Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Teagmháil a dhéanamh leis an Aontas Eorpach

Cuireann an tAontas Eorpach seirbhís chuimsitheach lárnach teagmhála mar aon le raon leathan eolais, seirbhísí agus líonraí tacaíochta ar fáil ar fud na hÉireann.

Má tá ceisteanna agat maidir leis an Aontas, má tá cabhair uait maidir le conas teacht ar eolas ar leith, má tá rochtain uait ar dhoiciméid nó má tá cabhair uait ó shaineolaí de chuid an Aontais le haghaidh imeachta, lean na naisc thíos le glao a chur orainn, le scríobh chugainn nó le bualadh linn.

  • Glao orainn:in Éirinn, cuir glao saor in aisce ar ár seirbhís thiomanta gutháin, agus labhair le duine éigin i mBéarla, i nGaeilge nó in aon teanga eile de chuid an Aontais
  • Scríobh chugainn: seol do cheist chugainn trí ríomhphost i do rogha teanga de chuid an Aontais agus tiocfaimid ar ais chugat laistigh de chúpla lá 
  • Buail isteach chugainn in Éirinn: aimsigh lárionad agus líonra saineolaithe de chuid an Aontais gar duit 

Faigh sonraí teagmhála d’ionaid, do líonraí agus d’oifigí éagsúla an Aontais in Éirinn, an fhoireann preasa agus oifig na hIonadaíochta san áireamh

Faigh eolas agus sonraí teagmhála d’institiúidí, do chomhlachtaí, do ghníomhaireachtaí agus d’oifigí an Aontais ar fud na hEorpa

Sonraí teagmhála na n-údarás agus na líonraí in Éirinn agus ar leibhéal an Aontais le haghaidh cónaitheoirí, gnólachtaí agus eagraíochtaí an Aontais i gcás inar mian leo gearáin a dhéanamh nó fadhbanna a thuairisciú