Skip to main content
Representation in Ireland

AISTRITHEOIRÍ ÓGA, 2021 – RIALACHA AN CHOMÓRTAIS

ROIMH AN gCOMÓRTAS

Comórtas é seo do dhaltaí a raibh na 15 bliana nó níos mó slán acu ar an 1 Meán Fómhair 2020. Beidh cead ag triúr iarrthóirí, ar a mhéad, as gach scoil páirt a ghlacadh sa chomórtas. Beidh teorainn leis an líon scoileanna ar féidir leo páirt a ghlacadh sa chomórtas – uasmhéid 20 scoil i ngach cúige. Cuirfear 10 n-áit i ngach cúige ar leataobh do scoileanna Gaeilge sa Ghaeltacht, do scoileanna Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus do scoileanna eile ina bhfuil sruthanna Gaeilge a bhfuil aitheantas faighte acu ó na húdaráis oideachais chuí. Tabharfar tosaíocht ina dhiaidh sin do na scoileanna is túisce a chláróidh le haghaidh an chomórtais. Ní bheidh buaiteoirí réigiúnacha ná buaiteoir foriomlán na bliana anuraidh incháilithe le páirt a ghlacadh i gcomórtas na bliana seo.

Ní mór clárú don chomórtas roimh dheireadh an lae an 29 Eanáir 2021 trí ríomhphost a chur chuig DGT-GA-AISTRITHEOIRI-OGAatec [dot] europa [dot] eu (DGT-GA-AISTRITHEOIRI-OGA[at]ec[dot]europa[dot]eu (link sends e-mail)). Iarrfar ainmneacha an triúr iarrthóirí a bheidh páirteach sa chomórtas ('na hiarrthóirí'), a ndáta breithe agus a rogha de phéirí teangacha ina dhiaidh sin.

Mar shampla:

Iarrthóir 1: Máirtín Ó Cadhain, 4 Lúnasa 2004
Triail 1: EN-GA*
Triail 2: DE-GA

Iarrthóir 2: Nuala Ní Dhomhnaill, 5 Meitheamh 2004
Triail 1: EN-GA
Triail 2: ES-GA

Iarrthóir 3: Seosamh Mac Grianna, 11 Samhain 2003
Triail 1: EN-GA

Cé gur faoi na scoileanna féin atá sé cúram a dhéanamh de na socruithe praiticiúla, tuigimid go bhfuil cúinsí ar leith ann i mbliana agus go bhfuil dúshláin bhreise le sárú. Dá bhrí sin, tá athrú déanta againn ar na rialacha le freastal ar dhaltaí a bheidh ag obair sa bhaile lá an chomórtais.

SOCRUITHE SPEISIALTA MURA BHFUIL NA DALTAÍ AR SCOIL LÁ AN CHOMÓRTAIS

  • ní mór don mhúinteoir cruinniú ar Zoom/Teams (mar shampla) a eagrú ar an lá agus feitheoireacht a dhéanamh ar na daltaí a bheidh ag glacadh páirt sa chomórtas.
  • beidh uair an chloig ag na daltaí le caitheamh ar an triail aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge, agus uair an chloig go leith acu le caitheamh ar an triail aistriúcháin ó Fhraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Portaingéilis nó Spáinnis go Gaeilge.
  • ní ceadmhach aon uirlis aistriúcháin ar nós Google Translate a úsáid agus tá cosc ar chabhair ó dhaoine eile.
  • beidh ar na daltaí an téacs aistrithe a sheoladh chuig an múinteoir a luaithe is a bheidh an cruinniú thart.
  • ina dhiaidh sin, is iad na gnáthchoinníollacha a bheidh i bhfeidhm (féach LÁ AN CHOMÓRTAIS, NUAIR A BHEIDH NA TRIALACHA THART).

Beidh an méid seo a leanas ag teastáil ag na daltaí le páirt a ghlacadh sa chomórtas sa bhaile:

  • rochtain ar an idirlíon
  • ríomhaire atá in ann comhaid PDF a oscailt
  • má aistríonn na daltaí an téacs le peann, beidh rochtain uathu ar scanóir lenar féidir na haistriúcháin a sheoladh chuig an múinteoir (le seoladh chuig DGT-GA-AISTRITHEOIRI-OGAatec [dot] europa [dot] eu (link sends e-mail) nuair atá siad ar fad bailithe). Mura bhfuil scanóir ar fáil, glacfar le grianghraif den aistriúchán, ach iad a bheith soiléir inléite (NB - d’fhéadfadh sé gur ghá cúpla grianghraf a sheoladh lena chinntiú go mbeidh an méid atá scríofa le léamh go soiléir).
  • má aistríonn na daltaí an téacs ar an ríomhaire, ní bheidh le déanamh ach an doiciméad Word a sheoladh chuig an múinteoir. Mura bhfuil sé indéanta ag an múinteoir comhaid PDF a chruthú, ní mór sin a chur in iúl dúinn roimh ré.

REÁCHTÁIL NA dTRIALACHA AISTRIÚCHÁIN

Is ar an 4 Márta 2021 a bheidh an comórtas ar siúl.

Roimh an dáta sin, cuirfear chuig na scoileanna atá cláraithe na "bileoga aistriúcháin" – na bileoga ar a scríobhfaidh na hiarrthóirí a gcuid aistriúchán. Ba cheart do na múinteoirí na bileoga sin a íoslódáil roimh lá an chomórtais féin.  Má tá na daltaí le bheith sa bhaile, beidh na bileoga le seoladh chucu roimh ré.

NB: Dar ndóigh, ní ceadmhach aon uirlis aistriúcháin ar nós Google Translate a úsáid.

Ar 8 r.n., am na hÉireann, maidin lá an chomórtais, seolfaidh Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin ríomhphost chuig na scoileanna. I mbosca ábhair an ríomhphoist beidh an téacs "Comórtas Aistritheoirí Óga 2021". Beidh na téacsanna a bheidh le haistriú i gceangal leis an ríomhphost. Is i bhfoirm leictreonach PDF a bheidh na téacsanna sin.  

Reáchtálfar na trialacha de réir na socruithe ar leith a bheidh déanta ag na scoileanna féin agus i gcomhréir le rialacha an chomórtais.

Níl am ná amanna áirithe den lá leagtha síos le haghaidh an chomórtais féin; fágtar an cinneadh sin faoi na scoileanna féin. Má tá na daltaí sa bhaile, ní mór don mhúinteoir cruinniú ar líne a eagrú. Ní mór na haistriúcháin a sheoladh ar ais chuig Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin, faoi 5 i.n., am na hÉireann, an lá céanna.

Beidh uair an chloig ag na daltaí le caitheamh ar an triail aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge, agus uair an chloig go leith acu le caitheamh ar an triail aistriúcháin ó Fhraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Portaingéilis nó Spáinnis go Gaeilge. "Pobal na hEorpa in aimsir an chóróinvíris" an téama a bheidh sna téacsanna do chomórtas 2021.

Is ceart do na scoileanna gach iarracht a dhéanamh na trialacha a reáchtáil go cóir agus go neamhchlaonta. Ní mór do na hiarrthóirí a gcuid oibre a dhéanamh ina n-aonar – níl cead acu bheith ag obair le chéile ná i bhfoirne, agus tá cosc ar chabhair ó mhúinteoirí agus ar uirlisí aistriúcháin leictreonacha a úsáid.

D'ainneoin nach nglacfar ach le triúr iarrthóirí ó aon scoil ar leith, féadfaidh na scoileanna cead a thabhairt do dhaltaí eile páirt neamhoifigiúil a ghlacadh sa chomórtas; ach ní ceart do na scoileanna na haistriúcháin a dhéanfaidh na daltaí eile sin a chur chuig Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin.

Is féidir na haistriúcháin a dhéanamh ar ríomhaire, nó le peann. Is ceadmhach foclóirí páipéir agus/nó foclóirí leictreonacha a úsáid le linn an chomórtais.

I gcás an aistriúcháin a dhéantar le peann, ní mór scríobh le dúch dubh. Ní mór an scríobh a dhéanamh ar na bileoga aistriúcháin a chuirfidh Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin ar fáil. Caithfidh an scríbhneoireacht a bheith soléite. Cuirfear as an áireamh téacsanna atá doléite agus téacsanna nach bhfuil scríofa ar na bileoga aistriúcháin a cuireadh ar fáil.

I gcás an aistriúcháin ar ríomhaire, ní mór sin a dhéanamh freisin ar na bileoga aistriúcháin a bheidh curtha ar fáil ag Ard Stiúrthóireacht an Aistriúcháin.

Ní ceart do na hiarrthóirí an t-aistriúchán a scríobh i gceannlitreacha arae caithfidh na marcálaithe a bheith in ann a dhéanamh amach an dtuigeann na hiarrthóirí ceartúsáid ceannlitreacha.

LÁ AN CHOMÓRTAIS, NUAIR A BHEIDH NA TRIALACHA THART

Ní mór an méid seo a dhéanamh:

  • na haistriúcháin a dhéantar le peann a scanadh agus a shábháil mar chomhaid PDF atá soléite agus ar ardchaighdeán (bíodh gach aistriúchán i gcomhad ar leith nach mó ná 3MB – más mó ná sin an comhad bain triail as scan dubh agus bán seachas scan daite). Féach thuas áfach na coinníollacha a bheidh i bhfeidhm má bhíonn na daltaí sa bhaile ar an lá;
  • na haistriúcháin a dhéantar ar ríomhaire a shábháil mar chomhaid PDF. Féach thuas áfach na coinníollacha a bheidh i bhfeidhm má bhíonn na daltaí sa bhaile ar an lá; agus
  • na haistriúcháin a sheoladh chuig DGT-GA-AISTRITHEOIRI-OGAatec [dot] europa [dot] eu (DGT-GA-AISTRITHEOIRI-OGA[at]ec[dot]europa[dot]eu (link sends e-mail)), faoi 5 i.n., am na hÉireann, an lá céanna.

Má tharlaíonn fadhb theicniúil nach féidir leis an scoil a réiteach, déan teagmháil linn ag an seoladh ríomhphoist thuas. Ar lá an chomórtais, beidh duine d'fhoireann Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin ar fáil le ceisteanna a fhreagairt, a oiread agus is féidir, agus tabharfaidh an duine sin comhairle trí ríomhphost.

MEASÚNÚ NA nAISTRIÚCHÁN

Aistritheoirí i Roinn na Gaeilge in Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh a dhéanfaidh measúnú ar na haistriúcháin agus a roghnóidh na buaiteoirí. Sannfar uimhir chlárúcháin do gach dalta roimh ré, agus is í an uimhir sin, seachas a n-ainm féin, a chuirfidh an dalta ar na bileoga aistriúcháin. Ní bheidh ainm an dalta ná ainm na scoile ar eolas ag na marcálaithe agus iad ag ceartú na n-aistriúchán dá bhrí sin. Cinntítear oibiachtúlacht an phróisis measúnúcháin ar an gcaoi sin.

EOLAS BREISE

Cosaint sonraí pearsanta

Cinnteoidh Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin go ndéanfar aon sonraí pearsanta a gheofar a chosaint i gcomhréir leis an dlí.
 
Déanfar ainmneacha na scoileanna agus ainmneacha na mbuaiteoirí a fhoilsiú, agus d'fhéadfadh sé freisin go ndéanfaí na haistriúcháin a bhuafaidh a fhoilsiú, nó codanna díobh. D'fhéadfadh sé freisin go ndéanfaí tuairisc sna meáin ar an searmanas bronnta a reáchtálfar i mBaile Átha Cliath i mí Aibreáin 2021.

Lá an chomórtais, ba mhór againn dá gcuirfeadh na scoileanna grianghraif chugainn (chuig DGT-GA-AISTRITHEOIRI-OGAatec [dot] europa [dot] eu (DGT-GA-AISTRITHEOIRI-OGA[at]ec[dot]europa[dot]eu (link sends e-mail))) de na daltaí i mbun na dtrialacha, agus ainmneacha na ndaltaí sna grianghraif a lua chomh maith le hainm na scoile. Ba mhaith le hArd-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin na grianghraif sin a fhoilsiú ar leathanach Facebook Roinn na Gaeilge: https://www.facebook.com/aistritheoir/ (link is external). Níl aon dualgas ar scoileanna an méid sin a dhéanamh, ar ndóigh.

Daltaí atá faoi mhíchumas

Níl cead ag scoileanna idirdhealú a dhéanamh i leith daltaí atá faoi mhíchumas. Tuigeann lucht eagraithe an chomórtais go mb’fhéidir gur ghá bearta speisialta a dhéanamh le go bhféadfadh daltaí atá faoi mhíchumas páirt a ghlacadh sa chomórtas ar bhonn cóir cothrom leis na hiarrthóirí eile. Más léir go sáródh na bearta speisialta na rialacha thuas (e.g. am breise a thabhairt do dhalta atá faoi mhíchumas), is ceart teagmháil a dhéanamh linn (ag DGT-GA-AISTRITHEOIRI-OGAatec [dot] europa [dot] eu (DGT-GA-AISTRITHEOIRI-OGA[at]ec[dot]europa[dot]eu (link sends e-mail))) roimh ré, agus cur síos a dhéanamh ar an gcineál míchumais agus ar na socruithe atá beartaithe ionas go mbeimid in ann na socruithe sin a údarú roimh an gcomórtas.

Cé air a bhfuil cúram shocruithe praiticiúla na dtrialacha?

Na socruithe praiticiúla uile le haghaidh na dtrialacha a bheidh le réiteach ar an láthair lá an chomórtais, is iad na scoileanna a thabharfaidh aire dóibh. Orthu sin tá:

  • na hiarrthóirí a chruinniú le chéile san ionad trialacha nó cruinniú ar líne a eagrú más cuí;
  • na téacsanna foinseacha agus na bileoga aistriúcháin a chur ar fáil do na hiarrthóirí;
  • deimhin a dhéanamh de go dtabharfaidh na hiarrthóirí an t-eolas cuí ar na bileoga aistriúcháin: an uimhir chlárúcháin, an dáta breithe agus an teanga fhoinseach;
  • feitheoireacht a dhéanamh ar na hiarrthóirí le linn na dtrialacha;
  • na haistriúcháin a scanadh agus a sheoladh ar ais, faoi 5 i.n., am na hÉireann, lá an chomórtais (N.B. níor cheart na haistriúcháin ar fad a sheoladh in aon chomhad PDF amháin – ba  cheart gach aistriúchán a sheoladh i gcomhad PDF ar leith).

An bhfuil cead ag na hiarrthóirí foclóirí a úsáid i rith an chomórtais?

Bunuirlis de chuid an aistritheora é an foclóir agus, dá bhrí sin, tá cead ag na hiarrthóirí foclóirí, idir fhoclóirí páipéir agus fhoclóirí leictreonacha, a úsáid i rith an chomórtais. Is ceadmhach foclóirí aonteangacha agus foclóirí dátheangacha a úsáid. Ní ceadmhach, áfach, aon uirlisí aistriúcháin leictreonacha a úsáid.
 
Cé a dhéanfaidh measúnú ar na haistriúcháin?

Déanfaidh painéal d'aistritheoirí agus d'athbhreithneoirí gairmiúla in Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin measúnú ar gach aistriúchán.

Beidh obair agus plé an phainéil faoi rún. Ní eiseofar marcanna iarrthóirí aonair.
Cuirfear teastas rannpháirtíochta chuig gach iarrthóir.
 
Is cinntí críochnaitheacha iad cinntí an phainéil agus na moltóirí.

Cé na critéir a úsáidfear sa mheasúnú?

Agus iad ag meas na n-aistriúchán, úsáidfidh an painéal critéir atá ar aon dul, a bheag nó a mhór, leis na critéir a úsáidtear i leith aistriúcháin a dhéantar in Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin féin, mar atá:

  • brí an bhuntéacs a aistriú go cruinn;
  • an Ghaeilge a scríobh go cruinn (an litriú, an chomhréir agus an ghramadach etc.);
  • an téacs Gaeilge a scríobh i stíl líofa shothuigthe; agus
  • seifteanna cruthaitheacha a úsáid, de réir mar is gá, le réiteach a fháil ar dheacrachtaí san  aistriúchán.

Féadfaidh an painéal aon aistriúchán a chur as an áireamh má mheasann siad nach ndearnadh an t aistriúchán sin faoi dhálaí a bhí cóir agus neamhchlaonta.

Fógairt na mbuaiteoirí

Fógrófar liosta na mbuaiteoirí ag deireadh mhí an Mhárta 2021.

Nóta

Féach thíos na téacsanna a bhí le haistriú i gcomórtas na bliana anuraidh (téama: an comhshaol):

* Beidh an deis ag na hiarrthóirí aistriúchán a dhéanamh go Gaeilge (GA) ó na teangacha seo a leanas: Béarla (EN), Fraincis (FR), Gearmáinis (DE), Iodáilis (IT), Portaingéilis (PT) agus Spáinnis (ES). Beidh sé de rogha ag gach iarrthóir triail aistriúcháin amháin nó dhá thriail a dhéanamh, i.e. aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge agus aistriúchán ó cibé ceann is rogha leo de na 5 theanga eile (i.e. a rogha teanga seachas an Béarla), go Gaeilge.