Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Tithíocht inacmhainne d’Éirinn agus don Eoraip

  • 8 Meitheamh 2026

An Plean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne

Tá níos mó i gceist le háit chónaithe ná ceithre bhalla agus díon. Tá sábháilteacht agus compord i gceist leis, áit le haghaidh an teaghlaigh agus le haghaidh cairde. An áit lena mbainimid.

Ursula von der Leyen, ina hAitheasc ar Staid an Aontais 2025

Tá an plean bunaithe ar na ceithre cholún seo a leanas, agus leagtar amach deich bpríomhréimse gníomhaíochta ina mbeidh tacaíocht ón Aontas ina chabhair chun an ghéarchéim a mhaolú.

Borradh a chur faoin soláthar tithíochta: Beidh an obair i dtaca leis an gcolún seo dírithe ar bhacainní a bhaint, dlús a chur leis an obair tógála agus athchóirithe, agus tógáil na dtithe a theastaíonn a dhéanamh níos éasca, tríd an Straitéis Eorpach um Thógáil Tithíochta agus ar bhealaí eile. 

  • Gníomhaíocht 1: An earnáil tógála a neartú. Cuirfidh an Coimisiún nuálaíocht, scileanna agus gníomhaíocht trasteorann chun cinn chun acmhainneacht a mhéadú, costais a laghdú agus freastal ar an éileamh ar thithíocht.
  • Gníomhaíocht 2: An rómhaorlathas a laghdú. Oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit chun próisis cheadaithe agus phleanála a shimpliú, an t-aistriú digiteach a chur chun cinn agus ualaí riaracháin a laghdú.
  • Gníomhaíocht 3: An inacmhainneacht, an inbhuanaitheacht agus caighdeán na tithíochta a thabhairt le chéile. Tacóidh an plean le hoibreacha athchóirithe, leis an éifeachtúlacht fuinnimh agus le tithe a bheidh in ann don athrú aeráide agus a bheidh inacmhainne le tógáil agus le maireachtáil iontu.

Infheistíocht a shlógadh: Gheofar breis infheistíochta, idir phoiblí agus phríobháideach, leis an gcolún seo chun tacú le tithíocht inbhuanaithe inacmhainne.

  • Gníomhaíocht 4: Ardán Infheistíochta Uile-Eorpach a oscailt. Oibreoidh an Coimisiún leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, le bainc náisiúnta agus réigiúnacha le haghaidh spreagadh, agus le hinstitiúidí airgeadais eile chun níos mó airgid idir phoiblí agus phríobháideach a chur ar fáil don tithíocht inbhuanaithe inacmhainne.
  • Gníomhaíocht 5: Na rialacha maidir le státchabhair a shimpliú. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na rialacha maidir le státchabhair le go mbeidh na húdaráis phoiblí in ann tacaíocht níos gasta a thabhairt do thithíocht shóisialta agus inacmhainne gan rómhaorlathas.

Tacaíocht láithreach a bheith ar fáil agus na leasuithe á gcur chun cinn: Déanfaidh an Coimisiún beart go gasta sna háiteanna is géire brú tithíochta, agus é ag cur leasuithe fairsinge chun cinn an tráth céanna.

  • Gníomhaíocht 6: Dul i ngleic le lóistíní gearrthéarmacha i gceantair atá faoi bhrú tithíochta. Molfaidh an Coimisiún rialacha AE chun cuidiú le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha dul i ngleic le tionchar an lóistín ghearrthéarmaigh ar inacmhainneacht na tithíochta, go háirithe in áiteanna atá faoi bhrú.
  • Gníomhaíocht 7: Aghaidh a thabhairt ar an amhantraíocht sa mhargadh tithíochta. Scrúdóidh an Coimisiún iompar amhantraíochta agus cuirfidh sé feabhas ar an trédhearcacht sa mhargadh cónaithe.
  • Gníomhaíocht 8: Leasuithe struchtúracha a thiomáint. Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus iad i mbun leasuithe ar chúrsaí pleanála, tithíochta sóisialta agus cánach ar son córais tithíochta a bheidh níos simplí agus níos éifeachtaí.

Na daoine is mó atá thíos leis a chosaint: Is ar na grúpaí is mó atá thíos leis an ngéarchéim thithíochta – daoine óga, mic léinn agus daoine gan dídean san áireamh – a dhíreofar na gníomhaíochtaí i dtaca leis an gcolún seo.

  • Gníomhaíocht 9: Cuidiú le daoine óga agus le mic léinn. Tacóidh an Coimisiún le níos mó tithíochta le haghaidh mic léinn agus le roghanna tithíochta eile do dhaoine óga, go háirithe daoine óga ó chúlraí míbhuntáiste.
  • Gníomhaíocht 10: Dul i ngleic leis an easpa dídine. Tacóidh an Coimisiún le tithíocht bhuan de réir an chur chuige ‘tithíocht ar dtús’, agus seirbhísí timchúraim ar fáil in éineacht léi nuair is gá, seachas dul i muinín cóiríocht dhídeanach nó ghearrthéarmach.

Ceisteanna agus freagraí: An Plean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne

An tArdán Infheistíochta Tithíochta uile-Eorpach 

Tacaíocht an Aontais don tithíocht in Éirinn

Leis an bPlean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne leagtar treo nua amach ar leibhéal an Aontais, ach tá cuid de na huirlisí atá le húsáid ann á gcur i bhfeidhm cheana féin in Éirinn, mar shampla, faomhadh státchabhrach, maoiniú le tacaíocht ón Aontas, agus tacaíocht do thionscadail iarfheistithe agus athbheochana.

Tá maoiniú le tacaíocht ón Aontas ag tacú le soláthar tithíochta ar fud na tíre. I mí Dheireadh Fómhair 2025, sheol an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe agus an Banc Eorpach Infheistíochta áis iasachta €400 milliún chun tacú le tithe sóisialta agus inacmhainne a sholáthar. Cuireann an scéim maoiniú fadtéarmach ar ráta seasta ar fáil do Chomhlachtaí Ceadaithe Tithíochta agus d’údaráis áitiúla, rud a chuideoidh le leathadh na tithíochta ar chíos de réir costais agus samhlacha eile tithíochta inacmhainne.

Sampla eile is ea é gur fhaomh an Coimisiún scéim státchabhrach €450 milliún ó Rialtas na hÉireann chun tacú le tógáil árasán i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i nGaillimh, i Luimneach agus i bPort Láirge. Tá an scéim sin ag cuidiú chun bearnaí inmharthanachta a shárú i gceantair uirbeacha inar deacair tabhairt faoi fhorbairtí nua mar gheall ar chostais arda tógála.

Tá tionscadail a fhaigheann tacaíocht ón Aontas ag déanamh difir i bpobail áitiúla fosta. In Iarthar Chorcaí, mar shampla, bhí infheistíocht le tacaíocht ón Eoraip ina cuidiú chun tithe inacmhainne a chur ar fáil do mhuintir na háite, rud a léiríonn conas is féidir le maoiniú ón Aontas tacú le forbairtí nach bhfuil chomh mór sin.

Tá baint ag an Eoraip le cláir iarfheistithe agus uasghrádaithe fuinnimh baile na hÉireann fosta. Is i dteannta Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus an Chiste Eorpaigh Infheistíochta a forbraíodh an Scéim Iasachta um Uasghrádú ar Fhuinneamh Baile, scéim a chuireann iasachtaí ar chostas íseal ar fáil d’úinéirí tí le haghaidh feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh. Chomh maith leis sin, tá plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta na hÉireann, a fhaigheann tacaíocht ó Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais, ag tacú leis an infheistíocht in uasghráduithe fuinnimh cónaithe a mhéadú agus le feidhmíocht fuinnimh an stoic tithíochta a fheabhsú. Ina theannta sin, ní fada ná go mbeidh rialacha nua AE i bhfeidhm in Éirinn lena gcuirfear clár comhchuibhithe ar bun le haghaidh lóistín gearrthéarmach. Cuirfidh na rialacha sin le trédhearcacht mhargadh an lóistín ghearrthéarmaigh agus tacóidh siad le húdaráis náisiúnta agus áitiúla bainistíocht a dhéanamh ar an soláthar tithíochta in áiteanna ina mbíonn an t-éileamh turasóireachta ag cur brú ar sholáthar na tithíochta fadtéarmaí ar cíos.

Is léir ó na samplaí sin ar fad gur féidir le huirlisí AE ról tacaíochta praiticiúla a bheith acu in Éirinn, cé go mbeidh an tithíocht fós faoi phríomhfhreagracht na n-údarás náisiúnta agus áitiúil.

An Gníomh Tithíochta agus maoiniú ón Aontas

Pointe tosaigh atá sa Phlean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne chun dul i ngleic leis an ngéarchéim. Anois tá an Coimisiún ag ullmhú an Ghnímh um Thithíocht Inacmhainne agus tá sé i gceist aige é a chur i láthair in 2026. Agus an Gníomh á cheapadh, reáchtáil an Coimisiún ceardlanna agus sheol sé comhairliúchán spriocdhírithe le saoránaigh, le húdaráis phoiblí, le páirtithe leasmhara agus leis an saol acadúil chun tuairimí a bhailiú maidir leis an mbealach is fearr le hinacmhainneacht na tithíochta a chosaint agus a chur chun cinn sna ceantair is mó atá thíos leis an ngéarchéim. 

Nuair a chuirfidh an Coimisiún an Gníomh i láthair, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú air sular féidir é a ghlacadh. Cuirfidh an Gníomh críochnaitheach uirlisí ar fáil d’údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla chun an brú tithíochta a mhaolú ina dtimpeallacht áitiúil féin. 

Tá maoiniú ón Aontas ag cuidiú cheana féin chun tithíocht a dhéanamh níos inacmhainne. Trí NextGenerationEU, ionstraim shealadach téarnaimh an Aontais, agus go háirithe tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, tá an tAontas ag tacú le hinfheistíochtaí agus leasuithe tithíochta ar fud an Aontais. Infheistíodh €18.1 billiún sa tithíocht agus meastar gur 1.5 milliún teaghlach a bhfuil cúinsí maireachtála níos fearr acu dá bharr. Cuirtear an tacaíocht sin ar fáil le haghaidh athchóirithe, éifeachtúlacht fuinnimh, tithíocht shóisialta agus bearta eile lenar féidir costais na dteaghlach a laghdú agus feabhas a chur ar chaighdeán an stoic tithíochta san am céanna. 

An Gníomh um Thithíocht Inacmhainne 

Tacaíocht don tithíocht inacmhainne faoi NextGenEU