Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Fadhbanna a thuairisciú nó gearáin a dhéanamh

Más saoránach nó cónaitheoir buan thú i mBallstát den Aontas, tá cearta agat má chónaíonn tú, má oibríonn tú nó má dhéanann tú gnó i mBallstáit eile. Má tá fadhb nó gearán agat maidir le haon cheann de na cearta sin, is minic is fearr tabhairt faoi ar an leibhéal náisiúnta ar dtús i dtír na seirbhíse, i dtír an riaracháin rialtais nó i dtír an ghnólachta lena mbaineann.

Cé gur i do thír chónaithe féin is fearr a bhíonn tú in ann do chearta a fhorfheidhmiú de ghnáth, cuireann an tAontas acmhainní ar fáil a d’fhéadfadh a bheith mar chuidiú agat, go háirithe má bhaineann sé le fadhb le hinstitiúid de chuid an Aontais.

Ar an leibhéal náisiúnta

An tOmbudsman Éireannach

Déanann an tOmbudsman scrúdú ar na gearáin a dhéanann na daoine sin a mheasann gur chaith soláthraí seirbhíse poiblí go míchothrom leo, lena n-áirítear ranna rialtais, údaráis áitiúla, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, tithe altranais agus comhlachtaí oideachais tríú leibhéal a mhaoinítear go poiblí.

Aimsigh ombudsman i mBallstát eile


Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

Comhlacht poiblí neamhspleách a oibríonn chun cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn; agus cultúr a fhorbairt ina mbíonn meas ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar an tuiscint idirchultúrtha.


Aimsigh comhlacht comhionannais i mBallstát eile


SOLVIT in Éirinn

Líonra neamhfhoirmiúil a cruthaíodh chun réiteach a fháil ar fhadhbanna a bhíonn ag saoránaigh nó gnólachtaí an Aontais le riaracháin phoiblí i mBallstát eile agus le cearta sa Mhargadh Inmheánach.

Cuir gearán faoi bhráid SOLVIT i mBallstát eile


An Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí in Éirinn

Lárionad a chuidíonn le gearáin a réiteach idir tomhaltóirí agus trádálaithe atá bunaithe i mBallstáit éagsúla den Aontas, chomh maith leis an Iorua, an Íoslainn agus an Ríocht Aontaithe.

Aimsigh Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí (LET) i mBallstát eile


An tOmbudsman Éireannach um Sheirbhísí Airgeadais agus Pinsean

Ombudsman a chuireann le cúinsí na seirbhísí airgeadais agus pinsean, trína chumhachtaí a úsáid chun achrainn a réiteach ar dhóigh chothrom, thrédhearcach agus inrochtana.

Aimsigh líonra réitigh achrainn airgeadais (FIN-NET) i mBallstát eile

Ar leibhéal an Aontais

An tOmbudsman Eorpach

Is comhlacht neamhspleách neamhchlaonta é an tOmbudsman Eorpach a thugann institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais chun cuntais, trí imscrúdú a dhéanamh ar na gearáin a bhíonn ag daoine, ag gnólachtaí agus ag eagraíochtaí.


Achainíocha ar Pharlaimint na hEorpa

Daoine aonair, grúpaí de chónaitheoirí den Aontas agus eagraíochtaí a bhfuil ceanncheathrú acu san Aontas, is féidir leo gearán, iarraidh nó barúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa maidir le feidhmiú dhlí an Aontais.


Gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh

Féadann an Coimisiún gearán a fhiosrú má bhaineann sé le dlí an Aontais a bheith sáraithe ag údaráis i mBallstát den Aontas. Más le gníomhaireacht duine aonair nó gníomhaireacht gnólachta phríobháidigh a bhaineann an gearán, is ar an leibhéal náisiúnta is ceart déileáil leis.


Gearáin úinéirí gnólachtaí

Sonraí teagmhála agus an dóigh chun gearáin a chur isteach maidir le fadhbanna a bhaineann le hiomaíocht éagórach, tacaíocht rialtais éagórach le haghaidh iomaitheoirí, nó fadhbanna leis na húdaráis phoiblí i mBallstáit eile den Aontas.

Faisnéis ghinearálta maidir leis an Aontas Eorpach

Suíomh gréasáin ‘An Eoraip Agatsa’

Ar an suíomh gréasáin sin tá eolas praiticiúil agus comhrialacha an Aontais maidir le dul chun cónaí agus dul i mbun gnó san Aontas, chomh maith leis an tseirbhís ‘An Eoraip Agatsa – Comhairle’ mura n-éiríonn leat teacht ar an eolas atá uait.


Líonra Europe Direct

Déan teagmháil leis an Aontas Eorpach in Éirinn agus i ngach Ballstát eile den Aontas trí ghlao nó i scríbhinn, nó buail le baill foirne Europe Direct sa lárionad is gaire duit. Tá an tseirbhís glao ar fáil i ngach teanga den Aontas, Gaeilge san áireamh.