Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Acmhainní don phreas agus teagmhálaithe

Bíonn Preasoifig na hIonadaíochta ag obair chun preas na hÉireann a choimeád ar an eolas faoi ghnóthaí Eorpacha agus chun feasacht a ardú faoi ról an Aontais Eorpaigh i saol mhuintir na hÉireann.

An fhoireann preasa

Tugann an Phreasoifig freagra ar raon leathan fiosruithe ón bpreas agus ó na meáin eile faoi shaincheisteanna a bhaineann leis an Aontas. Thairis sin, cuireann sí tuairisciú ar an Aontas chun cinn go gníomhach sna meáin trí theagmhálacha rialta a thionscnamh leis na meáin agus trí phreaseisiúintí a fhoilsiú faoi ábhair reatha an Aontais a mbeadh spéis ag ag muintir na hÉireann iontu. Eagraíonn sí freisin imeachtaí cumarsáide agus eolais agus déanann sí ionadaíocht ar son an Choimisiúin ag preasagallaimh in Éirinn.

Is í an Phreasoifig a dhéanann suíomh gréasáin na hIonadaíochta a bhainistiú, mar aon lena leathanaigh Twitter, Facebook agus Instagram.

Teagmhálaithe

Ceann na Rannóige Meán, Cumarsáide agus For-Rochtana: Helen Kearns
Ríomhphost: helen.kearns:ec.europa.eu

Oifigeach Preasa: Peter Petrov
Ríomhphost: Peter [dot] PETROVatec [dot] europa [dot] eu (peter[dot]petrov[at]ec[dot]europa[dot]eu)

Eagarthóir Gréasáin agus Cúntóir don Cheannaire Preasa: Grainne Galvin
Ríomhphost: grainne [dot] galvinatec [dot] europa [dot] eu (grainne[dot]galvin[at]ec[dot]europa[dot]eu )

Cúntóir Faisnéise agus Cumarsáide: Gabriele Lorenzo
Ríomhphost: gabriele [dot] lorenzoatec [dot] europa [dot] eu (gabriele[dot]lorenzo[at]ec[dot]europa[dot]eu)

EU News Radio Ireland

Seirbhís saor in aisce d’iriseoirí raidió na hÉireann is ea EU News Radio lena gcuirtear ar fáil pacáistí fuaime is féidir a íoslódáil maidir le scéalta Eorpacha a bhfuil baint acu le daoine atá ina gcónaí in Éirinn. Is í Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn a mhaoiníonn an tseirbhís.

Tá script réamhráiteach agus achoimre ar scéalta ar fáil le híoslódáil i dtaca le gach scéal. Foilsítear trí scéal nuachta gach seachtain, seachas le linn phríomhthréimhsí saoire an tsamhraidh.

Seirbhís Urlabhraí an Choimisiúin Eorpaigh

Is faoi údarás polaitiúil Uachtarán an Choimisiúin a fheidhmíonn seirbhís an urlabhraí (SPP), i gcomhar le hionadaíochtaí náisiúnta an Choimisiúin Eorpaigh. Is í an tseirbhís sin atá freagrach as preaseisiúintí a eisiúint, preasagallaimh a eagrú agus freagra a thabhairt ar cheisteanna ón bpreas. Is iad na hurlabhraithe atá freagrach as réimsí beartas sonracha an Choimisiúin.

Seirbhís an Urlabhraí

Ábhar don phreas ó Sheirbhís Urlabhraí an Choimisiúin

Creidiúnú do na meáin – Iriseoirí, grianghrafadóirí agus foirne teilifíse, teastaíonn creidiúnú uathu le cead isteach a fháil chuig limistéir phreasa an Choimisiúin, na Parlaiminte agus na Comhairle.

Acmhainní don phreas ar fud an Aontais

An tSeirbhís Closamhairc

Cuireann seirbhís closamhairc an Choimisiúin Eorpaigh réimse seirbhísí agus ábhar ar fáil d’iriseoirí saor in aisce, cuir i gcás: