Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Gnó a dhéanamh san Aontas Eorpach

Agus margadh inmheánach ann a bhféadfadh 450 milliún tomhaltóir a bheith mar chuid de, tá an tAontas Eorpach ar na margaí is mó ar domhan.

A bhuí leis an Margadh Aonair, tá gnólachtaí na hÉireann, beag bean ar an méid atá iontu, ina gcuid den limistéar trádála dinimiciúil sin de chuid an Aontais a spreagann an fás eacnamaíoch, a chruthaíonn poist agus a fhágann gur fusa gnó a dhéanamh.

Gnólacht beag nó meánmhéide a reáchtáil san Aontas

Is iad na gnólachtaí beaga agus meánmhéide a fhostaíonn 2 as gach 3 oibrí agus a chruthaíonn 85% de na poist nua ar fad san Aontas. Is cuid lárnach de gheilleagar na hEorpa iad agus cuireann an Coimisiún Eorpach eolas, tacaíocht agus foinsí maoinithe ar fáil dóibh chun cuidiú leo fás agus forbairt. Féadfaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide, go háirithe, an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Leas a bhaint as saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí ar fud an Aontais gan aon bhac custaim ná rialála;
  • Brath ar thacaíocht agus ar dhlúthpháirtíocht ón Aontas agus iad ag dul i ngleic le dúshláin ar nós phaindéim COVID-19 agus Brexit;
  • Buntáiste a bhaint as cumhacht chómhargála ollmhór an Aontais, rud a chuireann rochtain ar mhargaí domhanda ar fáil dóibh trí chomhaontuithe trádála a shocraítear le tíortha agus le réigiúin eile trí idirbheartaíocht.

Maoiniú ón Aontas agus tacaíocht airgeadais le haghaidh gnólachtaí

Gach bliain tugann an tAontas Eorpach tacaíocht do bhreis agus 200,000 gnólacht agus fiontraí trí iasachtaí gnó, micreamhaoiniú, ráthaíochtaí agus caipiteal fiontair. Is iondúil gurb iad na hinstitiúidí airgeadais áitiúla – bainc, caipitlithe fiontair nó aingil ghnó, mar shampla – a dhéanann an cinneadh chun tuilleadh maoinithe ón Aontas Eorpach a sholáthar.

Tá scéim de chuid na hÉireann dar luach €200 milliún ceadaithe ag an gCoimisiún Eorpach chun tacaíocht a thabhairt do na gnólachtaí a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca ráig an choróinvíris i mí Aibreáin 2020. Agus i bhfianaise an léirscriosta eacnamaíoch agus shóisialta a tharla de bharr na paindéime, tá an Plean Téarnaimh don Eoraip seolta ag an Aontas Eorpach chun cuidiú leis na geilleagair, na gnólachtaí agus na saoránaigh teacht aniar. Soláthróidh sé sin tacaíocht bhreise agus deiseanna maoinithe le haghaidh lucht gnó na hÉireann, go háirithe in earnáil na talmhaíochta.

Plean náisiúnta na hÉireann um Théarnamh agus Athléimneacht

Faisnéis maidir le cistí ón Aontas agus nósanna imeachta le haghaidh gnólachtaí

Cistiú gnó atá le fáil le haghaidh na hÉireann

Tionscnaimh in Éirinn atá á maoiniú ag an Aontas

Faisnéis faoi ghnó agus líonraí tacaíochta

An Eoraip Agatsa – Gnólacht

Réimse iomlán faisnéise maidir le gnólacht nó gnólacht nuathionscanta a thosú agus a reáchtáil san Aontas, rialacha agus nósanna imeachta cánachais, acmhainní daonna, ceanglais táirgí, cistiú agus maoiniú, agus gnó a dhéanamh le custaiméirí.

 

An Eoraip Agatsa – Comhairle

Líonra dlíodóirí neamhspleácha a bhfuil cur amach acu ar dhlí an Aontais Eorpaigh agus ar an dlí náisiúnta i ngach Ballstát, a sholáthraíonn an méid seo a leanas:

  • aischothú pearsantaithe saor in aisce i do rogha féin de theangacha an Aontais, faoi cheann seachtaine
  • soiléiriú ar an dlí Eorpach a bhaineann le do chás féin
  • faisnéis maidir leis an dóigh a bhféadfaidh tú do chearta mar shaoránach den Aontas Eorpach a fheidhmiú.

 

SOLVIT

Is minic is deacair dul a chónaí nó i mbun oibre nó gnó i mBallstát eile de bharr rialacha nó cinntí éagóracha agus rómhaorlathas idirdhealaitheach. Dá bhrí sin, má chuirtear bac ortsa mar shaoránach den Aontas nó ar do ghnólacht san Aontas mar nach bhfuil údarás poiblí ag déanamh de réir dhlí an Aontais…féadfaidh SOLVIT cuidiú leat.

 

Erasmus d’Fhiontraithe Óga

Cuidíonn sé le fiontraithe nua Eorpacha scileanna a fhorbairt atá riachtanach chun gnólacht beag a thosú agus/nó a reáchtáil go rathúil san Eoraip, trí oiliúint phraiticiúil agus meantóireacht.

 

An Líonra Fiontar Eorpach (EEN) – Éire

Ag cuidiú le gnólachtaí a bheith ag fás trí chomhpháirtíochtaí nua, deiseanna tráchtála, idirbhearta ceadúnúcháin, agus seirbhís cuardaigh comhpháirtithe taighde agus forbartha a fhaigheann maoiniú ón Aontas. Is d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide a chuirtear na seirbhísí in oiriúint, ach tá siad ar fáil do gach gnólacht, ollscoil agus lárionaid taighde eile.

 

Access2Markets

Tairseach thiomnaithe le haghaidh easpórtálaithe agus iompórtálaithe an Aontais arb ann dóibh nó a d’fhéadfadh a bheith ann chun faisnéis mhionsonraithe a fháil maidir le dleachtanna, cánacha, rialacha i ndáil le táirgí agus ceanglais i leith na mBallstát uile agus i leith breis agus 120 margadh eile ar fud an domhain.

 

An tArdán Comhair do Bhraislí Fiontar Eorpacha

Uirlis meaitseála ar líne chun comhpháirtithe gnó a aimsiú de réir tíre, réigiúin, earnála nó éiceachóras tionsclaíoch. 

 

An fhostaíocht agus gnóthaí sóisialta san Aontas Eorpach

Faisnéis, nuacht agus imeachtaí maidir le straitéis agus beartais an Aontais i leith na fostaíochta; cearta oibrithe, scileanna agus cáilíochtaí, soghluaisteacht, cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta. 

 

Deasc Chabhrach um Maoin Intleachtúil Eorpach

Seirbhís tosaigh i ndáil le maoin intleachtúil a chuireann tacaíocht ar fáil saor in aisce chun cuidiú le fiontair bheaga agus mheánmhéide Eorpacha, agus leo siúd a bhaineann tairbhe as tionscadail taighde a fhaigheann maoiniú ón Aontas, a gcuid maoine intleachtúla a bhainistiú i gcomhthéacs gnó trasnáisiúnta nó chláir thaighde agus nuálaíochta an Aontais.