Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Tionchar na ballraíochta san Aontas ar Éirinn

Chuaigh Éire isteach san Aontas Eorpach an 1 Eanáir 1973 tar éis reifreann ar thacaigh 83% den lucht vótála leis.

 

An Comhphobal Eacnamaíoch Eorpach (CEE) a thugtaí ar an Aontas an t-am sin, agus níl aon chuimhne ag an gcuid is mó de na daoine atá in Éirinn faoi láthair ar an ócáid stairiúil sin, agus fáth maith leis – ní raibh siad ar an saol go fóill!

Sin an fáth a bhfuil sé tábhachtach smaoineamh faoi bhallraíocht na Éireann san Aontas agus na tionchair dhearfacha ar fad a bhí aige sin, agus atá aige fós, ar an tír.

EU and Irish flags
 

Gan aon amhras, ba é an chéim ba mhó a ghlac an tír ó bhain sí neamhspleáchas amach mar náisiún dul isteach san Aontas. Tá feabhas tagtha ar bheagnach gach uile ghné de shaol na hÉireann – ár modhanna oibre, taistil agus siopadóireachta, cáilíocht an chomhshaoil, ár ndeiseanna foghlama agus an tslí a gceannaíonn agus a ndíolann lucht gnó a gcuid earraí agus seirbhísí.

Faoin am seo, déantar talamh slán de na hathruithe sin de thairbhe iad a bheith ina ndlúthchuid den ghnáthshaol atá againn inniu agus is mór an gar sin. Mar sin de féachaimis ar chuid de na bealaí ar chuidigh beartais, reachtaíocht agus maoiniú an Aontais Eorpaigh le feabhas a chur ar shaol mhuintir na hÉireann.

 

Geilleagar agus Fostaíocht

  • A bhuí le hÉirinn a bheith ina ball den Aontas Eorpach, éascaíodh go mór an t-aistriú ó gheilleagar traidisiúnta a bhí bunaithe ar an talmhaíocht, go geilleagar atá dírithe go mór ar thionscail ardteicneolaíochta agus ar easpórtálacha domhanda.
  • Le linn na tréimhse ó 1973 go dtí 2018 ba ghlanfhaighteoir í Éire de níos mó ná €40 billiún de chistí an Aontais. Is glan-ranníocóir í an tír anois agus ba é €377 milliún meán-ranníocaíocht ghlan na hÉireann ó 2018-2020. Mar sin féin, gheobhaidh Éire tuairim agus €915 mhilliún de dheontais ó chiste téarnaimh COVID an Aontais go dtí deireadh 2022 agus meastar gur fiú os cionn €30 billiún na tairbhí a bhaineann le bheith mar chuid den Mhargadh Aonair.
  • Is chuig an Aontas a chuaigh €63,859 milliún (40%) d’easpórtálacha iomlána as Éirinn in 2020, sin méadú €7,211 milliún (+13%) ar 2019.
  • Faoi mar a tharla le linn na géarchéime in 2010, tá fás eacnamaíoch na hÉireann leochaileach ar an suaitheadh eacnamaíoch ar fud an domhain, ach ós rud é gur Ballstát í Éire, bhí sin ina chúnamh di chun téarnaimh, agus is fearr an chosaint atá ag geilleagar na hÉireann ar thurraingí airgeadais a bheidh ann amach anseo.
  • Tugadh isteach an Seimeastar Eorpach bliantúil mar fhreagairt ar an ngéarchéim eacnamaíoch dhomhanda, agus trí sin, déantar comhordú ar bheartais eacnamaíocha leis na Ballstáit eile chun aimhrialtachtaí a bhféadfadh tobchlistí airgeadais a bheith mar thoradh orthu a sheachaint, mar shampla boilgeoga maoine cosúil leis an gceann a bhí ina ghné shuntasach den ghéarchéim airgeadais in Éirinn.
  • Cuidíonn rochtain ar an Margadh Aonair chun poist a chruthú mar go bhfuil sé níos éasca agus níos saoire do lucht easpórtála na hÉireann a n-earraí a dhíol ar mhargaí domhanda brabúsacha, mar shampla Ceanada, an tSeapáin, an Chóiré Theas agus Singeapór a bhuí le comhaontuithe idirnáisiúnta trádála an Aontais.
  • Toisc gur saoránaigh den Aontas sinn is féidir le muintir na hÉireann dul chun cónaithe nó ag obair in aon Bhallstát eile, rud a fhágann go bhfuil go leor deiseanna agus roghanna fostaíochta ann d'oibrithe na hÉireann.
  • Caitear go cothrom le saoránaigh na hÉireann agus iad ag teacht ar obair i dtíortha eile an Aontais Eorpaigh nó i dtaca le dálaí oibre agus le gach leas sóisialta nó cánach eile.
  • Tá feabhas curtha ar chearta oibrithe in Éirinn le rialacháin de chuid an Aontais Eorpaigh ina bhfuil bearta lena gcuirtear feabhas ar uaireanta oibre, dálaí oibre agus conarthaí.
  • Is féidir le hiarrthóirí poist as Éirinn CV a uaslódáil go Europass chun inniúlachtaí agus cáilíochtaí a chur in iúl go héasca san Eoraip nuair a chuirtear isteach ar chláir oideachais nó oiliúna nó ar mhaithe le hobair a fháil i mBallstát eile.
  • Is le reachtaíocht Eorpach maidir le comhionannas inscne san ionad oibre a leagtar síos go bhfuil fir agus mná na hÉireann i dteideal an phá chéanna as an obair chéanna a dhéanamh. Lena chois sin tá cosaint dlí acu i dtaca leis an dóigh a gcaitear leo san ionad oibre agus tá an bheirt tuismitheoirí i dteideal saoire máithreachais agus atharthachta freisin.
  • A bhuí le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh is mó rochtain atá ag na mná ar mhargadh an tsaothair, mar chuir an reachtaíocht chéanna deireadh leis an gcosc ar mhná pósta bheith ag obair i bpoist sa tseirbhís phoiblí in 1973.

An Seimeastar Eorpach

Europass

Oideachas agus Oiliúint

  • Chuidigh maoiniú ón Aontas le feabhas a chur ar chaighdeáin oideachais in Éirinn agus le deiseanna maithe staidéir a chruthú trí Erasmus+, clár an Aontais um staidéar agus obair thar lear.
  • In 2020 ghlac 9,236 rannpháirtí san iomlán páirt in 179 dtionscadal Erasmus+ in Éirinn, agus bhain siad tairbhe as soghluaisteacht san ardoideachas, sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint, san oideachas scoile, san oideachas aosach agus in earnáil na hóige, deontas arbh fhiú €21.3 milliún é san iomlán.
  • Cuireadh maoiniú de nach mór €170 milliún ar fáil le aghaidh Erasmus+ d'Éirinn don tréimhse 2014-2020. Cuirtear maoiniú ar fáil do gach cineál oideachais, bíodh sé foirmiúil nó neamhfhoirmiúil. Cuimsíonn sé sin scoileanna, eagraíochtaí don óige, grúpaí don oideachas aosach agus eagraíochtaí gairme. Tá buiséad €26.2 billiún ag an gclár Erasmus+ don tréimhse 2021-2027 don Eoraip uile.
  • Is féidir le mic léinn Erasmus+ ar saoránaigh den Aontas iad agus atá os cionn 18 mbliana d’aois iarratas a dhéanamh ar phas taistil saor in aisce DiscoverEU a thugann deis dóibh an Eoraip a thaisteal.
  • Le linn na tréimhse idir 1973 agus 2020 fuair Éire breis agus €7 mbilliún ón gCiste Sóisialta Eorpach (CSE), an ionstraim airgeadais atá ag an Aontas chun infheistíocht a dhéanamh i ndaoine. Don tréimhse 2021-2027 cumascadh CSE leis an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (TFAO) agus leis an gClár um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI) le bheith ina CSE+. Is ionann leithdháileadh CSE+ na hÉireann agus €508 milliún.
  • Maidir le saoránaigh na hÉireann a bheartaíonn tréimhse staidéir a dhéanamh thar lear, aithneofar a gcáilíochtaí Éireannacha ar fud an Aontais feasta faoin gCreat Eorpach um Cháilíochtaí.
  • De bharr na mac léinn Erasmus+ a thagann go hÉirinn chun staidéar nó obair a dhéanamh tagann breis is 25,000 cuairteoir chun na tíre, rud a chuireann €14 mhilliún leis an ngeilleagar Éireannach.

Erasmus +

Erasmus+ in Éirinn

An Ciste Sóisialta Eorpach

An Creat Eorpach um Cháilíochtaí

An Talmhaíocht

  • Tugann Comhbheartas Talmhaíochta an Aontais (CBT) tacaíocht d'fheirmeoirí Éireannacha agus d'fhorbairt pobal tuaithe na tíre trí infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail a chuireann feabhas ar dhálaí maireachtála faoin tuath agus a chuidíonn le gnólachtaí faoin tuath a bheith níos iomaíche.
  • Tá CBT 2023-27 ceaptha chun todhchaí inbhuanaithe a chinntiú d’fheirmeoirí, tacaíocht níos spriocdhírithe a chur ar fáil d’fheirmeacha beaga agus deimhin a dhéanamh de go ndéantar limistéir thuaithe a chosaint agus a fhorbairt.
  • Léiríodh i staidéar seachtrach a d'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach in 2019 na bealaí inar chuidigh an Comhbheartas Talmhaíochta astaíochtaí neamh-CO2 ó thalmhaíocht a laghdú faoi bhreis agus 20% cheana féin.
  • Is faoin gComhbheartas Talmhaíochta a fhaigheann feirmeoirí Éireannacha tacaíocht ioncaim. Tá sé d'aidhm leis an maoiniú sin ioncam feirmeoirí a chosaint agus is feirmeoirí atá gníomhach faoi láthair amháin a bhaineann tairbhe as na scéimeanna tacaíochta ioncaim. Moltar go láidir d’fheirmeoirí óga gnó a bhunú tríd an gComhbheartas Talmhaíochta.
  • Le linn na tréimhse ó 2014 go 2020, infheistíodh €10.7 billiún in earnáil feirmeoireachta agus i gceantair tuaithe na hÉireann tríd an gComhbheartas Talmhaíochta, agus chuir rialtas na hÉireann maoiniú breise leis sin. Coinníodh an figiúr sin a bheag nó a mhór don tréimhse 2023-27, agus rinneadh thart ar 60% a leithdháileadh ar thacaíocht ioncaim dhíreach agus 40% ar bhearta forbartha tuaithe.
  • Tá buiséad de bhreis agus €5.6 billiún ag Clár Forbartha Tuaithe na hÉireann 2014-2022, clár atá á chómhaoiniú ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ag an Státchiste náisiúnta.
  • Tá rialacha diana ag an Aontas Eorpach maidir le sábháilteacht bhia an duine agus bia na n-ainmhithe agus a bhuí le reachtaíocht an Aontais, is féidir le tomhaltóirí fáil amach go héasca cén áit as a dtagann an bia a cheannaíonn siad agus cé na comhábhair atá ann.
  • Chun cothromaíocht shlabhra an tsoláthair bia in Éirinn a fheabhsú, tugann ionstraimí an Aontais Eorpaigh (trí Eagraíochtaí Táirgeoirí mar shampla) cúnamh d'fheirmeoirí iad féin a eagrú agus feabhas a chur ar mhargaíocht a gcuid táirgí.
  • A bhuí leis an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, tá córais bhia cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol. Leagtar síos ann spriocanna nithiúla a laghdaíonn úsáid lotnaidicídí agus leasachán, a mhéadaíonn an talamh a úsáidtear le haghaidh feirmeoireacht orgánach agus a laghdaíonn ábhair fhrithmhiocróbacha a úsáidtear le haghaidh ainmhithe saothraithe.

An Comhbheartas Talmhaíochta

Úsáid inbhuanaithe talún (glasú)

Tacaíocht ioncaim d’fheirmeoirí

An Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’

Forbairt Tuaithe

An Comhshaol

  • De thairbhe gur ball den Aontas Eorpach í Éire, is féidir léi gníomhú i gcomhar le Ballstáit eile chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Is é an Comhaontú Glas don Eoraip an straitéis fhadtéarmach atá ag an Aontas chun daoine, ainmhithe agus plandaí a chosaint le príomhbheartais agus comhspriocanna arb é is aidhm dóibh laghduithe uaillmhianacha ar astaíochtaí a bhaint amach agus comhshaol nádúrtha na hEorpa a chaomhnú.
  • Cloíonn reachtaíocht na hÉireann le beartais an Aontais Eorpaigh. Is beartais iad sin a chosnaíonn gnáthóga nádúrtha, a choimeádann an t-aer agus an t-uisce glan agus a chinntíonn ceart-diúscairt dramhaíola agus cabhraíonn an Coimisiún Eorpach leis na Ballstáit dlí comhshaoil an Aontais a chur i bhfeidhm i gceart.
  • Cuidíonn Ciste an Aontais um Aistriú Cóir (CUAC) le pobail aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an aistrithe ghlais don tréimhse 2021-2027. Tá suas le €84.5 milliún leithdháilte ar Éirinn faoin CUAC agus déanfaidh Rialtas na hÉireann é sin a mheaitseáil le hacmhainní Státchiste. Ceantair leochaileacha, mar shampla Lár Tíre agus a cuid oibrithe portaigh nó iarthar an Chláir agus oibrithe guail Ghob na Muine, féadfaidh siad leas a bhaint as tacaíocht struchtúrtha tríd an gciste.
  • D'fhág rialacha an Aontais Eorpaigh go raibh ar Éirinn gníomhú maidir le truailliú uisce, diúscairt dramhaíola, cáilíocht an aeir agus caomhnú na ngnáthóg nádúrtha.
  • Ní sceitear camras amh isteach i Muir Éireann a thuilleadh a bhuí le rialacha an Aontais agus tá fiadhúlra na mara feadh chóstaí na hÉireann ag baint tairbhe as uisce farraige agus tránna atá níos glaine.
  • Chun cloí le beartas an Aontais, tá Plean Gníomhaíochta Aeráide ag Rialtas na hÉireann ina bhfuil gníomhaíochtaí agus amlíne chun astaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú faoina leath faoi 2030 agus glanastaíochtaí nialasacha a bhaint amach tráth nach déanaí ná 2050.
  • Is rud iad tionscadail leasa choitinn an Choimisiúin Eorpaigh a chuirfidh feabhas ar nascacht fuinnimh na hÉireann. San áireamh sna tionscadail sin tá Idirnascaire Ceilteach idir an Fhrainc (La Martyre) agus Éire (Cnoc Rátha, Co. Chorcaí), críochfort agus píblíne gháis cheangail sa tSionainn agus stáisiún cumhachta hidrileictrí i mBéal Átha Gabhann.
  • Bhí ról ríthábhachtach ag an gCoimisiún Eorpach maidir le hÉirinn a spreagadh chun beart a dhéanamh chun gnáthóga portaigh móna na tíre a chosaint.
  • Tá sé d’aidhm ag tionscadal LIFE a bhfuil fad 7 mbliana i gceist leis, Peatlands and People, thart ar 10,000 heicteár de thalamh portaigh na hÉireann a athchóiriú, talamh a bhfuil cumas mór stórála carbóin ann – sin achar atá ar cómhéid le Cathair Átha Cliath a bheag nó a mhór. Tá sé ar cheann de roinnt mórthionscadal a fhaigheann tacaíocht ó chistí an Aontais a athbhunaíonn, a chaomhnaíonn agus a chosnaíonn gnáthóg phortaigh na hÉireann.
  • Faoin Treoir maidir le hUisce Snámha ón Aontas, ní mór d’Éirinn monatóireacht a dhéanamh ar uisce snámha na hÉireann chun a cinntiú go bhfuil sé sábháilte do shnámhaithe.
  • Idir 1992 agus 2020 tugadh cómhaoiniú do 67 dtionscadal LIFE in Éirinn. Tugadh €191 mhilliún san iomlán do na tionscadail sin, agus is é an tAontas Eorpach a chuir breis agus €90 milliún den mhéid sin ar fáil.
  • Leis an Straitéis Bhithéagsúlachta do 2030, téitear i ngleic le príomhchúiseanna chailliúint na bithéagsúlachta, mar shampla úsáid neamh-inbhuanaithe talún, róshaothrú acmhainní nádúrtha, truailliú agus speicis choimhthíocha ionracha.

An Comhaontú Glas don Eoraip

Plean Ghníomhaíochta Aeráide Rialtas na hÉireann

An Clár LIFE

An Ciste um Aistriú Cóir

An Straitéis Bhithéagsúlachta

Taisteal

  • Is féidir le saoránaigh na hÉireann taisteal go dtí aon cheann de Bhallstáit an Aontais agus níl aon víosa de dhíth chuige sin. Lena chois sin tá sé de cheart acu cónaí, obair nó staidéar a dhéanamh in aon Bhallstát eile de chuid an Aontais.
  • Ní ábhar buartha iad rátaí malairte airgeadra nó airgead a athrú nuair a thugtar cuairt ar Bhallstáit ina n-úsáidtear an Euro.
  • Tá sé níos saoire agus níos sábháilte ná riamh taisteal ar fud an domhain a bhuí le dírialú thionscal na n-aerlínte i mBallstáit an Aontais agus le reachtaíocht maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair, reachtaíocht a chuireann srian ar chleachtais neamhiomaíocha agus lena gcuirtear feabhas ar chaighdeáin sábháilteachta.
  • Fágann rialacháin an Aontais gur féidir le paisinéirí aerlíne cúiteamh suas le €600 a fháil as eitiltí a bheith mall, curtha ar ceal nó mar gheall ar ró-áirithintí ar eitilt. Má chailltear do chuid bagáiste nó má dhéantar damáiste dó, tá sé de cheart agat aisíocaíocht suas le €1,220 a fháil.
  • Tugadh isteach rialacha san Aontas a neartaigh cearta do phaisinéirí atá ag taisteal ar thraein, ar long nó ar bhus nó ar chóiste fad-achair.
  • Mar náisiúnach den Aontas, tá tú in ann taisteal faoi shaoirse agus do chat, do mhadra nó do choinín fiú a thabhairt leat má tá pas peata Eorpach aige.
  • Tá cosaint láidir ann do thomhaltóirí nuair a bhíonn siad ag ceannach saoirí pacáiste, réadmhaoin amroinnte nó scéimeanna club saoire, ceannach ar líne san áireamh.
  • Tá eitiltí níos sábháilte de bharr an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta a bheith ann agus mar gheall ar an méadú ar an gcomhar idir na Ballstáit i dtaca le bainistíocht aerthráchta tá siad níos éifeachtúla freisin.
  • Tá deireadh curtha le táillí fánaíochta fón póca ar fud an Aontais agus anois ní mór do sholáthraithe conradh ‘Fánaíocht ar tháillí baile’ a thabhairt do chustaiméirí mar réamhshocrú.
  • Leis an gCárta Eorpach Sláinte (EHIC) is féidir le saoránaigh na hÉireann bunchúram sláinte a fháil agus iad ag taisteal san Aontas Eorpach agus chuig tíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch nó an Eilvéis.

Pas peata Eorpach

Cárta Eorpach Sláinte

‘Fánaíocht ar tháillí baile’

Taisteal a dhéanamh san Aontas

Tomhaltóirí

  • A bhuí le ballraíocht na hÉireann san Aontas, is sábháilte ná riamh do thomhaltóirí na hÉireann earraí agus seirbhísí a cheannach ar fud an Aontais Eorpaigh.
  • Tá sé leagtha síos i rialacha an Aontais go gcaithfear an comhartha comhréireachta ‘CE’ a chur ar a lán catagóirí táirgí. Sin dearbhú ó mhonaróir an táirge gur seiceáladh é de réir bhunchritéir sábháilteachta an Aontais agus go gcomhlíonann sé na ceanglais ábhartha uile.
  • A bhuí le rialacháin de chuid an Aontais, tá an ceart ag gach tomhaltóir san Aontas buneolas soiléir, ceart agus cuimsitheach a fháil ó dhíoltóir sula gceannaíonn siad earraí nó seirbhísí ar líne.
  • Tá rialacha nua ar an mbealach a thugann an ceart do shaoránaigh earraí marthanacha indeisitheacha a fháil. Cinnteoidh siad freisin go mbeidh beagnach gach earra fisiceach ar mhargadh an Aontais níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, níos in-athchúrsáilte agus níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de ar feadh a saolré.
  • Cuireadh cosc san Aontas ar fhógraíocht mhíthreorach agus ar chleachtais éagóracha trádála, amhail teicnící ionsaitheacha díola. Is é a chiallaíonn sin go bhfuil cosc ar chostais fholaithe, ar chleasa, ar éilimh bhréagacha, ar eolas míthreorach agus ar fhógraíocht atá dírithe ar leanaí. Maidir le ‘glas-snasú’, is é sin nuair a thugann cuideachta faisnéis mhíthreorach faoin gcaoi a bhfuil a cuid táirgí eiceabhách, cuirtear cosc air faoi na rialacha nua atá beartaithe.
  • Is furasta do thomhaltóirí Éireannacha fáil amach cén áit as a dtáinig a gcuid bia agus cé na comhábhair atá istigh ann freisin. A bhuí le rialacha an Aontais, ní mór eolas a áireamh ar lipéid gach táirge bia amhail eolas faoi chothú i gcás bia próiseáilte agus mionsonraí faoin áit as ar tháinig feoil neamhphróiseáilte. Lena chois sin, ní mór aird a tharraingt ar ailléirginí amhail cnónna nó bainne ar liosta na gcomhábhar ar an lipéad agus ní mór an lipéad a bheith soléite.
  • Ní mór táirgí cosmaideacha a dhíoltar san Aontas Eorpach a chur faoi mheasúnú sábháilteachta saineolaíoch sula gcuirfear ar an margadh iad. Tá cosc curtha ag reachtaíocht an Aontais freisin ar thástáil ar ainmhithe chun críoch cosmaideach.
  • Chuidigh an tAontas Eorpach le léirscaoileadh an mhargaidh cumarsáide, rud a fhágann go bhfuil rogha níos fearr againn sa lá atá inniu ann de sholáthraithe seirbhísí idirlín agus teileachumarsáide.
  • Déanann an Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí seiceálacha córasacha i mBallstáit éagsúla ag an am céanna chun imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe ar dhlí cosanta an tomhaltóra, go háirithe i dtaca le díoltóirí ar líne.
  • Tá bia agus beatha ainmhithe a dhíoltar san Aontas faoi réir diancheanglais sábháilteachta. Is féidir gníomhú go pras chun tomhaltóirí a chosaint ó tháirgí neamhshábháilte bia tríd an gCóras Mear-rabhaidh um Bia don Duine agus d’Ainmhithe (RASFF).
  • Is córas méar-rabhaidh é córas Safety Gate an Aontais do tháirgí neamhbhia contúirteacha, agus a bhuí leis is féidir earraí contúirteacha a bhaint den mhargadh go tapa.
  • Tá Ardán Réitigh Díospóidí ar Líne ar fáil ar fud an Aontais do thomhaltóirí na hÉireann le go mbeidh ionad amháin teagmhála ar fáil dóibh le díospóidí faoi cheannacháin ar líne a réiteach ó thús deireadh.

Comhartha comhréireachta ‘CE’

An Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí

An Córas Mear-rabhaidh um Bia don Duine agus d’Ainmhithe

Ardán Réitigh Díospóidí ar Líne

Tograí maidir le táirgí inbhuanaithe

Cearta tomhaltóirí agus cosc ar an ‘nglas-snasú’

Taighde agus Nuálaíocht

  • Tá Éire ar cheann de na náisiúin is fearr san Eoraip anois ó thaobh na nualaíochta de, de thairbhe gur ball den Aontas Eorpach í. Chuidigh an méid sin leis na billiúin euro a mhealladh in infheistíocht dhíreach ón gcoigríoch ó ghnólachtaí in earnálacha ardteicneolaíochta, mar shampla, Teicneolaíocht na Faisnéise agus na Cumarsáide, tionscal na Cógaisíochta, na Meáin Dhigiteacha agus na Meáin Shóisialta.
  • Fuair beagnach 2,700 tionscadal a raibh eagraíochtaí Éireannacha bainteach leo maoiniú ó Fís 2020, clár réime an Aontais um thaighde agus um nuálaíocht 2014-2020. Is fiontair bheaga nó mheánmhéide (FBManna) breis agus aon cheathrú (690) de na heagraíochtaí sin.
  • Tá buiséad de €95.5 billiún ag an gclár réime um thaighde agus um nuálaíocht is déanaí, Fís Eorpach.
  • De thairbhe go bhfuil Éire páirteach sa Limistéar Eorpach Taighde, is féidir le taighdeoirí Éireannacha a gcion a dhéanamh don taighde agus don fhorbairt dhomhanda.
  • Foilsíonn an Coimisiún Eorpach an Scórchlár Eorpach Nuálaíochta go bliantúil, agus in 2021 léiríodh gur rangaíodh Éire mar ‘Nuálaí Láidir’, cé go raibh laghdú tagtha ar fheidhmíocht i gcoibhneas leis an Aontas ina iomláine le trí bliana anuas.
  • Bhain taighdeoirí sláinte de chuid na hÉireann tairbhe as beagnach €85 mhilliún ó Fís 2020, rud a sháraigh an sprioc €80 milliún a leagadh síos in 2014, agus le linn 2020 cinntíodh €8.2 milliún le haghaidh 20 tionscadal a bhfuil baint ag rannpháirtithe Éireannacha leo.

Taighde agus nuálaíocht

Fís Eorpach

Fís Eorpach in Éirinn

An Limistéar Eorpach Taighde

Brexit

  • Tá tionchar ar Éirinn ag cinneadh na Ríochta Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil, ach tá lámh ag an Aontas Eorpach i maolú an tionchair sin.
  • Sa Chomhaontú um Tharraingt Siar tá Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann, ar prótacal é chun teorainn chrua a sheachaint ar an oileán agus chun an geilleagar uile-oileáin a chosaint. Is prótacal é atá ina phríomhthosaíocht ag an Aontas ó cuireadh tús leis an gcaibidlíocht faoin gComhaontú um Tharraingt Siar.
  • Is í Éire an tairbhí is mó den Chúlchiste Coigeartaithe Brexit dar luach €5.37 billiún a cruthaíodh chun tacú leis na réigiúin agus na hearnálacha is mó atá thíos le cinneadh na Ríochta Aontaithe an tAontas a fhágáil. I mí na Nollag 2021 ghlac an Coimisiún Eorpach cinneadh €920.4 milliún san iomlán ón gCúlchiste a leithdháileadh ar Éirinn.
  • I mí Feabhra 2020 d’fhormheas an Coimisiún Eorpach scéim infheistíochta €200 milliún le haghaidh próiseáil agus margaíocht táirgí talmhaíochta in Éirinn chun cuidiú leis an earnáil dul in oiriúint d’imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas.
  • Thug an tAontas Eorpach tacaíocht riamh do phróiseas síochána na hÉireann. Na cláir mhaoiniúcháin PEACE, lena dtacaítear leis an tsíocháin agus le hathmhuintearas agus lena gcuirtear dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta chun cinn i dTuaisceart Éireann agus i réigiúin na Teorann in Éirinn, lean na cláir sin ar aghaidh tar éis Brexit tríd an gclár PEACE PLUS €1 bhilliún.

Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann

Cúlchiste Coigeartaithe Brexit

Cláir mhaoiniúcháin PEACE PLUS

COVID-19

  • Nuair a tháinig COVID-19 chun na hEorpa in 2020 chomhordaigh an Coimisiún Eorpach mearfhreagairt choiteann Eorpach ina raibh bearta chun an damáiste eacnamaíoch a bhí á dhéanamh aige in Éirinn agus i mBallstáit uile an Aontais a mhaolú.
  • Baineann Éire tairbhe as pacáiste téarnaimh €1.8 trilliún de chuid an Aontais ina bhfuil buiséad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) fadtéarmach na hEorpa agus an ionstraim téarnaimh shealadach Next Generation EU.
  • Chuir Straitéis an Aontais um Vacsaíní dlús le forbairt, monarú agus cur in úsáid vacsaíní i gcoinne COVID-19 agus tá rochtain ag Éirinn ar roinnt vacsaíní agus ar a dhóthain díobh chun an pobal iomlán a vacsaíniú.
  • Na vacsaíní uile a úsáidtear in Éirinn, tá siad ceadaithe ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus ní údaraítear iad go dtí go léirítear go bhfuil siad slán agus éifeachtach.
  • Tá ról ríthábhachtach ag tionscadail taighde freisin sa chomhrac in aghaidh scaipeadh an choróinvíris agus scaipeadh coróinvíreas eile agus tá tionscadail de chuid na hÉireann i measc na gcéadta tionscadal ar fud an Aontais a bhfuil maoiniú faighte acu chun tástálacha, cóireálacha agus teicneolaíochtaí a bhaineann leis an gcoróinvíreas a fhorbairt.

Creat Airgeadais Ilbhliantúil

Next Generation EU

Straitéis an Aontais Eorpaigh um Vacsaíní

Sochair eile

  • Le himeacht na mblianta, chuir an tAontas tacaíocht airgeadais ar fáil do chuid mhór áiseanna turasóireachta in Éirinn, mar shampla an t-ionad léirithe ag Aillte an Mhothair, an athfhorbairt a rinneadh ar Pháirc Foraoise agus Áineasa Loch Cé, agus ionad monaraíochta criostail agus ionad cuairteoirí a bhunú ar iarshuíomh Waterford Crystal nuair a dúnadh é.
  • Chuir an tAontas maoiniú ar fáil freisin le haghaidh mórthionscadail infreastruchtúir ar nós mórbhóthar idirchathrach, M4/M6 ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh agus M9 ó Cill Chuillinn go Port Láirge, Tollán Chalafoirt Bhaile Átha Cliath, M50 agus an DART san áireamh.
  • Chuir an tAontas maoiniú €82.5 milliún ar fáil trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) chun Líne Dhearg an Luais i mBaile Átha Cliath a fhorbairt.
  • Chuir an Banc Eorpach Infheistíochta €150 milliún ar fáil chun tacú le hobair tógála ar an síneadh 5.6km le Líne Ghlas an Luais. Chuidigh an banc freisin le hinfheistíocht i roinnt mórthionscadal bonneagair in Éirinn.
  • Tá athfhorbairt Chalafort Chorcaí cómhaoinithe ag an Aontas mar thionscadal de chuid an Ghréasáin tras-Eorpaigh Iompair (TEN-T), gréasán a thacaíonn le tógáil agus le huasghrádú bonneagair thábhachtaigh iompair ar fud an Aontais.
  • Cuireadh feabhas ar lár bailte ar fud na hÉireann, lár Bhaile Áth Luain agus lár an Mhuillin Chearr san áireamh. Leithdháileadh €1.5 milliún an ceann don dá bhaile sin ó Shainchiste Uirbeach an Aontais.
  • Mar gheall ar an mBarántas Gabhála Eorpach (EAW) ní féidir le coirpigh Éireannacha an dlí a sheachaint a thuilleadh trí theitheadh go Ballstát eile den Aontas Eorpach.
  • Thug ballraíocht san Aontas Eorpach cosaint don Ghaeilge agus chuidigh sí chun í a chur chun cinn. Tá stádas iomlán oibre ag an nGaeilge san Aontas, díreach cosúil le teangacha oifigiúla eile an Aontais.
  • Faoi fhómhar 2024, is é port luchtúcháin uilíoch USB Cineál-C a bheidh in úsáid gach fón póca, táibléad agus ceamara san Aontas, rud a chuirfidh deireadh leis an ngá le cáblaí luchtaithe iomadúla a bheith ann le haghaidh gléasanna ar leithligh.

 

Scéalta an Aontais – cur síos ar chuid de na bealaí ar bhain Éire tairbhe as ballraíocht san Aontas