Bíonn geilleagair iomaíocha faoi deara fostaíocht nua agus feabhas ar an gcaighdeán maireachtála, agus is taca iad do na seirbhísí poiblí. Chuidigh ballraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach léi an cineál sin geilleagair a chur ar bun, geilleagar ina dtacaítear leis an trádáil chóir, ceann a mheallann infheistíocht, agus ina gcuirtear earraí agus seirbhísí ardchaighdeáin ar fáil do thomhaltóirí ar phraghas iomaíoch.
Is le leas na hÉireann a ballraíocht i Margadh Aonair an Aontais, agus a bhuí le comhaontuithe trádála atá caibidlithe ag an Aontas, tá rochtain fhabhrach aici ar mhargaí domhanda freisin. Mar gheall ar na buntáistí sin ar fad, cruthaítear poist, neartaítear an nuálaíocht, agus tacaítear leis an bhfás eacnamaíoch inbhuanaithe.
Ach anois, tá ré nua de dhúshláin roimh an Eoraip, dúshláin a mhúnlóidh a hiomaíochas amach anseo. Tá moill ag teacht ar an trádáil dhomhanda, tá an teannas geopholaitiúil ag dul i méid, agus tá luas ag teacht faoin athrú teicneolaíochta. Agus sin ar siúl, tá feidhmiú na hEorpa ag titim ar gcúl ó thaobh na nuálaíochta de, tá slabhraí soláthair faoi bhrú, agus tá geilleagair an Aontais róspleách ar chomhpháirtithe seachtracha.
Tá an Coimisiún Eorpach chun tosaigh sa fhreagairt ar na dúshláin sin, agus an t-iomaíochas sainithe aige mar cheann dá phríomhthosaíochtaí le haghaidh an téarma oifige 2024-2029. Tá Ciste úr Eorpach um Iomaíochas le cur ar bun mar thaca don tosaíocht sin, i dteannta pacáiste infheistíochta AE is fiú thart ar €451 bhilliún san iomlán. Tá bearta cinntitheacha á nglacadh ag Éirinn freisin chun a hiomaíochas féin a neartú, agus í ag obair go dlúth leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit eile chun tacú le fás inbhuanaithe agus cobhsaíocht fhadtéarmach na hEorpa.
An Compás Iomaíochais
Tá gach a dteastaíonn ag an Eoraip chun fás ní ba thapúla agus ní b’inbhuanaithe a bhaint amach: lucht saothair oilte, institiúidí taighde den chéad scoth, fiontraithe cruthaitheacha, agus Margadh Aonair bríomhar. Ina theannta sin, is ag an Aontas atá an líonra comhaontuithe trádála is tapúla fás ar domhan, agus níos mó ná 75 thír cumhdaithe leis. Ach d’ainneoin na mbuanna sin, tá iomaitheoirí domhanda ar nós na Stát Aontaithe agus na Síne ag fás níos gasta.
Is é an Compás Iomaíochas treochlár an Choimisiúin Eorpaigh chun na srianta a bhaint d’acmhainn na hEorpa agus bonn an rathúnais fhadtéarmaigh a neartú. Tá sé bunaithe ar thuarascáil Mario Draghi in 2024 maidir le hiomaíochas na hEorpa agus ar thuarascáil Enrico Letta maidir le todhchaí an Mhargaidh Aonair. Sa dá thuarascáil sin sainíodh bacainní struchtúracha atá ag cur srian ar an Eoraip, mar aon leis na hathchóirithe atá ag teastáil le dul i ngleic leo. I gcás na hÉireann, an tír ba ghasta fás OTI san Aontas in 2025, creat atá sa Chompás chun an t-iomaíochas a neartú ar bhealach a laghdóidh na rioscaí don gheilleagar ó ghuagacht ghníomhaíocht na gcuideachtaí ilnáisiúnta.
Tá trí cholún straitéiseacha leis an gCompás:
1. An bhearna nuálaíochta a dhúnadh: Luas a chur faoin nuálaíocht trí thacú le gnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú, trí chuidiú le gnólachtaí an intleacht shaorga, an róbataic agus teicneolaíochtaí mar iad a chur chun úsáide, agus trí earnálacha straitéiseacha – cuir i gcás, an candam, an bhith-theicneolaíocht, na hardábhair agus an spás – a chur chun cinn.
2. An geilleagar a dhícharbónú: Foinse buntáiste iomaíoch don Eoraip a dhéanamh den fhuinneamh glan inacmhainne.
3. Spleáchais a laghdú: Slabhraí soláthair a éagsúlú agus an spleáchas ar sholáthróirí seachtracha a laghdú i dtaca le hábhair chriticiúla, teicneolaíochtaí glana, an fuinneamh, agus ionchuir ríthábhachtacha eile.
“Tá gach a dteastaíonn ag an Eoraip le bheith ar thús cadhnaíochta. Ach, san am céanna, ní bhainfimid ár gcumas iomaíochais amach arís gan ár gcuid laigí a leigheas. Leis an gCompás Iomaíochais, déantar treochlár de na moltaí den scoth atá i dtuarascáil Draghi. Is amhlaidh atá plean againn anois. Tá an toil pholaitiúil againn. Is iad an luas agus an aontacht atá de dhíth anois. Ní fhanfaidh an domhan linn. Tá na Ballstáit ar fad ar aon fhocal maidir leis sin. Mar sin, déanaimis beart de réir ár gcomhthola.” Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen
I dteannta na dtrí cholún sin, tá cúig chumasóir chothrománacha ann sa chaoi go bhféadfar beart a dhéanamh de réir fhís an chompáis.
• Iarracht mhór ar son an tsimplithe chun ualaí rialála agus riaracháin a laghdú.
• Straitéis nuachóirithe maidir leis an Margadh Aonair chun na bacainní atá fós ann a laghdú.
• Maoiniú níos láidre tríd an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta Eorpach.
• Aontas nua Scileanna chun an oiliúint, an tsoghluaisteacht agus poist ardcháilíochta a chur chun cinn.
• Uirlis um Chomhordú Iomaíochais chun athchóirithe an Aontais agus na hathchóirithe náisiúnta a ailíniú le chéile ar bhealach níos fearr.
Tuarascáil Draghi maidir le hiomaíochas an Aontais
Tuarascáil Enrico Letta maidir le Todhchaí an Mhargaidh Aonair.
An tAontas Coigiltis agus Infheistíochta Eorpach
Cuireann an Compás Iomaíochas béim ar an ngéarghá atá ann i bhfad níos mó infheistíochta a shlógadh chun tacú leis an nuálaíocht, an dícharbónú agus an tslándáil eacnamaíoch ar fud an Aontais.
Tá méid nach beag caipitil ann cheana féin a d’fhéadfadh a bheith ar fáil, ach tá cuid mhaith de i ngnáthchuntais bhainc nach dtugann mórán brabúis do thaisceoirí. Ar an iomlán, meastar go bhfuil €10 dtrilliún de choigiltis ag teaghlaigh an Aontais, agus thart ar 70% de sin i gcuntais ísealtoraidh. Dá scaoilfí fiú cuid de sin, chuideofaí le teaghlaigh cur lena rachmas agus chuirfí an infheistíocht fhadtéarmach is gá ar fáil don Eoraip chun a cobhsaíocht, a slándáil, a ceannaireacht theicneolaíoch agus a conair fáis a neartú.
Tá sé d’aidhm ag an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta Eorpach (ACIE) deiseanna níos fearr a thabhairt do shaoránaigh sábháil le haghaidh tí, infheistíocht a dhéanamh in oideachas a leanaí, airgead a chur i leataobh le haghaidh a mblianta ar scor, nó díreach cur lena gcoigilteas. San am céanna, cuirfidh sé ar a gcumas do ghnólachtaí ar fud na hEorpa teacht ar fhoinsí nua caipitil chun méadú, dul i mbun nuálaíochta, agus poist a chruthú.
Ghlac an Coimisiún Eorpach a straitéis le haghaidh an ACIE i mí an Mhárta 2025. Éireoidh leis an ACIE tríd an méid seo a leanas a chur ar fáil:
• Táirgí simplí: Roghanna infheistíochta so-úsáidte ar chostas íseal a bheidh ina gcuidiú ag coigilteoirí slán a fhágáil ag cuntais ar ús íseal.
• Comhairle chóir: Treoir shoiléir iontaofa chun cabhrú le saoránaigh cinntí airgeadais feasacha a dhéanamh.
• Rogha níos leithne: Raon níos leithne roghanna infheistíochta, táirgí fadtéarmacha san áireamh le haghaidh an oideachais agus na mblianta ar scor.
• Laghdú ar an rómhaorlathas: Na bacainní a thagann salach ar an infheistíocht thrasteorann a bhaint.
• Tacaíocht d’earnálacha ríthábhachtacha: An infheistíocht phríobháideach a threorú chuig an bhfuinneamh glan, an bonneagar digiteach, agus réimsí straitéiseacha nach iad.
I mí na Nollag 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún a Phacáiste um an gComhtháthú Margaí inar leagadh amach tograí chun margaí caipitil a chomhaontú, rud atá riachtanach le gur féidir an ACIE a bhunú. Tá Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit i mbun caibidlíochta faoi na bearta sin faoi láthair agus tá athbhreithniú beartaithe do 2027.
Tá Éire ag tacú leis an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta go ginearálta agus tá pleananna fógartha aici le haghaidh scéim coigiltis Stát-tacaithe dá chuid féin. Is léir go bhfuil deis ann bealaí níos éifeachtaí a chur ar fáil do shaoránaigh na hÉireann chun a gcoigilteas a mhéadú, agus thart ar €170 billiún i dtaisce i mbainc agus in institiúidí airgeadais.
An tAontas Coigiltis agus Infheistíochta
Ceisteanna agus freagraí maidir leis an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta Eorpach
Príomhbhearta an Aontais ar mhaithe leis an iomaíochas
Is fada don Eoraip ar thús cadhnaíochta i gcúrsaí tionsclaíochta, fiontraíochta agus nuálaíochta, ó Réabhlóid Thionsclaíoch an 18ú haois go sárú ghéarchéimeanna an lae inniu: suaití airgeadais, dianghlasálacha COVID-19, agus na dúshláin fuinnimh a chonacthas le deireanas ina measc. Ach ní féidir fanacht chun tosaigh mura dtéimid in oiriúint go síor do na hathruithe eacnamaíocha agus teicneolaíochta mórthimpeall orainn.
Ba é an Compás Iomaíochais an chéad mórthionscnamh le linn théarma oifige 2024-2029 an Choimisiúin, agus tá raon beart breise ag gabháil leis a ceapadh chun iomaíochas na hEorpa a threisiú mar aon lena rathúnas fadtéarmach.
An Margadh Aonair: Tá méadú 3-4% tagtha ar OTI an Aontais cheana féin mar gheall ar an margadh aonair, agus cruthaíodh 3.6 milliún post dá bharr. D’fhéadfaí an méid sin a dhúbailt dá gcuirfí an margadh aonair i gcrích. Chuige sin, tá moladh déanta ag an gCoimisiún go laghdófaí na hualaí riaracháin gan ghá go géar, go háirithe le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide; go ndéanfaí simpliú ar dhlí an Aontais; agus go dtabharfaí stádas dlíthiúil aonair isteach ar fud an Aontais chun cuidiú le gnólachtaí nuálacha leathnú thar theorainneacha.
EU Inc.: Chuir Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, de chúram ar an gCoimisinéir Éireannach Michael McGrath an tionscnamh suaitheanta seo a fhorbairt chun simpliú a dhéanamh ar an timpeallacht dlí corparáideach ilroinnte a fhágann go bhfuil sé deacair do ghnólachtaí leathnú thar theorainneacha inmheánacha an Aontais. Seoladh é i mí an Mhárta 2026 agus cuireann sé tacar aonair rialacha ar fáil sa chaoi go mbeidh sé níos éasca do ghnólachtaí tosú, oibriú agus fás ar fud an Aontais.
‘Lena chreat digiteach mar réamhshocrú, beidh fiontraithe a roghnaíonn páirt a ghlacadh i dtogra EU Inc. in ann gnólacht a bhunú laistigh de 48 n-uair an chloig, ar chostas uasta €100, rud a chiallaíonn go mbeidh an próiseas tapa inacmhainne éifeachtúil.’ An Coimisinéir um an Daonlathas, an Ceartas agus an Smacht Reachta agus um Chosaint Tomhaltóirí, Michael McGrath.
An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: Tá moladh déanta ag an gCoimisiún Eorpach go leagfaí síos sprioc astaíochtaí an Aontais a laghdú 90% faoi 2040. Chun tacú le hearnáil na tionsclaíochta agus í i mbun an aistrithe ghlais, tá sé i gceist leis an nGníomh um Dhlús a chur leis an Tionsclaíocht, a tugadh isteach i mí an Mhárta 2026, dlús a chur leis na próisis phleanála, tairisceana agus cheadúcháin le haghaidh tionscadail ghlana. I measc na dtosaíochtaí eile, tá an tAontas Fuinnimh a chur i gcrích, an bonneagar fuinnimh ghlain a leathnú, na slabhraí soláthair le haghaidh príomhtheicneolaíochtaí a neartú, agus feabhas a chur ar an tsoghluaisteacht trasteorann trí chóras ticéadaithe digiteach aonair.
An Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne: Seoladh an plean seo i mí Feabhra 2025 agus leagtar ocht mbeart amach ann chun billí fuinnimh a laghdú, dlús a chur le mórthionscadail bhonneagair, an tAontas Fuinnimh a threisiú, agus teacht aniar chóras fuinnimh na hEorpa a neartú. Tá sé ar phríomh-chomhpháirteanna an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan.
Scileanna a neartú: Chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais mhargadh an tsaothair, bunóidh an Coimisiún Aontas na Scileanna chun feabhas a chur ar an rochtain ar oiliúint, conairí gairme a threisiú, agus an fhoghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn. Beifear ag díriú ar acmhainneacht a thógáil in earnálacha atá ag fás go tapa: teicneolaíochtaí digiteacha, an ardmhonaraíocht, an fuinneamh glan agus an bhith-theicneolaíocht, cuir i gcás. I moladh ón gComhairle in 2026, ghríosaigh sí na Ballstáit le tús áite a thabhairt do scileanna agus don oideachas, go háirithe i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireacht agus na matamaitice (ETIM), atá ríthábhachtach do theacht aniar eacnamaíoch na hEorpa.
An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan
Páirt na hÉireann in iomaíochas an Aontais Eorpaigh
Glacann Éire páirt ríthábhachtach i gcur chun cinn iomaíochas an Aontais agus í ag baint leas as a buanna féin: an infheistíocht dhíreach choigríche, an nuálaíocht, agus an tacaíocht le hathchóirithe ar an Margadh Aonair. Tá freagra cuimsitheach curtha ar bun aici ar dhúshláin iomaíochais an lae inniu, agus é dírithe ar neartú a hacmhainne taighde agus ar a tosaíochtaí náisiúnta a ailíniú le cuspóirí ar leibhéal an Aontais.
I mí Mheán Fómhair 2025, d’fhoilsigh an Rialtas an Plean Gníomhaíochta um Iomaíochas agus Táirgiúlacht, mar atá, creat straitéiseach ina bhfuil 85 ghníomhaíocht, 26 bheart tosaíochta ina measc, agus iad dírithe ar iomaíochas fadtéarmach na hÉireann a fheabhsú mar aon lena teacht aniar eacnamaíoch.
Tá an plean dírithe ar shé dhúshlán straitéiseacha a mheastar atá ríthábhachtach le haghaidh iomaíochas na hÉireann amach anseo:
• An taighde, an nuálaíocht agus scileanna a neartú chun borradh a chur faoin táirgiúlacht.
• An oscailteacht idirnáisiúnta a threisiú trí infheistíocht a mhealladh, easpórtálacha a éagsúlú, agus páirt na hÉireann san Aontas a dhaingniú.
• Níos mó fiontair bheaga agus mheánmhéide náisiúnta a mhéadú chun an spleáchas ar ghnólachtaí ilnáisiúnta a laghdú.
• Feabhas a chur ar chúrsaí rialaithe trí ualaí riaracháin agus costais ghnó a laghdú.
• Dlús a chur le soláthar an bhonneagair tithíochta, iompair agus fuinnimh.
• An inbhuanaitheacht agus an fhorbairt réigiúnach chothrom a chur chun cinn.


