Tá sainordú ag Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn i dtaca leis an méid seo a leanas:
- Tacaíocht a thabhairt don Uachtarán agus don Choimisiún ina iomláine ina n-idirgníomhaíochtaí le hÉirinn
- Buan-idirphlé polaitiúil a chur chun cinn leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, parlaimintí, comhpháirtithe sóisialta, páirtithe leasmhara eile, an lucht acadúil agus an tsochaí shibhialta. Is é an Ionadaíocht a ullmhaíonn agus a thacaíonn le cuairteanna Chomhaltaí an Choláiste agus oifigigh shinsearacha de chuid an Choimisiúin agus na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí, de réir mar is iomchuí
- Feidhmiú mar ghuth an Choimisiúin in Éirinn agus cumarsáid a dhéanamh leis na meáin ar na meáin shóisialta maidir leis an Aontas, sin agus teagmháil dhíreach a choinneáil leis na meáin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, mar aon le seirbhísí preasa agus na meán a thairiscint dóibh
- Teagmháil a dhéanamh le saoránaigh, an lucht acadúil, an tsochaí shibhialta, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara eile, agus cumarsáid, idirphlé agus gníomhaíochtaí for-rochtana eile a eagrú maidir le tosaíochtaí agus beartais de chuid an Aontais, i gcomhthéacs na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa san áireamh
- Eolas, anailís agus comhairle i dtaca le hÉirinn a chur ar fáil don Uachtarán agus don Choimisiún maidir le forbairtí polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta in Éirinn d’fhonn ceapadh beartas an Aontais agus an chumarsáid pholaitiúil a threorú
Déanann lárionaid Europe Direct obair na hIonadaíochta a chomhlánú sa mhéid is go gcuireann siad eolas ar fáil agus déanann siad cumarsáid le saoránaigh ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil ar fud an Aontais.
Tá Ionadaíochtaí ag an gCoimisiún i bpríomhchathracha Bhallstáit uile an Aontais, chomh maith le hOifigí Réigiúnacha i mBarcelona, i mBonn, i Marseille, i Milano, i München agus i Wroclaw. Oibríonn siad i ndlúthchomhar le hOifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa sna Ballstáit.
Eolas faoi shuíomh gréasáin na hIonadaíochta
Tríd an suíomh gréasáin tiomnaithe sin, cuireann an Coimisiún Eorpach réimse leathan ábhar ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge. Áirítear leis sin:
- Sonraí maidir le himeachtaí lena mbaineann caidreamh leis an bpobal
- Nuacht agus eolas maidir le príomhbheartais agus príomhchláir de chuid an Aontais, agus an chaoi a gcuirtear na beartais sin chun feidhme in Éirinn
- Rochtain ar an bhfoireann preasa sa tír, cainéil na meán sóisialta, an nuachtlitir agus foláirimh eolais
- Conas teagmháil a dhéanamh leis an Aontas ar an leibhéal áitiúil agus ar leibhéal uile-Aontais
- Naisc chuig eolas úsáideach eile ar leibhéal an Aontais, cuir i gcás tacaíocht do ghnólachtaí, deiseanna maoiniúcháin agus tairisceana agus eolas faoi bheith ag obair agus ag maireachtáil san Aontas.
Naisc ghaolmhara
Imeachtaí de chuid an Aontais in Éirinn
Léigh an nuacht is déanaí faoin Aontas