Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Méadú an Aontais Eorpaigh

  • 17 Aibreán 2026

Nuair a bhain Éire ballraíocht amach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) in 1973, cuireadh tús le hathrú mór sa chaoi a raibh an tír ag forbairt. Tháinig athrú ó bhonn ar shochaí agus ar gheilleagar na hÉireann: osclaíodh trádáil na tíre do mhargaí nua, tháinig borradh ar na deiseanna oideachais agus fostaíochta, agus bhíothas in ann infheistíocht shuntasach a dhéanamh sa bhonneagar agus sna seirbhísí poiblí a bhuí le maoiniú Eorpach. 

Cé go mbaineann buntáistí follasacha airgeadais leis an mballraíocht san Aontas, ní mór do gach tír atá ag iarraidh ballraíocht a bhaint amach critéir dhiana eacnamaíocha a chomhlíonadh freisin le go mbeidh an chobhsaíocht i réim ar fud an Aontais. Thar aon rud eile, ní mór do na tíortha sin tiomantas leanúnach a léiriú do bhunluachanna an Aontais Eorpaigh, mar atá, dínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus cearta an duine, mar atá leagtha amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Is gné lárnach den phróiseas aontachais é an smacht reachta. Déantar measúnú air ó na céimeanna tosaigh agus i rith na caibidlíochta ar fad lena chinntiú go gcuirtear na dlíthe i bhfeidhm go cothrom, go bhfeidhmíonn institiúidí go héifeachtach, agus go gcosnaítear cearta na saoránach.

Bhí seacht méadú ann ó bhunaigh na chéad sé Bhallstát an CEE in 1957, agus chuir gach ceann acu le scaipeadh na cobhsaíochta, na síochána agus an rathúnais ar fud na hEorpa. Sa lá atá inniu ann, tá 27 mBallstát san Aontas Eorpach, agus tá roinnt tíortha ina n-iarrthóirí ballraíochta agus iad i mbun an phróisis aontachais.

Tacaíonn Éire go láidir le méadú an Aontais: tá ambasáidí oscailte aici i dtíortha tábhachtacha is iarrthóirí ar nós na Seirbia, na Boisnia agus na Heirseagaivéine, agus na Moldóive mar chuid den chlár Éire Dhomhanda, agus táthar ag súil leis go mbeidh ról tábhachtach aici chun na caibidlíochtaí aontachais a chur chun cinn le linn a hUachtaránachta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh in 2026. 

Méadú an Aontais Eorpaigh

Buaicphointí bheartas méadaithe an Aontais

Éire Dhomhanda

The EU enlargement celebrations in Parc du Cinquantenaire, Brussels, commemorating the accession of ten new EU Member States in 2004.

An méadú ina thosaíocht

Tá méadú an Aontais ina phríomhchuspóir laistigh den chlár tosaíochta faoi Eoraip Dhomhanda atá leagtha síos ag an gCoimisiún Eorpach don tréimhse 2024-2029. Is freagra é an clár tosaíochta sin ar na hathruithe suntasacha atá tagtha ar an domhan le blianta beaga anuas, idir ionradh mídhleathach na Rúise ar an Úcráin, an cogadh in Gaza, agus teacht chun cinn ceannairí forlámhacha. Tá sé i gceist leis ról na hEorpa sa domhan a neartú trí chomhpháirtíochtaí a fhorbairt, tacaíocht a thabhairt do chomharsana cobhsaí, an tslándáil eacnamaíoch a chosaint, agus an comhar idirnáisiúnta a fheabhsú.

  • Is tacaíocht é méadú an Aontais leis an gclár tosaíochta sin:
  • Leathnaíonn sé tionchar geopholaitiúil an Aontais trí níos mó tíortha a thacaíonn lena luachanna a thabhairt isteach ann.
  • Cuireann sé le cobhsaíocht na réigiún comharsanachta trí athchóirithe a spreagadh i réimsí an daonlathais, an smachta reachta agus an rialachais.
  • Neartaíonn sé slándáil na hEorpa trí limistéar polaitiúil a chruthú atá níos aontaithe agus a bhfuil níos mó teacht aniar ann.
  • Cuireann sé leis an teacht aniar eacnamaíoch a bhuí le margadh aonair atá níos mó, slabhraí soláthair níos láidre, agus comhtháthú réigiúnach níos doimhne.
  • Cuireann sé ar ár gcumas dúinn gníomhú le chéile i leith dúshláin dhomhanda: an tslándáil fuinnimh, an beartais aeráide, agus an imirce, cuir i gcás.
  • Méadaíonn sé tionchar domhanda an Aontais óir bíonn níos mó Ballstát ann a labhraíonn d’aon ghuth i bhfóraim iltaobhacha.

Tosaíocht na hEorpa Domhanda

Stair an mhéadaithe

Ballraíocht a bhaint amach san Aontas Eorpach

Is féidir le haon tír Eorpach ballraíocht san Aontas Eorpach a iarraidh ach na riachtanais bhallraíochta – ar a dtugtar critéir Chóbanhávan – a chomhlíonadh.

Ar na critéir is tábhachtaí ná go bhfuil an smacht reachta láidir sa tír. Is éard atá i gceist leis sin go gcuirtear na dlíthe i bhfeidhm go cothrom, go n-oibríonn na cuairteanna go neamhspleách, go bhfuil an rialtas cuntasach, agus go gcosnaítear na cearta bunúsacha. Eascraíonn na prionsabail sin ó na bunluachanna ar ar tógadh an tAontas Eorpach, ina measc sin an meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas agus cearta an duine. Ní mór do thíortha a dhéanann iarratas ar bhallraíocht san Aontas a léiriú go bhfuil siad fíorthiomanta do na luachanna sin agus go bhfuil siad sin fréamhaithe ina ndlíthe agus ina n-institiúidí.

Ina theannta sin, ní mór do thíortha is iarrthóirí a léiriú go bhfuil institiúidí daonlathacha cobhsaí acu, go dtéann siad i ngleic leis an éilliú, go gcosnaíonn siad cearta na mionlach, agus go gcinntíonn siad saoirse na meán. Déanann an Coimisiún Eorpach monatóireacht chúramach ar an dul chun cinn trí thuarascálacha rialta. Má loictear ar na hathchóirithe nó mura gcloítear leis na caighdeáin a theastaíonn, is féidir go dtiocfaidh moill nó stad ar an gcaibidlíocht go dtí go mbeidh dul chun cinn á dhéanamh arís.

Seo mar a oibríonn próiseas an aontachais:

  • Cuireann tír iarratas isteach: Cuireann tír Eorpach iarratas foirmeálta isteach ar bhallraíocht san Aontas faoi Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
  • Tugtar stádas tír is iarrthóir di: Sula dtugtar stádas tír is iarrthóir don tír, déanann an tAontas measúnú féachaint an gcloíonn sí le luachanna an Aontais agus an bhfuil sí tiomanta na critéir aontachais a chomhlíonadh.
  • Déantar scagadh maidir le dlíthe (acquis) an Aontais: Breathnaíonn an Coimisiún a mhéad atá dlíthe an iarrthóra ag teacht le dlí an Aontais ina 35 chaibidil, agus sainíonn sé na hathchóirithe is gá le cloí leis.
  • Osclaítear caibidlí caibidlíochta: Is ar leith a osclaítear gach caibidil bheartais – an ceartas, an comhshaol, nó an iomaíocht, cuir i gcás – agus leagtar síos na tagarmharcanna sonracha atá le baint amach ag an tír is iarrthóir.
  • Athchóirithe agus cur i bhfeidhm: Ní mór don tír is iarrthóir athchóiriú a dhéanamh ar a cuid institiúidí, an smacht reachta a neartú, feabhas a chur ar a geilleagar margaidh, agus rialacha an Aontais a ghlacadh i ngach réimse beartais.
  • Monatóireacht rialta agus tuarascálacha bliantúla: Bíonn an Coimisiún ag faire go géar ar an dul chun cinn. Is féidir dul ar aghaidh le caibidil má bhaintear na tagarmharcanna amach, ach má chliseann ar an dul chun cinn is féidir go mbeidh moill ar an gcaibidlíocht nó go gcuirfear ina stad í.
  • Cuirtear clabhsúr ar chaibidlí caibidlíochta: Nuair a chinneann an tAontas go bhfuil na hathchóirithe críochnaithe agus go bhfuil na dlíthe á gcur i bhfeidhm, is féidir clabhsúr sealadach a chur ar chaibidil.
  • Sínítear Conradh Aontachais: Nuair atá clabhsúr curtha ar gach caibidil, síníonn an tír is iarrthóir Conradh Aontachais a bheidh le daingniú aici féin agus ag gach Ballstát den Aontas.
  • Ballraíocht iomlán: Nuair atá an conradh daingnithe, is Ballstát oifigiúil den Aontas í an tír agus gach ceart aici, agus gach freagracht uirthi, a ghabhann leis an stádas sin. 

Ballraíocht a bhaint amach san Aontas Eorpach

Coinníollacha ballraíochta

An smacht reachta

Céard iad luachanna an Aontais Eorpaigh?

Conair na hÉireann ionsar a ballraíocht san Aontas

Is minic a fhéachtar ar chinneadh na hÉireann ballraíocht a bhaint amach i gComhphobal Eacnamaíoch na hEorpa in 1973 mar chloch mhíle eacnamaíoch, ach ba chéim mhór í i dtreo neamhspleáchas iomlán na tíre freisin. Fiú i ndiaidh d’Éirinn an Comhlathas Briotanach a fhágáil go foirmeálta in 1949, bhí a geilleagar ceangailte den Ríocht Aontaithe. I rith na 1950í agus na 1960í, earraí talmhaíochta ab ea iad formhór easpórtálacha na hÉireann agus iad á gcur chuig margaí na Breataine, rud a d’fhág Éire go mór i dtuilleamaí cinntí a dhéantaí i Londain.

Gan fáil aici ar mhargaí ní b’fhairsinge san Eoraip, is ar éigean a bhí Éire in ann a todhchaí eacnamaíoch féin a chinneadh. Le linn na 1960í, chuaigh rialtais na hÉireann i mbun nuachóirithe ar an ngeilleagar agus iad ag laghdú an spleáchais ar an mBreatain. De réir a chéile, cuireadh deireadh leis na beartais chosantaíocha a bhí i réim leis na blianta fada, agus d’oscail Éire a geilleagar roimh an iomaíocht idirnáisiúnta mar chéim ionsar an mballraíocht sa CEE.

Níorbh fhéidir le hÉirinn deireadh iomlán a chur lena spleáchas eacnamaíoch seanbhunaithe ar an Ríocht Aontaithe gan dul isteach san CEE, ach níorbh fhéidir léi dul isteach ann mura mbeadh an Ríocht Aontaithe ag dul isteach ann fosta. Faoi bhrú meatha eacnamaíoch inmheánaigh agus faoi bhrú an ratha ba léir ar an CEE, chuir an Ríocht Aontaithe isteach ar bhallraíocht i samhradh 1961, agus níorbh fhada ansin gur chuir Éire a hiarratas féin isteach. In 1963, tar éis fanacht 2 bhliain, chros Uachtarán na Fraince Charles de Gaulle iarratas na Ríochta Aontaithe, rud a chuir stop le hiarratas na hÉireann fosta. Chuir an Ríocht Aontaithe an dara hiarratas isteach in 1967, ach chuir de Gaulle bac air sin freisin, agus é ag cur i leith na tíre nach raibh sí tiomanta fós do chomhtháthú na hEorpa. Mar gheall air sin, d’éirigh Éire den dara hiarratas freisin.

Osclaíodh bealach na ballraíochta di ar deireadh in 1969 nuair a d’éirigh an tUachtarán de Gaulle as oifig, rud a chuir deireadh leis an mbacainn ba mhó ar mhéadú an Chomhphobail. Níorbh fhada gur chuir na Sé Bhallstát in iúl go raibh siad sásta tús a chur leis an gcaibidlíocht. Thosaigh na cainteanna foirmeálta an 30 Meitheamh 1970 agus cuireadh tús le caibidlíocht dhíreach mhionsonraithe idir Éirinn agus an Coimisiún Eorpach i mí Mheán Fómhair na bliana sin. Reáchtáladh reifreann ar an mballraíocht an 10 Bealtaine 1972, agus thacaigh 83% de vótálaithe na hÉireann léi. Bhain Éire ballraíocht oifigiúil den Chomhphobal amach an 1 Eanáir 1973 in éineacht leis an Ríocht Aontaithe agus an Danmhairg.

The signing ceremony of the accession treaty of Denmark, Ireland, Norway and the United Kingdom was held on 22 January 1972 in the Egmont Palace of Brussels.

Amlíne bhallraíocht na hÉireann sa Chomhphobal:

  • 1961 – Chuir an Ríocht Aontaithe isteach ar bhallraíocht sa CEE. Chuir Éire a hiarratas féin isteach laethanta beaga ina dhiaidh sin.
  • 1963 – Chuir an Fhrainc cros ar iarratas na Ríochta Aontaithe, agus ligeadh d’iarratas na hÉireann mar gheall air sin.
  • 1967 – Rinne an Ríocht Aontaithe iarratas nua agus rinne Éire amhlaidh dá réir. Chuir an Fhrainc cros ar iarratas na Ríochta Aontaithe athuair, rud a chuir stop le hiarratas na hÉireann.
  • 1969 – D’éirigh an tUachtarán de Gaulle as oifig agus chuir na sé stát CEE in iúl go raibh siad sásta ceist an mhéadaithe a athoscailt.
  • 1970 – Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht fhoirmeálta faoin aontachas an 30 Meitheamh. Thosaigh na cainteanna déthaobhacha mionsonraithe i mí Mheán Fómhair.
  • 10 Bealtaine 1972 – Reifreann na hÉireann: vótáil 83% i bhfách le dul isteach sna Comhphobail Eorpacha.
  • 1 Eanáir 1973 – Bhí Éire, an Ríocht Aontaithe agus an Danmhairg ina mball oifigiúil den CEE feasta.

Ballraíocht na hÉireann sna Comhphobail Eorpacha

Stair na hÉireann san Aontas Eorpach

Buaicphointí le linn bhallraíocht na hÉireann

Tíortha is iarrthóirí

Tá deich dtír i mbun an phróisis aontachais faoi láthair. Tá stádas oifigiúil tír is iarrthóir tugtha do naoi gcinn acu, agus meastar gur iarrthóir ionchais í an Chosaiv, a rinne iarratas i mí na Nollag 2022.

Gach bliain, foilsíonn an Coimisiún Eorpach a Phacáiste um Méadú ina leagtar amach cur chuige an Aontais don bhliain sin i leith an mhéadaithe. Sa chuid lárnach den Phacáiste, an Teachtaireacht maidir le Méadú, tugtar achoimre ar an dul chun cinn atá déanta ag na tíortha is iarrthóirí, sonraítear na dúshláin is tábhachtaí, agus leagtar amach na hathchóirithe atá fós ag teastáil. Ina theannta sin, bíonn tuarascálacha tíre mionsonraithe sa phacáiste ina ndéantar measúnú ar dhul chun cinn na n-athchóirithe le linn na bliana roimhe sin mar aon le moltaí maidir le réimsí tosaíochta le haghaidh ailíniú breise.

Maidir leis na tíortha is iarrthóirí sna Balcáin Thiar, leanann siadsan creat faoi leith ar a dtugtar an Próiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais. Chun tacú lena n-ullmhúchán don bhallraíocht, tá plean fáis nua do na Balcáin Thiar tugtha isteach ag an gCoimisiún agus é d’aidhm aige neartí a dhéanamh ar an gcobhsaíocht pholaitiúil, ar na hathchóirithe eacnamaíocha agus ar an infheistíocht sa réigiún. Is iad an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia, agus an t-iarrthóir ionchais, an Chosaiv, na tíortha atá páirteach sa phlean. Tá ceithre thír eile ann lasmuigh de na Balcáin Thiar a bhfuil stádas tír is iarrthóir acu, mar atá an Mholdóiv, an tSeoirsia, an Tuirc agus an Úcráin. 

Is ar bhonn fiúntais a dhéantar aontachas leis an Aontas, is é sin le rá go mbraitheann dul chun cinn gach tíre ar a mhéad a chuireann sí na hathchóirithe is gá i bhfeidhm. Déanann tíortha éagsúla is iarrthóirí dul chun cinn éagsúil de réir mar a éiríonn leo ailíniú a dhéanamh le dlí an Aontais, thar na 35 chaibidil chaibidlíochta atá eagraithe ina sé chnuasach théamacha. Cé nach féidir amlíne an aontachais a réamhinsint go deimhin, is é tuairim na coitiantachta i measc oifigigh an Aontais gurb é Montainéagró an t-iarrthóir is mó atá chun tosaigh, agus i dtuarascálacha 2025-2026 ar an méadú moladh an Albáin as an dul chun cinn suntasach atá déanta aici. Tá dul chun cinn mór déanta ag an Moldóiv freisin, agus d’ainneoin an chogaidh atá fós ar siúl, leanann an Úcráin d’athchóirithe a chur i bhfeidhm go tapa.

Pacáiste an Aontais um Méadú 2025

An tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar

An Plean Fáis do na Balcáin Thiar

An nuacht is déanaí faoi mhéadú an Aontais

Model Council 2025 debate - the winning team from St. Columbas College, Stranorlar in Co. Donegal with their teacher and classmates
  • News article

The team from Maynooth Post Primary School in Co Kildare representing Malta won first place at the Model Council of the EU annual debate for secondary school students, organised by the European Commission Representation in Ireland.

Am léitheoireachta: 3 nóiméad
Visual depicting images of landmarks in the 10 enlargement countries with text: EU Enlargement 2023
  • Alt nuachta

Inniu, ghlac an Coimisiún Eorpach Pacáiste 2023 um Méadú, a thugann measúnú mionsonraithe ar staid na himeartha agus ar an dul chun cinn atá déanta ag an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia, an Tuirc, agus den chéad uair riamh an Úcráin, Poblacht na Moldóive agus an tSeoirsia ar a gconairí féin i dtreo an Aontais Eorpaigh.

Am léitheoireachta: 12 nóiméad