Beidh ranganna ann san Araibis, sa Chróitis, sa Ghearmáinis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa tSeapáinis, sa tSínis, sa Spainnis, sa tSualainnis, agus i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann.
Dar ndóigh, tá fáilte romhat triail a bhaint as níos mó ná teanga amháin agus beidh sólaistí ar fáil ar an oíche do dhuine ar bith ar mian leo sos a ghlacadh idir na seisiúin.
Ina theannta sin, ar Lá Eorpach na dTeangacha Dé hAoine an 26 Meán Fómhair, cuirfimid blasranganna saor in aisce ar líne ar fáil in 8 dteanga eile: an Danmhairgis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghréigis, an Iodáilis, an Mháltais, agus an Úcráinis. I ngeall nach bhfuil ach líon teoranta spásanna ar fáil, iarrtar ort do sheisiún/sheisiúin a chur in áirithe. Beidh an nasc cláraithe ar fáil anseo go luath. Seolfar nasc Zoom chuig gach rannpháirtí atá cláraithe, roimh am lóin lá an imeachta.
Arís, moltar duit triail a bhaint as níos mó ná teanga amháin!
Tá an imeacht ‘Bain triail as teanga nua’ ina chuid de Rian Cultúir na hEorpa, a bheidh ar siúl le linn Oíche Chultúir. Tá an Rian Cultúir á eagrú ag líonra EUNIC agus is féidir leat do ‘phas’ a íoslódáil anseo.