- translation
- Thursday 11 June 2026, 18:00 (IST)
- Online only
Practical information
- When
- Thursday 11 June 2026, 18:00 (IST)
- Where
- Online only
- Languages
- Irish
Description
An raibh fhios agat go bhfuil sé i gceist ag seirbhís earcaíochta an AE comórtas earcaíochta d’aistritheoirí a reáchtáil i mbliana?
Ar mhaith leat fáil amach faoi na deiseanna atá ar fáil leis an AE d’aistritheoirí ardchumasacha?
Ar mhian leat post ar phá maith a fháil i gceartlár na hEorpa?
Bí linn ag an seisiún eolais ar líne seo atá dírithe ar aistritheoirí gairmiúla agus gairmithe eile a d’fhéadfadh cur isteach ar phoist san AE.
Cluinfidh tú ó ionadaithe ó sheirbhísí aistriúcháin agus acmhainní daonna an Choimisiúin Eorpaigh agus ó Rialtas na hÉireann agus beidh tú in ann do cheisteanna a chur orthu.
Where: Cláraigh ar https://eu01web.zoom.us/webinar/register/WN_1l-PHluhS0u5skgzGTWypg
Clár:
Cad chuige ar cheart cur isteach ar phost d’aistritheoir san AE?
- Na buntaistí a bhaineann le post aistritheora a fháil san Aontas Eorpach
- Cad é mar atá an saol don aistritheoir sa Bhruiséil?
- Cé na tacaí a chuirtear ar fail do dhaoine a bhogann as Éirinn le post a ghlacadh?
Cé na deiseanna atá ann?
- Tréimhsí oiliúna
- Conarthaí sealadacha
- Poist bhuana (comórtais EPSO)
- Conas cur isteach ar na deiseanna seo
Cé na tacaí a chuireann Rialtas na hÉireann ar fáil le hullmhú le haghaidh comórtais EPSO ?
Cainteoirí:
John Prendergast – An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
Aislínn McCrory – Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin, An Coimisiún Eorpach
John Gavin – Ard-Stiúrthóireacht na nAcmhainní Daonna, An Coimisiún Eorpach
Ní mór clárú roimh ré ar an nasc Zoom thuas. Tá an t-imeacht seo saor in aisce. Tabhair faoi deara gur i nGaeilge a bheidh na cainteanna ar fad.
