Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Éire san Aontas Eorpach

Cuireadh tús le ballraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach in 1972 nuair a chaith 83 % de mhuintir na hÉireann vóta i bhfabhar a ballraíochta sna Comhphobail Eorpacha i reifreann a reáchtáladh an 10 Bealtaine.

Ag dul isteach sa Chomhphobal Eorpach

Éire AE50: Mar a bhí agus mar atá

Beidh Éire ag ceiliúradh ballraíocht 50 bliain san Aontas in 2023 agus cé go bhfuil athrú mór tar éis teacht ar an tír le caoga bliain anuas, tá mórchuid de shaoránaigh na tíre ró-óg le cuimhneamh a bheith acu ar Éirinn i rith thús na 1970í.

Seo a leanas roinnt bealaí ar chabhraigh ballraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach le hÉirinn a bheith mar náisiún láidir, cobhsaí agus tuilleadh neamhspleáchais aici.

  • Geilleagar: In 1972, is ar an talmhaíocht a tógadh geilleagar na hÉireann agus bhraith sí go mór ar easpórtálacha chuig an Ríocht Aontaithe. Thug ballraíocht san Aontas rochtain d'fheirmeoirí ar an Margadh Aonair a bhí ní ba bhrabúsaí agus chabhraigh sé le hÉirinn geilleagar a fhorbairt a bhí ní b'ilghnéithí agus eolasbhunaithe le tionscail amhail an chógaisíocht, crua-earraí agus bogearraí ríomhaire agus seirbhísí airgeadais a chabhraigh le fás láidir na holltáirgeachta intíre.
  • Comhionannas: Rinneadh leatrom ar mhná na hÉireann i gcás cúrsaí oibre siar sna 1970í. Glacadh leis go raibh tuarastal ní b'airde ag na fir agus bhí cosc ar mhná pósta a bheith ag obair i bpoist sa tseirbhís phoiblí. Is le reachtaíocht Eorpach maidir le comhionannas san ionad oibre a leagtar síos go bhfuil fir agus mná na hÉireann i dteideal an phá chéanna as an obair chéanna a dhéanamh. Lena chois sin tá cosaint dlí acu i dtaca leis an dóigh a gcaitear leo san ionad oibre agus tá mná agus fir i dteideal saoire máithreachais agus atharthachta freisin.
  • Eisimirce: Le fada an lá tá Éireannaigh ag dul ar imirce agus chuaigh neart daoine ar imirce idir na 1950í agus tús na 1970í. D'imigh an chuid is mó acu ag lorg oibre i dtíortha inár labhraíodh Béarla ach faoi dheireadh na 1970í, tar éis d'Éirinn dul isteach san Aontas, bhí níos mó daoine ag teacht abhaile ná mar a bhí ag dul ar imirce. Ó shin i leith bhí tréimhsí ann le neart eisimirce ach tá tuilleadh deiseanna ann anois do dhaoine atá ag lorg oibre thar lear. Mar shaoránaigh den Aontas, is féidir le hÉireannaigh a bheith ag obair nó staidéar a dhéanamh gan bhac in aon Bhallstát agus glactar lena gcuid cáilíochtaí Éireannacha ar fud an Aontais.
  • An Próiseas Síochána: Bhí an choinbhleacht i dTuaisceart Éireann ag an stad ba mheasa in 1972. Tuairiscíodh gur maraíodh 479 nduine an bhliain sin, agus 249 díobh sin ina sibhialtaigh. Bhí ról suntasach ag an Aontas Eorpach sa Phróiseas Síochána mar atá inniu ann. Thug Parlaimint na hEorpa ardán polaitiúil neodrach do Náisiúnaithe agus d'Aontachtaithe, rud a réitigh an bealach do chláir infheistíochta trasteorann EU PEACE chun tionscadail athmhuintearais uile-Éireann i gcontaetha ar an teorainn a chur ar fáil. Tacaíonn an tAontas go láidir le Comhaontú Bhéal Feirste agus d'éiligh sé nach mbeadh aon teorainn chrua ar oileán na hÉireann, agus caibidlíocht ar siúl maidir le Brexit.
EU flag with quote from John Hume: The European Union is the best example, in the history of the world, of conflict resolution".

 

Tábhacht bhallraíocht an Aontais d'Éirinn

  • Tá rochtain gan bhac ag gnólachtaí na hÉireann ar mhargadh ina bhfuil breis is 447 milliún duine.
  • Is ar bhonn gníomhach a chuireann an tAontas an iliomad cultúr, traidisiún agus teangacha atá san Eoraip chun cinn agus tacaíonn siad leo. Tá stádas iomlán ag an nGaeilge mar theanga oibre mar atá ag aon teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais.
  • Is bagairt dhomhanda é an t-athrú aeráide agus ní féidir leis na náisiúin dul i ngleic leis má tá siad ag gníomhú ina n-aonar. Cuireann beartais an Aontais leis an iarracht dhomhanda dul i ngleic leis an athrú aeráide. Cuidíonn siad freisin le gnáthóga nádúrtha na hÉireann a chosaint, le diúscairt dramhaíola chuí a chinntiú agus lenár n-aer agus uisce a choinneáil glan.
  • Idir 1973 agus 2020, d'infheistigh an Comhbheartas Talmhaíochta €64.7 billiún i dtacú le feirmeoirí na hÉireann agus le tionscadail do phobail tuaithe.
  • In 1973, d'iompórtáil Éire níos mó earraí ná mar a d'easpórtáil sí. Bhí luach €1.4 billiún ar na hiompórtálacha agus €1.1 billiún ar na heaspórtálacha. In 2020, bhí luach €85.3 billiún ar na hiompórtálacha agus breis is €160 billiún ar na heaspórtálacha.
  • Is é an tAontas an bloc trádála is tábhachtaí atá ag Éirinn agus téann 40 % de na heaspórtálacha chuig na Ballstáit eile.
  • Tugann ballraíocht an Aontais guth láidir domhanda d’Éirinn. Léirítear i mbeartais an Aontais tuairimí agus leasanna na hÉireann maidir leis an gcuid eile den domhan.
  • Tá rialú níos mó ag Éirinn ar airgeadra na tíre mar gheall ar a ballraíocht san Aontas. Bhí punt na hÉireann nasctha le punt steirling na Breataine go dtí gur ghlac Éire ballraíocht sa Chóras Eorpach Airgeadaíochta (CEA) nuair a thosaigh sé in 1979. In 1999 rinneadh airgeadra oifigiúil comhroinnte den euro sna Ballstáit rannpháirteacha, Éire san áireamh, agus tugadh isteach nótaí bainc agus boinn euro in 2002.